‘An rud is measa ná droch-Bhéarla a aistriú go droch-Ghaeilge’

Tarraingíodh aird i dTeach Laighean le déanaí ar an gcineál Gaeilge a úsáidtear sa saol poiblí

‘An rud is measa ná droch-Bhéarla a aistriú go droch-Ghaeilge’

Deir iar-aire Gaeltachta gur gá plé a dhéanamh ar an gcineál Gaeilge a úsáidtear le haghaidh gnó oifigiúil.

Ba ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais a tharraing an t-iar-aire Éamon Ó Cuív aird ar nós a deir sé atá sa saol poiblí “droch-Bhéarla a aistriú go droch-Ghaeilge”.

Agus plé á dhéanamh ar an bplean go gcuirfí scrúdú Gaeilge ar iarrthóirí I dtoghchán Bhord Údarás na Gaeltachta, dúirt Ó Cuív go mbíonn an claonadh ann “rud a dhéanamh chomh casta agus nach dtuigeann an gnáthphobal é” seachas rud a mhíniú i nGaeilge shothuigthe.

“An rud is measa a gheobhaidh tú riamh ná droch-Bhéarla aistrithe go droch-Ghaeilge – má tá sé dothuigthe i mBéarla, tá sé seacht n-oiread níos dothuigthe i nGaeilge – seachas an bhrí a thabhairt leat agus é a chur i gcaint an phobail,” arsa Éamon Ó Cuív.

Dúirt sé go raibh ionadaithe poiblí agus daoine eile sa státchóras “ann chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal” agus gur chóir iarracht a dhéanamh an béarlagair a sheachaint.

D’aontaigh sé le hiarchathaoirleach Bhord an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, a dúirt ag an gcruinniú an tseachtain seo caite go raibh gá le scrúdú Gaeilge a chur ar iarrthóirí toghchán lena chinntiú go mbeidh dóthain Gaeilge acu le “cinntí tábhachtacha” a dhéanamh.

Tá ceist an scrúdaithe d’iarrthóirí ar cheann de na hábhair chainte is mó go dtí seo ag an tsraith cruinnithe atá á n-eagrú i dTeach Laighean chun scagadh a dhéanamh ar an mbille a thabharfaidh ar ais toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta.

Dúirt Ó Cuív go raibh sé “fíorthábhachtach” go mbeadh Gaeilge “iontach maith” ag aon duine a bheadh ar Bhord an Údaráis ach go raibh gá le plé a dhéanamh freisin ar an gcineál teanga a bhíonn á húsáid sa státchóras.

“Is dóigh liom go gcaithfidh muid go leor plé a dhéanamh ar an gceist seo. Tá mé 100% cinnte go gcaithfidh caighdeán a bheith ann, ach níor mhaith liom daoine a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu a ghlasáil amach as an gcóras seo mar nach bhfuil béarlagair, atá sách deacair in amanta, acu.

“Is daoine muid le cumarsáid a dhéanamh. Sin an gnó atá againn. B’fhéidir go bhfuil jab agus plé le déanamh ar an gcineál teanga a úsáideann muid i gcáipéisí. Creidim go bhfuil agus ní bhaineann seo leis an nGaeilge amháin, baineann sé le Béarla freisin.”

Dúirt Anna Ní Ghallachair, ar iarstiúrthóir í ar Ionad na dTeangacha in Ollscoil Mhá Nuad freisin, go mbíonn feachtais ar bun i dtíortha éagsúla d’fhonn tabhairt ar dhaoine teanga shoiléir shothuigthe nádúrtha a úsáid.

Dúirt sí go ndéantar iarracht i gcónaí in Údarás na Gaeltachta an cineál sin teanga a úsáid.

“Rinne muid iarracht i gcónaí san Údarás go mbeadh blas na Gaeltachta le fáil ar an nGaeilge a bhí againn, an oiread agus is féidir.

“Ar ndóigh, tá téarmaíocht nach féidir a chumadh, tá téarmaíocht ann a chaithfidh muid glacadh léi ach sin mar a bhí ach tá achan duine ábalta an téarmaíocht sin a thabhairt leo, go díreach le beagán iarrachta a dhéanamh, go háirithe má tá dúshraith mhaith acu sa teanga cheana féin agus iad ag teacht isteach.”

In 2019 rinne Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre iarracht bille a thabhairt isteach a chuirfeadh dualgas ar ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí teanga shoiléir shothuigthe a úsáid i bhfoirmeacha stáit agus cáipéisí oifigiúla.

Bhí cáipéisí Gaeilge san áireamh sa bhille.

Fág freagra ar '‘An rud is measa ná droch-Bhéarla a aistriú go droch-Ghaeilge’'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    In am a dhul ar ais ar an nGaeilge Shimplí (himplee), meas tú?

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘deliverables’

  • Sibéal

    Bíonn 0.5% de dhíospóireachtaí Dháil Éireann i nGaeilge

    Tógtar amach an Teanga Náisúinta mar ornáid rómánsúil sa Dáil le linn 7n na Gaeilge.

    https://tuairisc.ie/0-5-de-dhiospoireachtai-dhail-eireann-i-ngaeilge-99-5-i-mbearla-taighde-nua/

  • Pádraig O'hEipicín

    Cad faoi an droch Gaeilge atá ar Ros na Rún. ???.