Fáilte curtha roimh Bhille a chuirfidh Gaeilge shoiléir shothuigthe chun cinn

Soiléiriú maidir leis an nGaeilge agus an Bille um an Earnáil Phoiblí (Teanga Shoiléir)

Fáilte curtha roimh Bhille a chuirfidh Gaeilge shoiléir shothuigthe chun cinn

Tá an Ghaeilge san áireamh i reachtaíocht nua a bhfuil fúithi dualgas a chur ar ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí teanga shoiléir shothuigthe a úsáid i bhfoirmeacha stáit agus cáipéisí oifigiúla.

Thug urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin, duine de lucht tionscnaimh an Bhille nua, le fios do Tuairisc.ie i dtús na seachtaine seo nach raibh an Ghaeilge san áireamh go fóill sa reachtaíocht, ach dúirt an Seanadóir aréir gur mhíthuiscint a bhí air.

Tá cáipéisí Gaeilge agus Béarla sa leagan den bhille atá foilsithe ó shin ar shuíomh idirlín an Oireachtais agus a bhain an chéad chéim amach i Seanad Éireann an tseachtain seo.

Chuir Éamonn Ó Dónaill, saineolaí teanga agus Stiúrthóir Ghaelchultúr, fáilte roimh an scéala go bhfuil cáipéisí Gaeilge san áireamh sa Bhille nua.

“Tá géarghá le teanga shoiléir i ngach teanga ach measaim go bhfuil a leithéid níos tábhachtaí fós i gcás mionteangacha. An claonadh atá ann sa tír seo ná aistriúchán díreach go Gaeilge a dhéanamh ar dhoiciméid agus ar fhoirmeacha Béarla agus gan soléiteacht a chur san áireamh ar chor ar bith.

“Ní hamháin go mbíonn na cáipéisí sin míchruinn ó thaobh na gramadaí agus an litrithe de ach bíonn téarmaí iontu nach dtuigeann ach sciar beag de phobal na Gaeilge. Bíonn sé deacair an béarlagair a sheachaint uaireanta ach ba cheart go mbeadh sé mar sprioc ag lucht scríofa na gcáipéisí seo é sin a dhéanamh.”

Thug Ó Dónaill sampla den “aistriúchánais” seo a chonaic sé féin i dtuarascáil bhliantúil le gairid.

“‘Freisin, faightear caibidil sa doiciméad um an dul chun cinn a rinneadh faoi gach aon cheann de na cinnteidil seo sa bhliain 2018.’ Míchruinn, mínádúrtha agus amscaí!,” arsa Éamonn Ó Dónaill.

Tá sé mar aidhm ag mBille um an Earnáil Phoiblí (Teanga Shoiléir) an ‘scríobh soiléir’ a chur chun cinn i gcáípéisí stáit lena chinntiú go dtuigeann an uile dhuine iad, go háirithe daoine a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu.

De réir an Bhille is é atá i gceist le scríobh soiléir nó ‘plain writing’ ná scríobh atá soiléir, gonta agus dea-eagar air.

Seachnaíonn an scríobh soiléir, a deirtear, foclóir atá róchasta agus téarmaí teicniúila nach bhfuil gá leo.

Bíonn an scríbhneoir a chleachtann an scríobh soiléir ag smaoineamh ar an ábhar atá faoi chaibidil agus an té a bheidh á léamh, a deirtear.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha roimh Bhille a chuirfidh Gaeilge shoiléir shothuigthe chun cinn'