Bhí toradh an reifrinn seo soiléir fiú sular osclaíodh na boscaí, a bhuí leis na pobalbhreitheanna iarvótála.
Má fhágtar Dún na Gall as an áireamh, tá teachtaireacht nach féidir a shéanadh curtha go Teach Laighean ag na vótóirí: ‘Tá an fhadhb seo á seachaint le fada. Tá sé thar am í a réiteach.”
Tugadh tacaíocht láidir d’aisghairm an Ochtú Leasú i ndáilcheantair cheannairí na bpríomhpháirtithe:
Baile Átha Cliath Thiar (Leo Varadkar, FG): Tá 74%.4
Corcaigh Lár-Theas (Micheál Martin, FF): Tá 69%.
Baile Átha Cliath Láir (Mary Lou McDonald, SF): 77%.
Is i Ros Comáin, b’fhéidir, a léiríodh an t-athrú meoin is mó ón reifreann faoin bpósadh comhghnéis in 2015. Is i Ros Comáin amháin a diúltaíodh don leasú a cheadaigh an pósadh aon inscne trí bliana ó shin (le vóta 51% ina choinne).
Ach inné, vótáil 65% de mhuintir Ros Comáin i bhfabhar aisghairm an Ochtú Leasú. Thug an céatadán céanna tacaíocht don aisghairm i nGaillimh Thiar, agus vótáil 63.8% ina fhabhar i dTiobraid Árann – dáilcheantar Mattie McGrath, duine de phríomhchosantóirí an Ochtú Leasú.
Bhí sampla breá den mhórathrú meoin a léirigh an reifreann sa toradh i nGaillimh Thoir. Vótáil 63% i bhfabhar na haisghairme, in ainneoin go raibh na Teachtaí Dála áitiúla go léir, an tAire Stáit Ciarán Cannon, an t-iarleath-aire Seán Canney agus Anne Rabbitte, ina coinne.
Ní ar Theachtaí Dála amháin atá an milleán ar ndóigh nár tugadh aghaidh ar fhadhb an ghinmhillte roimhe seo. Ní raibh fonn ar mhórán i dTeach Laighean nó lasmuigh de aghaidh a thabhairt ar dhréachtú polasaí faoin nginmhilleadh ó chuir cás X alltacht ar mhuintir na tíre i 1992.
Anois, ní mian lenár bhformhór éisteacht lena thuilleadh scéalta faoi chruachásanna. Tá tugtha le fios ag thart ar dhá thrian den phobal, i measc rudaí eile, go bhfuil muinín acu as polaiteoirí.
Tá súil ag an Aire Sláinte Simon Harris go mbeidh an reachtaíocht a cheadóidh ginmhilleadh i gcásanna teoranta rite faoi dheireadh na bliana. Cheana féin, tá Dara Calleary, Michael McGrath agus cosantóirí eile an Ochtú Leasú i bhFianna Fáil ag tabhairt le fios gur chóir rogha an phobail a chur i bhfeidhm gan mhoill.
Idir an dá linn, tá cúis sásaimh réasúnta ag ceannairí na bpáirtithe go léir a mhol aisghairm, ach is ar Mhicheál Martin agus ar Fhianna Fáil a bheas an saothar is déine maidir le leas a bhaint as.
Pádraig
Bhuaigh an dream a thacaíonn le dúnmharú na leanaí sa bhroinn ach tá cosantóirí fós ag na leanaí sin i sochaí na hEireann mise san áireamh.Tá olc agus maitheas ceart nó mi-cheart dubh agus bán agus i gcás an ghinmhillte de tá sé olc mí-cheart agus dubh agus bán,