An Roinn Oideachais ag obair ar chúrsa nua lán-Ghaeilge a bhunú don mhúinteoireacht iarbhunscoile

Macasamhail na Máistreachta Gairmiúla san Oideachas (MGO) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a bheadh i gceist leis an gcúrsa nua a mbeadh cuid de ar líne

An Roinn Oideachais ag obair ar chúrsa nua lán-Ghaeilge a bhunú don mhúinteoireacht iarbhunscoile

Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais cúrsa nua lán-Ghaeilge a bhunú do chéimithe atá ag iarraidh dul leis an múinteoireacht.

Tá iarratas déanta ag an Roinn ar eolas ó choláistí tríú leibhéal a mbeadh suim acu an cúrsa nua a chur ar fáil. Cúrsa dhá bhliain a bheadh i gceist agus bheadh na mic léinn cáilithe ina múinteoirí iarbhunscoile.

Tá ráite ag an Aire Oideachais Norma Foley gur Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas a bheadh i gceist leis an gcúrsa nua, macasamhail an chúrsa MGO atá á mhúineadh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi láthair. D’fhágfadh sin nár ghá do mhic léinn céim sa mhúinteoireacht a bheith déanta acu mar bhunchéim chun áit ar an gcúrsa iarchéime a bhaint amach.

Cé go bhfuil ganntanas múinteoirí atá ábalta teagasc trí Ghaeilge ann i láthair na huaire, ní fios go fóill cén t-éileamh a bheadh ar an gcúrsa nua.

Agus í ag labhairt ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais i rith an tsamhraidh, dúirt Treasa Kirk, Príomhchigire Cúnta sa Roinn Oideachais agus Ceannasaí ar an Aonad um Oideachas Gaeltachta, go raibh méadú tagtha ar líon na mac léinn a thug faoin MGO in OÉ Gaillimh, ó cuireadh acmhainní breise ar fáil don chúrsa agus go raibh an t-éileamh ar an gcúrsa sin “slán”.

Dá rachfaí ar aghaidh leis an gcúrsa nua, gné nua amháin a bheadh ann, nach bhfuil i gceist leis an MGO in OÉ Gaillimh, ná go bhfuil sé luaite ag an Roinn Oideachais go mbeadh foghlaim chumaisc mar chuid den chúrsa nua, is é sin le rá go ndéanfaí cuid de ar líne.

Tá tuairim ann go bhféadfaí mic léinn in oirthear na tíre nó ó Ghaeltachtaí Thír Chonaill agus na Mumhan, nach mbeadh ablata nó fonn orthu an cúrsa i nGaillimh a dhéanamh, a mhealladh i dtreo an chúrsa nua dá mbeadh siad in ann cuid den fhoghlaim a dhéanamh ar líne.

Tá iarrtha ag an Roinn go gcuirfeadh na páirtithe leasmhara aighneachtaí faoi bhráid na Roinne roimh an 5 Samhain agus go bhféadfaí próiseas tairisceana a chur ar bun sna míonna amach romhainn.

Cuirfidh lucht an Ghaeloideachais fáilte roimh an scéal go bhfuil an Roinn Oideachais ag scrúdú cúrsa nua a bhunú mar aitheantas go bhfuil géarchéim ann le tamall maidir le heaspa múinteoirí oilte chun dul ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

rabhadh faighte ag an Roinn Oideachais óna cigirí féin faoin nganntanas múinteoirí atá cáilithe le bheith ag teagasc i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

Dúradh i dtuarascáil a foilsíodh an mhí seo caite gur ghá don Roinn leanúint dá hiarracht réiteach a fháil ar “cheisteanna a bhaineann le soláthar múinteoirí le hinniúlacht chuí sa Ghaeilge, i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta”.

Tugadh le fios go mbíonn sé deacair múinteoirí iarbhunscoile le “cumas cuí sa Ghaeilge” a earcú d’ábhair áirithe agus go mbíonn gá freisin le forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí a bhíonn ar bheagán Gaeilge.

Dúirt ceannasaí na heagraíochta Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin, gur léirigh an tuarascáil an phráinn a bhaineann leis an bhfadhb.

Fág freagra ar 'An Roinn Oideachais ag obair ar chúrsa nua lán-Ghaeilge a bhunú don mhúinteoireacht iarbhunscoile'

  • Peadar

    Goidé go bhfuil caighdeán labhartha agus scríofa na Gaolainne ag céimithe chomh hainnis anois ó chúrsa an MGO? An bhfuil an caighdeán Gaolainne sa Roinn Oideachais imithe chun donais? Cad iad na cúiseanna leis? Teastaíonn sin a fhiosrú gan mhoill.

  • Tomas

    A Pheadar, de réir mar a chreimeann an teanga sa Ghaeltacht, téann caighdeán Gaelainn na tíre ar fad chun donais.

    Níor bhuaileas le múinteoir scoile/Gaelscoile/iarbhunscoile riamh a raibh fónéimí na Gaelainne foghlamtha/sealbhaithe acu (seachas cúpla múinteoirí Gaelscoile arbh as an Ghaeltacht iad). Ba dhóigh le duine go gceaptar nach bhfuil mórán difear idir fóineolaíocht an dá theanga atá againn in Éirinn… Ach tá difear mhór ann. Tá trí theanga sa tír seo, An Béarla, An Ghaeilge/Ghaeilig/Ghaelainn, agus ‘An Géarla’ (leagan den teanga a mhúintear sna scoileanna).

    Roghnaím ‘an fhóineolaíocht’ (in ionad gnéithe eile den teanga) mar gheall ar cé chomh soiléir is atá sé, fiú amháin do dhaoine nach bhfuil aon Gaeilge in aon chor acu (go háirithe do dhaoine nach bhfuil Béarla mar teanga dhúchais acu – ar nós mé féin – is as an Iodáil dom), an difear ollmhór idir an dá shaghas Gaeilge. Ceann amháin acu a mbíonn deacracht ag mo chluasa, uaireanta, idirdhealú a dhéanamh idir an Béarla agus í… Is an ceann eile acu, ní baol go gceapfadh aon duine gur Béarla atá inti (an fíor-Ghaeilge a chloistear ar RnaG mar shampla), teanga iomlán a bhfuil córas fuaime faoi leith ag baint léi (cé go bhfuil an r-Béarla ag go leor cainteoirí dúchais óga anois chomh maith, mar aon le foghlaimeoirí na tíre).

    Molaim an Roinn Oideachais as an iarracht agus an obair iontach atá á dhéanamh acu, is deacair liom a bheith dearfach nuair a fheicim an saghas Gaeilge a bhíonn ag go leor daoine a thagann amach as ollscoileanna na tíre agus céim bainte amach acu, ach tá súil agam go mbeidh caighdeán labhartha (agus ní ‘líofacht’ amháin atá i gceist leis seo) na Gaeilge curtha san áireamh ag stiúrthóirí na cúrsaí amach anseo… seachas a bheith ag díriú ar ‘numbers numbers numbers’ amháin i gcónaí.

    Mo thuairim, mar inimirceach a d’fhoghlaim Gaeilge le deánaí – Tá sibh ag cailleadh an chatha, ní mar gheall ar easpa dianiarrachta, ach mar gheall go bhfuil sibh ag scaipeadh bhur n-iarrachtaí ró-thanaí ag iarraidh daoine ar nós cuma leo faoin teanga a mhúineadh agus a mhealladh, agus sa phróiseas sin, tá sibh ag cailleadh saibhreas, cruinneas agus ‘ceol’ na teanga go tubaisteach.

  • Tomas

    *an cath

  • Seán Ó hAodha

    Tuilleadh céimithele hoiliúint don Ghaeloideachas sa NUIG.
    Is múinteoirí acadúla ar fad a bheas iontu.
    Cá bhfuil na cúrsaí lánaimseartha chun múinteoirí phraiticiúla a thraenáil chun teagasc tré mheán na Gaeilge
    Miotalóireacht?
    Ealaín?
    Eacnamaíocht Bhaile?
    Innealtóireacht?
    Foirgneolaíocht?
    Corpoideachas?