An Rialtas meáite ar chosc a chur ar dhaoine faoi 16 a bheith ag úsáid na meán sóisialta

Ba é ba rogha leis an rialtas anseo go ndíreofaí ar an gceist seo ar bhonn Eorpach, ach meastar go bhfuil sé i gceist acu go ndéanfadh an tír seo beart as a conlán féin sa gcás nach dtarlaíonn sin

An Rialtas meáite ar chosc a chur ar dhaoine faoi 16 a bheith ag úsáid na meán sóisialta

Tá sé deimhnithe ag an Rialtas go bhfuil siad meáite ar shrianta a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar dhaoine óga faoi sé bliana déag a bheith ag úsáid na meán sóisialta.

Straitéis Dhigiteach agus Intleachta Saorga nua a bhí á plé ag na hairí rialtais inniu, agus luaitear i ndréacht den straitéis sin go mbeadh sé ina thosaíocht ag an tír seo, agus Uachtaránacht Eorpach againn níos déanaí sa mbliain, srianta aoise a thabhairt isteach.

Ba é ba rogha leis an rialtas anseo go ndíreofaí ar an gceist seo ar bhonn Eorpach, ach meastar go bhfuil sé i gceist acu go ndéanfadh an tír seo beart as a conlán féin sa gcás nach dtarlaíonn sin.

De réir tuairiscí ar RTÉ, chuir an Taoiseach meamram os comhair an Rialtais inar dearbhaíodh go raibh an tír seo ag teacht leis an bhFrainc ar an gceist. Tá sé i gceist ag an bhFrainc reachtaíocht a thabhairt isteach ach tá córas deimhnithe aoise le forbairt fós sa tír seo.

Tá tús le cur go luath le taighde chun dearcadh tuismitheoirí agus daoine óga a fháil agus súil ag an Rialtas gur féidir dul i bhfeidhm ar pholasaí an Aontais Eorpaigh. Táthar ag súil go ndíreofar ar an ábhar sin nuair a bheidh an tír i mbun Uachtaránachta ar an Aontas Eorpach sa dara leath den bhliain seo.

Dearbhófar sa Straitéis nua Dhigiteach agus Intleachta Saorga atá á plé ag an rialtas go bhfuil reachtaíocht ag teacht a chuirfidh srianta ar dhaoine óga faoi shé bliana déag ó bheith ar na meáin shóisialta.

An chéad chéim ná uirlis deimhnithe aoise a thriail ar bhonn píolótach i gcomhar le daoine óga chun a fháil amach conas a oibreoidh an uirlis go praiticiúil.

Mhínigh Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, ar RTÉ céard a bhí i gceist ag an Rialtas.

“Níl muid ach ina thús go fóill ach ná déanaimis dearmad ar an údar atá againn leis seo. Chun ár bpáistí a chosaint ón gcuid is measa de na meáin shóisialta.

“Sílim go bhfuil daoine ar aon intinn go gcaithfear sin a dhéanamh.”

Le déanaí, dúirt an Tánaiste, Simon Harris, go raibh “turgnaimh” á ndéanamh ag comhlachtaí meán sóisialta ar shláinte intinne dhaoine óga na hÉireann.

Dúirt an Tánaiste gur aontaigh sé leis an gcosc ar na hardáin ar dhaoine faoi 16.

Mí na Nollag 2025, a thug an Astráil isteach an cosc ar mheáin shóisialta do dhaoine faoi 16, an chéad tír ar domhan a rinne amhlaidh. Faoin reachtaíocht acusan tá cosc ar dhaoine óga nach bhfuil sé bliana déag a bheith ar na hardáin shóisialta, TikTok, YouTube, Instagram agus Facebook san áireamh.

Fág freagra ar 'An Rialtas meáite ar chosc a chur ar dhaoine faoi 16 a bheith ag úsáid na meán sóisialta'