An rialtas ag treabhadh leis ach gan aon radharc ar Eamon Ryan

Ag iarraidh a mbó féin a chur thar abhainn a bhí na páirtithe éagsúla gComórtas Treabhdóireachta an tseachtain seo

An rialtas ag treabhadh leis ach gan aon radharc ar Eamon Ryan

Tháinig muid ó chian is ó chóngar an tseachtain seo go lár tíre – Ráithín an Uisce, Contae Laoise – don Chomórtas Idirnáisiúnta Treabhdóireachta, a bhí á reáchtáil arís den chéad uair ó thús na paindéime.

Bhí sceitimíní orainn ag filleadh ar an treabhdóireacht, ba léir. Chruinnigh os cionn 300,000 duine le chéile na trí lá sin chun saol na tuaithe agus an earnáil talmhaíochta a cheiliúradh. Aon áit a mbíonn vótóirí, dar ndóigh, téann na polaiteoirí chun bualadh leo. Tuigeann na polaiteoirí go bhfuil go leor vótaí le fáil ó fheirmeoirí – agus tuigeann feirmeoirí an chumhacht pholaitiúil atá acu.

Bhí cúpla bliain deacair go maith ag an earnáil – bhí titim dhíomách ar phraghas táirgí éagsúla agus tá brú ar go leor feirmeoirí de bharr praghsanna arda agus an méadú ar an gcostas maireachtála, dar ndóigh. Anuas air sin, tá an tuairimíocht go coitianta i measc feirmeoirí go bhfuil an milleán á chur orthu as na hastaíochtaí arda carbóin atá ag an tír agus go bhfuil an iomarca á éileamh orthu ag grúpaí agus páirtithe atá ar son na timpeallachta.

Bhí an deighilt idir an dá ghrúpa le brath ag an bhféile féin chomh maith. Ní raibh an Comhaontas Glas chomh feiceálach is a bhí na páirtithe eile, agus níor thug ceannaire an pháirtí Eamon Ryan cuairt ar an gComórtas le linn na seachtaine. Dúirt polaiteoir amháin ón gComhaontas Glas liom, idir shúgradh agus dáiríre, go ndearnadh an cinneadh sin de bharr cúinsí slándála. Beartaíodh go mb’fhearr leascheannaire an pháirtí, Catherine Martin a sheoladh ann.

Is mór an dúshlán atá roimh an gComhaontas Glas vótaí a sciobadh ó lucht na feirmeoireachta. Aithníonn na polaiteoirí féin sin, ach bíonn siad dearfach i gcónaí. Dúradh liom go raibh comhráite fiúntacha acu ag an seastán, agus go n-éiríonn leo a phointí a chur in iúl nuair a thugtar an deis dóibh iad a mhíniú. Faraor, i saol na polaitíochta, ní chuirtear mórán fáilte roimh chomhrá béasach ina bpléitear mionsonraí.

Seans go raibh Sinn Féin i bhfad níos glice faoin gceist seo. Fad is a bhí idirbheartaíocht ann faoi na hastaíochtaí carbóin a laghdú, d’fhan Sinn Féin ina dtost – rud nach dtarlaíonn go minic. Cuireadh ceist ar Mhary Lou McDonald ag an gComórtas agus bhí sí cúramach gan a ladhar a chur isteach sa scéal – ba cheart, dar léi, go dtabharfaí treoir do gach feirmeoir a spriocanna féin a leagan síos agus a bhaint amach. Chuir muid ceist ar an bpáirtí ina dhiaidh sin faoin gcostas a bhainfeadh lena leithéid de scéim – plean do gach feirm sa tír a réiteach agus a chur i bhfeidhm – agus ní bhfuair muid aon fhreagra.

Ba chuma le lucht tacaíochta Sinn Féin ag an láthair, áfach. Bhí siad sásta bualadh le Mary Lou agus le Michelle O’Neill, ceannaire an pháirtí ó thuaidh, agus féinphic a fháil leo. Bhí ardghiúmar orthu ar fad – seans go raibh eolas acu faoi thorthaí an daonáirimh i dTuaisceart Éireann, a foilsíodh ar an Déardaoin agus a thug le fios gur mó Caitliceach ná Protastúnach atá sna sé chontae, den chéad uair ó bunaíodh an stát sin breis is céad bliain ó shin. Ábhar dóchais do Shinn Féin, cinnte, ach i dtosach caithfear an DUP a mhealladh ar ais chuig an Tionól. Seans go mbeadh sé níos éasca polasaí beacht aeráide a ullmhú agus praghas a chur air.

Thapaigh Micheál Martin agus Leo Varadkar an deis na lámha a shalú chomh maith – bhí slua mór ag puball an dá pháirtí, agus neart polaiteoirí ann chun dul i bhfeidhm ar an earnáil agus taispeáint gurb iad féin is flaithiúla agus is fearr do lucht na talmhaíochta. Arís agus arís eile, áfach, bhí sé soiléir go bhfuil an comhrialtas srianta ag saolré an rialtais.

Geallann Sinn Féin an ghealach agus an ghrian, agus bíonn ar na hairí Rialtais teacht ina ndiaidh lena mhíniú nach féidir gach rud a dhéanamh. Labhair Martin agus Varadkar beirt faoin bpacáiste cúnaimh atá á ullmhú don Bhuiséad an tseachtain seo chugainn, ach tuigtear go mbeidh geimhreadh fada romhainn. Chuir an Comhaontas Glas i gcuimhne dúinn go bhfuil spriocanna le baint amach ag an tír seo ó thaobh na haeráide de, agus go gcaithfidh an earnáil talmhaíochta athrú dá bharr nó go mbeidh praghas ard le híoc.

Cén glacadh a bheas ag an bpobal leis seo? An dtuigfidh siad go mbeidh easnaimh áirithe ann? An mbeidh siad buíoch den rialtas as a gcuirfidh siad ar fáil, fiú mura bhfreastalaíonn sé ar na riachtanais ar fad atá ag an bpobal? Nó an ndéarfar sin leis an rialtas?

Fág freagra ar 'An rialtas ag treabhadh leis ach gan aon radharc ar Eamon Ryan'