An Rialtas ag súil earnáil na tógála a athoscailt tús na míosa seo chugainn

Deir an Dr Colm Henry ón HSE nach ‘bhfágfar aon duine ar deireadh’ nuair a chuirfear tús leis an gclár vacsaínithe do dhaoine atá os cionn 70 bliain

An Rialtas ag súil earnáil na tógála a athoscailt tús na míosa seo chugainn

Tá an Rialtas ag beartú ionas gur féidir earnáil na tógála a athoscailt ar an 5 Márta, a deir an tAire Tithíochta Darragh O’Brien.

Tá soláthar tithe nua riachtanach, dar leis an Aire O’Brien, agus gach seachtain a mbíonn an tionscal sin ina stad, tógtar idir 700 agus 800 teach níos lú.

Agus an tAire faoi agallamh ar Today with Claire Byrne ar RTÉ, dúirt sé go raibh sé léirithe ag láithreacha tógála go rabhadar in ann feidhmiú go sábháilte agus go raibh an-mhuinín aige go mbeidís in ann athoscailt ar an 5 Márta. 

Dar leis an Aire, beidh na diansrianta ar an taisteal idirnáisiúnta i bhfeidhm go ceann i bhfad.

“Is mian linn a bheith sa gcaoi go mbeadh an saol in ann filleadh ar an tslí a mbíodh chomh sciobtha agus is féidir, níos deireanaí i mbliana nó go luath an bhliain seo chugainn,” a dúirt O’Brien.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry, nach “bhfágfaí aon duine ar deireadh” nuair a chuirfí tús leis an gclár vacsaínithe do dhaoine atá os cionn 70 bliain an tseachtain seo chugainn. Iadsan atá os cionn 85 is túisce a dtabharfar an tsnáthaid dóibh. 

Tabharfaidh lucht leighis an tsnáthaid go dtí teach aon duine nach bhfuil in ann taisteal go dtí na lárionaid vacsaínithe má bhíonn sin “fíor-riachtanach”, a dúirt an Dr Henry. 

Vacsaíní Pfizer/BioNTech agus Moderna a gheobhaidh an t-aoisghrúpa sin ar chomhairle an Dr Tony Holohan faoi vacsaín AstraZeneca.

Dúirt an Dr Colm Henry go bhféadfadh an chomhairle faoi vacsaín AstraZeneca do dhaoine aosta athrú nuair a bheidh tuilleadh sonraí ar fáil fúithi agus dúirt go bhfuil eolas dearfach ag teacht an t-am ar fad. 

Sna seachtainí beaga seo cuirfidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 40 lárionad vacsaínithe ar bun chun an vacsaín a chur ar fáil do mhuintir na tíre. Tuairiscítear go mbeidh lárionaid i mBaile Átha Cliath, ar an taobh ó dheas agus ar an taobh ó thuaidh, chomh maith le lárionaid mhóra i gCorcaigh, Port Láirge, Sligeach, Gaillimh, Luimneach agus Baile Átha Luain. 

An Muileann gCearr, an Longfort, an tAonach, Inis, Beanntraí agus Trá Lí na bailte eile atá á lua le hionaid níos lú.

Tá vacsaín AstraZeneca a tháinig chun na tíre seo ag an deireadh seachtaine á tabhairt d’oibrithe cúram sláinte inniu. 

Fág freagra ar 'An Rialtas ag súil earnáil na tógála a athoscailt tús na míosa seo chugainn'