An réalta teilifíse atá curtha i measc a muintire sa Trá Bháin i gConamara

Tá scéal spéisiúil le hinsint faoin aisteoir aitheanta Barbara Mullen, iníon le Bríd Bhaba Ní Thuathail as Tír an Fhia agus Pat Mullen as Árainn

An réalta teilifíse atá curtha i measc a muintire sa Trá Bháin i gConamara

I Meitheamh na bliana 1993, ar theacht abhaile dom tar éis lá fada scrúduithe de chuid na hArdteiste, ba é an comhrá cois teallaigh gur cuireadh fear teilifíse mór le rá as Sasana i reilig na Trá Báine an mhaidin sin. Ba é sin John Taylor a bhásaigh i Londain i mí Mheán Fómhair 1992, ar créamadh a chorp agus a tugadh don Trá Bháin lena chur in éineacht lena bhean chéile, aisteoir iomráiteach i Sasana de bhunadh Thír an Fhia agus Árann, a créamadh agus a cuireadh sa Trá Bháin blianta fada roimhe sin, i 1979.

B’in an chéad uair ar chuala mise caint ar Barbara Mullen.

Iníon le Bríd Nic Dhonncha nó Bríd Bhaba Ní Thuathail as Tír an Fhia agus le Pat Mullen as Árainn (a bhí sa scannán Man of Aran), ab ea Barbara Mullen a bhain cáil amach ar dtús ina haisteoir stáitse sa West End i Londain sa dráma Jeannie agus ina dhiaidh sin i scannán den ainm céanna i 1941.

Ghlac sí páirt i mbreis is scór fadscannán agus i sraitheanna teilifíse i Sasana agus i Meiriceá. Ba dá páirt Janet McPherson i Dr Finlay’s Casebook a thosaigh ar an BBC i 1962 ba mhó a cáil sa deireadh, sraith a raibh na milliúin lucht féachana aici agus a bhí ar siúl go dtí 1971 agus a d’athraigh go dtí an raidió ina dhiaidh sin.

Bhí Barbara Mullen chomh mór le rá ag an am is atá aon duine de réaltaí móra Hollywood inniu. Teistiméireacht air sin gur tháinig Éamonn Andrews i ngan fhios uirthi do chlár speisialta This is Your Life ar an BBC sa mbliain 1964 agus í gléasta i ngeansaí Árann. ‘Suigh síos’ a dúirt Andrews léi agus gan a fhios aici an ag teacht nó ag imeacht a bhí sí sa stiúideo.

I measc na ndaoine a tháinig i láthair don chlár speisialta sin bhí a hathair Pat Mullen (a bhí 81 ag an am), a deartháir PJ Mullen as Árainn agus a deirfiúr Winnie as Meiriceá, bean nach bhfaca Barbara ach aon uair amháin sna tríocha bliain roimhe sin.

Cé gur díol spéise an tréimhse chlúiteach sin de shaol Barbara is spéisiúla ná sin, b’fhéidir, an chéad scór bliain dá saol sula raibh aon cháil uirthi. Is i South Boston a rugadh agus a tógadh Barbara. Bhí a máthair pósta faoi dhó, ag fear darbh ainm Pat Crowe as Gaillimh ar dtús. Chuaigh an lánúin ar imirce go Boston agus bhí ceathrar clainne acu.

Fuair Pat Crowe bás tobann in Aibreán na bliana 1913, phós sí Pat Mullen as Árainn an bhliain chéanna agus rugadh Barbara Mullen mí Márta 1914. Bhí Barbara ar an duine ba shine de thriúr clainne (Barbara, PJ agus Winnie) a bhí ag Bríd Bhaba Ní Thuathail agus ag Pat Mullen.

Nuair nach raibh Barbara ach scór, agus gan aon chineál aithne uirthi ina haisteoir ach go raibh spéis aici a bheith ina scríbhneoir, scríobh sí a beathaisnéis Life is My Adventure, atá bunaithe ar an saol a chaith sí i South Boston agus i Nua-Eabhrac. 7 mbliana a bhí Barbara i 1921 nuair a chuir a seanathair fios abhaile ar a hathair Pat Mullen go hÁrainn. Is cosúil go raibh beirt deartháireacha le Pat Mullen go dona tinn. Thug sé PJ, nach raibh ach ceithre bliana ag an am, go hÁrainn leis. D’fhan Barbara, a máthair agus a deirfiúr Winnie, nach raibh ach sé mhí, i mBoston agus iad in ainm aghaidh a thabhairt ar Árainn an samhradh ina dhiaidh sin.

Ach ní mar sin a tharla – d’imigh samhraí go leor agus d’fhuaraigh cúrsaí idir Bríd Bhaba Ní Thuathail agus Pat Mullen. In éineacht leis sin bhí bean Thír an Fhia ag déanamh gnó maith ag díol fuisce aimsir an Prohibition (1920-1933) i South Boston chomh maith le bheith ag coinneáil lóistéirí – shocraigh sí go bhfanfadh sise agus a cuid iníonacha i mBoston. Bhí croí Barbara dubh i ndiaidh a hathar agus ní raibh uaithi ach dul go hÁrainn go dtí é. Chuir a máthair cosc glan ar Barbara aon cheangal a bheith aici lena hathair agus chuir na seacht bhfainic uirthi gan scríobh chuige.

Déanann Barbara cur síos in Life is My Adventure ar an Speakeasy a bhí acu i mBoston agus na daoine a bhíodh ag tarraingt ann. Pearsa mhór i dtús an leabhair is ea Mrs Barrett nó Lady Biddy, seanbhean a raibh aithne ag Bríd Bhaba Ní Thuathail uirthi sa mbaile. Thug máthair Barbara áit sa teach di le teann trua mar gur dhiúltaigh a clann fhéin aire a thabhairt di, í deich mbliana le cois na trí scór agus beagnach caoch.

Is iomaí sin gábh as ar thug Lady Biddy Barbara nuair nach dtugadh a máthair cead a cinn di chuig comórtais damhsa agus eile, shábháil sí ón tslat go minic í agus chuidigh lena máthair nuair a theastaigh an dallamullóg a chur ar na police. Ceann de na scéalta sin uair a ndearna siad ruathar ar an teach (ba mhinic leo ruathar a dhéanamh ar an teach) agus chaith uair an chloig ag cuardach an tí.

Chaith an tseanlady an t-achar sin ag gol agus ag éagaoin in ard a gutha nó gur ordaigh an sáirsint sa deireadh do na police imeacht – d’imigh siad folamh mar go raibh an fuisce agus a raibh ann i bhfolach faoi suas le chúig petticoat a bhí ar an tseanbhean faoina sciorta! Is iomaí sin scéal faoin Speakeasy agus faoi a bheith ag éalú ó na police atá i leabhar Barbara chomh maith le léargas a thabhairt ar an nganntan agus ar an ocras a bhí orthu nuair a b’éigean dóibh teitheadh as Boston go Nua-Eabhrac mar gheall ar an bpoitín. Ba dhoiligh obair a fháil agus a choinneáil ag an am.

Lena linn sin ar fad agus i ngan fhios dá máthair, tháinig Barbara ar sheifteanna le scríobh chuig a hathair agus scríobh seisean ar ais. Spréach a máthair air sin a fháil amach agus chuir stad leis an gcomhfhreagras láithreach. D’imigh na blianta ach thapaigh Barbara an deis arís scríobh chuig a hathair. Bhí capall agus carr aige in Árainn faoi seo le turasóirí a tharraingt, bhí sé féin agus PJ ag iarraidh uirthi theacht abhaile, bhí lucht scannánaíochta in Árainn – bhí an saol ag feabhsú.

Chuir PJ scór punt aici dá paisinéireacht abhaile i 1934 ach ar an scéala a insint dá máthair chuaigh sí le báiní agus choinnigh an t-airgead uaithi. Thosaigh sláinte Barbara ag cliseadh. Ghéill a máthair sa deireadh agus bliain ina dhiaidh sin lig chun siúil í ach d’impigh uirthi theacht ar ais.

An 9 Lúnasa 1935 thug Barbara Mullen a haghaidh ar Éirinn, bhí PJ roimpi i nGaillimh agus chuaigh siad beirt ar an mbád an Dún Aengus go Cill Rónáin, áit a raibh a hathair ag fanacht léi. Chaith Barbara 3 bliana ar an oileán nó go bhfuair sí scoláireacht chuig The Webber Douglas School of Drama i Londain.

Bhí sí ar lóistín i Londain ag duine de stiúrthóirí an scannáin Man of Aran a thug páirt ina dhiaidh sin di i scannán dá chuid (The Siege of Pinchgut). Is i Londain freisin a tháinig sí féin agus a fear céile John Taylor ar a chéile, fear a raibh an-mheas ag a deartháir PJ air nuair a bhí sé ina fhear ceamara ar an scannán Man of Aran.

Bhain seisean cáil amach ina dhiaidh sin ag déanamh scannáin faisnéise. Bhí beirt chlainne acu, Brigid agus Susannah, agus bhí teach i mBaile Átha Cliath acu. Is deacair a rá ar fhill Barbara ar a máthair ná ar Bhoston riamh ach is cinnte go raibh ceangal mór aici le Tír an Fhia agus muintir a máthar ansin.

An 9 Márta 1979 a bhásaigh Barbara Mullen i Londain.  Bhí sí ag iarraidh go gcuirfí sa Trá Bháin í in éineacht lena seanmhuintir agus gur cloch eibhir as an scioból in Árainn a bheadh sa gcloch chinn a chuirfí uirthi.

Sin é an áit go díreach a bhfuil Barbara Mullen curtha inniu, go suaimhneach agus go ciúin in éineacht le John Taylor, agus cloch chinn de ghlaschloch an oileáin orthu – i bhfad ó na scannáin agus ó na soilse ach i measc a muintire mar is dual di.

Fág freagra ar 'An réalta teilifíse atá curtha i measc a muintire sa Trá Bháin i gConamara'

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Nach iontach an scéal é sin!

  • Lillis Ó Laoire

    Cuntas breá.

  • Tomás Ó hÍde

    Go raibh maith agat as alt fíorshuimiúil. Is cuimhin liom grianghraf a fheiceáil cúpla bliain ó shin. Bhí aisteoirí ón scannán Oidhche Sheanchais (1935) ar an seit agus cúpla duine den fhoireann leo. Bhí Barbara Mullen in éindí le John Taylor sa ngrianghraf sin.

  • Nóirín Ní Chonghaile

    Thar barr Shinéad. Narbh iontach suimiúil an bhean í!

  • Bob Quinn

    Sinéad
    An-scéal. Chomhgháirdeachas faoin taighde iontach.
    Bob