An ráta scaipthe is ísle sa tír i gCorca Dhuibhne

Laghdú a bhí i gceist i bhformhór na gceantar Gaeltachta ar fud na tíre ach bhí ardú ar an ráta in áiteanna áirithe

An ráta scaipthe is ísle sa tír i gCorca Dhuibhne

Tá Corca Dhuibhne anois ar cheann de na ceantair is ísle sa tír ina bhfuil ráta scaipthe an Covid-19.

Is beag cás nua den víreas a deimhníodh i gCiarraí Thiar le coicís anuas, de réir na staitisticí is deireanaí. Níos lú ná cúig chás nua ar fad a aimsíodh i gceantar Chorca Dhuibhne idir an 9-22 Feabhra.

Níl ach aon cheantar amháin eile sa stát, Gránard i gcontae Longfoirt, inar deimhníodh níos lú ná cúig chás le linn na tréimhse céanna.

Ba i gCorca Dhuibhne a bhí an ráta scaipthe ab airde i gCiarraí ag tús na míosa ach tá líon na gcásanna nua sa cheantar tite seachtain i ndiaidh seachtaine ó shin.

Ráta scaipthe 240 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí i gceist sa stát idir an 9-22 Feabhra.

Níor tháinig aon athrú ar an ráta (36) i gceantar Neidín i ndeisceart Chiarraí, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, agus naoi gcás nua a deimhníodh ansin le linn na coicíse sin.

Laghdú a bhí i gceist i bhformhór na gceantar Gaeltachta ar fud na tíre ach bhí ardú i gceist in áiteanna áirithe.

I dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht Phort Láirge, tháinig ardú 45% ar líon na gcásanna nua. 58 cás nua ar fad a deimhníodh ann agus an ráta imithe suas ó 195 go dtí 283 le seachtain anuas.

D’ardaigh an ráta beagáinín i gConamara Thuaidh chomh maith, ó 87 go dtí 105. Deimhníodh 18 cás sa cheantar idir an 9-22 Feabhra.

Bhí titim shuntasach le feiceáil i gceantar Chonamara Theas mar sin féin. Tháinig laghdú 65% ar an ráta sa cheantar le linn na tréimhse sin, ó 314 go dtí 108, agus líon na gcásanna nua tite ó 67 go dtí 23.

I dTír Chonaill, chuaigh an ráta i gceantar Dhún na nGall i ndeisceart an chontae suas ó 208 go dtí 310. Titim a bhí i gceist i gceantar na nGleanntach, mar a bhfuil cuid mhaith de Ghaeltacht Dhún na nGall. Thit an ráta sa cheantar sin ó 117 go dtí 92 agus 22 cás ar fad a deimhníodh ann le coicís anuas.

I dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach in iarthuaisceart an chontae, thit an ráta go dtína leath, ó 116 go dtí 58 agus thit líon na gcásanna ó 16 go dtí 8.

Ráta 60 a bhí i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, síos ó 68. Deimhníodh 22 cás den Covid-19 ann idir an 9-22 Feabhra.

I Maigh Eo, thit an ráta i mBéal an Mhuirthead nach mór go dtína leath agus ráta 79 atá sa cheantar anois. Thit an ráta i dtoghcheantar Chathair na Mairt, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, ó 234 go dtí 201.

I gcontae na Mí, titim 47% a bhí ar an ráta i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, ó 337 go dtí 180 agus titim 53% a bhí i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, titim ó 299 go dtí 142.

Fág freagra ar 'An ráta scaipthe is ísle sa tír i gCorca Dhuibhne'