Sa tóir ar an stair cheilte sa Spáinn a bhí mé roinnt seachtainí ó shin. Agus is sa taobh sin den Eoraip atá mé arís – sa Phortaingéil an tseachtain seo. Agus an stair cheilte anseo freisin, measaim.
An lá cheana, bhí mé ar cuairt chuig an gceantar sin sa Liospóin ina ndéantar comóradh ar na turais mhóra eachtraíochta a tharla, den chuid is mó, sa 15ú agus sa 16ú haois.
Tá pobal na Portaingéile an-mhórtasach as an méid a baineadh amach nuair a chuaigh leithéidí Vasco da Gama agus na buíonta mairnéalach faoina stiúir chuig an India agus áiteacha eile i bhfad i gcéin.
Téann scéal na heachtraíochta i bhfeidhm go mór ar an gcuairteoir nuair a fheictear na turais mhóra ar fad greanta sa gcloch ar an gcosán i gceantar Belém na Liospóine.
Seo thíos mapa an domhain agus pictiúir de na longa beaga taiscéalaíochta agus na dátaí ar bhaineadar ceann scríbe amach – Cape Verde 1444, An Ghuine 1460, An Congó 1483, Cabo da Boa Esperanç 1488, agus ar aghaidh uaidh sin chuig Goa san India, Macau sa tSín, Timor L’Este san Indinéis, agus ansin trasna an Atlantaigh chuig Porto Seguro sa Bhrasaíl i 1500.
Sa gceantar céanna i Liospóin, tá dealbh ollmhór ag comóradh na dtaiscéalaithe ar fad a chuaigh chun farraige as an gcuan sin – i mbéal na habhann Rio Tejo (an Tagus i mBéarla) agus gan a fhios acu céard a bhí rompu.
Ábhar bróid atá sna scéalta sin ar fad do mhuintir na Portaingéile ach ní léir go bhfuil aon duine ag caoineadh faoin gcaoi ar caitheadh le daoine a bhí ag cur fúthu sna tíortha sin leis na cianta. Ná ní chloistear mórán faoin saol a chaith na sclábhaithe ar fad a tugadh ón ‘domhan nua’ chuig an Eoraip.
Tráthúil go leor agus mé ar cuairt ar Liospóin, tháinig mé ar alt in iris a thug mé liom le haghaidh léitheoireacht trá nó eitleáin. Séard a bhí san alt ná léirmheas ar leabhar a scríobhadh faoi dhuine nár chuala mé trácht ariamh air.
Cuntas atá sa leabhar seo ar fhear as an Afraic a chaith a shaol ag troid in aghaidh na sclábhaíochta. Prionsa de chuid Ríocht an Ndongo, (Angóla an lae inniu) a bhí sa bhfear seo, Lourenço da Silva de Mendonça a rugadh sna 1640idí.
Tá ainm Portaingéilise air toisc gur baisteadh an t-ainm sin air, rud a tharla go minic le daoine a ‘tógadh’ ón Afraic. Ní sclábhaí amach is amach a bhí ann toisc gur ghabh na Portaingéalaigh é i dteannta daoine eile ón teaghlach ríoga, nuair a bhí éirí amach in Angóla in aghaidh na Portaingéile. Is amhlaidh a bhí na hAfracaigh ag cur i gcoinne cáin na sclábhaíochta a bhíodh le n-íoc acu.
Ar aon chaoi tugadh go dtí an Bhrasaíl é, áit a bhfaca sé an drochíde a tugadh do na sclábhaithe – an chuid is mo díobh as a thír dhúchais féin, Angóla. Cuireadh ar ais chun na hEorpa é agus chaith sé tamall i mainistreacha éagsúla sa Phortaingéil agus sa Spáinn.
Fuair Mendonça oideachas den scoth agus chaith sé blianta ag dul timpeall na hEorpa. Ach an rud ba mhó a d’fhoghlaim sé ná an dlí Caitliceach.
Rud nach raibh a fhios agam féin – bhí an eaglais Chaitliceach ina sórt Cúirt Eorpach nó b’fhéidir Cúirt Dhomhanda ag an am. Sa 15ú agus sa 16ú aois d’eisigh an Vatacáin ‘bullaí’ ón bPápa ag ceadú na sclábhaíochta a dhéanamh ar dhaoine as an Afraic. Ar ndóigh chiallaigh sé sin go raibh an chumhacht ag an eaglais freisin an sclábhaíocht a chur faoi chois, faoi dhlí na heaglaise – dá mba mhian leo é sin a dhéanamh.
Tar éis a chuid staidéir ar fad, dhírigh Mendonça ar an Vatacáin agus é mar aidhm aige cabhair a fháil ón bPápa san iarracht deireadh a chur leis an sclábhaíocht. Faoin am seo, bhí céimeanna éagsúla agus stádas ard bainte amach aige san eaglais Chaitliceach sa Spáinn agus sa Phortaingéil agus mar sin, bhí stádas áirithe aige nuair a chuaigh sé chun na Róimhe chun cás a dhéanamh in aghaidh na sclábhaíochta.
Rinne an t-údar José Lingna Nafafé an t-uafás staidéir ar na foinsí éagsúla a bhain le feachtas Mendonça – sa Spáinn, sa Phortaingéil agus sa Vatacáin féin. Ar chúis éigin ní raibh teacht aige ar na héilimh éagsúla a rinne Mendonça ar an dream a dtugtar ‘Propaganda Fide’ orthu – an rannóg sa Vatacáin a stiúraíonn imeachtaí thar lear.
Ach measann an t-údar go raibh rath ar obair Mendonça sa Róimh, agus gur laghdaíodh an drochíde a tugadh do sclábhaithe a ‘tugadh’ go dtí an Domhan Nua ina dhiaidh sin. Cuireadh litreacha ón Vatacáin chuig Nuncio an Phápa san Phortaingéil agus san Spáinn ag cur fainic ar na tíortha sin deireadh a chur leis an drochíde ar sclábhaithe. Cuireadh rialacha eile i bhfeidhm freisin a laghdaigh an mhí-úsáid.
Tharla sin ar fad i ndeireadh na 1600idí – ba sa mbliain 1684 a chuaigh Mendonça chuig An Róimh. Níor chuir an Phortaingéil deireadh leis an sclábhaíocht go dtí 1869.
Ach is é ainm an tSasanaigh William Wilberforce is mó a chloiseann muid chomh fada agus a bhaineann sé le deireadh na sclábhaíochta amach is amach – ‘Abolitionist’ mar a tugadh ar an dream sin. Tháinig an ghluaiseacht sin chun cinn céad bliain i ndiaidh chuairt Mendonça ar An Róimh.
Ach ní chloistear tada faoin bhfear dubh seo a tugadh ina phríosúnach chuig an Bhrasaíl agus a rinne a bhealach ar ais chuig an Eoraip agus caol díreach isteach chuig an bPápa agus a chuir tús leis an tuiscint nach nós Críostaí ná cóir a bhí sa sclábhaíocht. Sclábhaíocht a chabhraigh leis na tíortha taiscéalaíochta – an Phortaingéil, an Spáinn, an Bhreatain agus tíortha eile sa Eoraip, saibhreas millteanach a dhéanamh ina gcuid ‘coilíneachtaí nua.
An gcuimhníonn muid ar na hoibrithe bochta a d’oibrigh sna mianaigh óir agus airgid nuair a thugaimid cuairt ar eaglaisí ardnósacha ornáidithe sa Spáinn agus sa Phortaingéil? Tráth den saol, idir 1550 agus 1800, bhí formhór mór d’ór agus airgead an domhain á bhaint as an talamh i Meiriceá, thuaidh agus theas. Ní gan chabhair mhór a rinne sé a bhealach trasna an Atlantaigh.
Tá neart séipéal ornáideach san Eoraip a bhfuil toradh na hoibre sin le feiceáil iontu sa lá inniu.
Lourenço Da Silva Mendonça and the Black Abolitionist Movement in the 17th Century
le José Lingna Nafafé
Pádraig O'hEipicín
Scannal amach is amach a bhí sa sclábhaíocht.
Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile
An-alt! Os rud é gur leanamar in Éirinn stair an domhain mar a scríobhtar i mBéarla ar fad, ní h-aon ionadh é nach bhfuil mórán eolais ar gaisce Lourenco da Silva Mendonca.