An Ponte Vecchio bainte amach ag na Plurabelle Paddlers ina mbád dragain

Tá ár gcolúnaí ag filleadh ar Firenze na hIodáile i gcomhair féile bád dragan, mar a bhfuiltear ag súil le hos cionn 4,000 duine ar fad an tseachtain seo

‘Bainigí súp as an nóiméad seo,’ a dúirt Margaret Mulcahy, ar an stiúir. ‘Ní bheidh sibh ar ais anseo go brách.’

Bhí Margaret tar éis an bád dragain a thabhairt suas an Arno chomh fada leis an bPonte Vecchio agus bhíomar inár lánstad faoin droichead ársa meánaoiseach. Ní mórán daoine ar féidir leo a rá go rabhadar faoin droichead sin ag breathnú aníos ar obair na gceardaithe ón 15ú aois.

Bhíomar in Firenze na hIodáile i gcomhair féile bád dragan a bhí eagraithe ag an gclub áitiúil, ‘Florence Pink Ladies’ dhá bhliain ó shin. Ach ba bheag a cheapamar go mbeimis ag triall ar an gcathair chéanna lenár gclub in 2018.

Roghnaíodh Firenze as iomaitheoirí ar fud an domhain mar lárionad na Féile Idirnáisiúnta do bháid dragan lucht ailse cíche- an IBCPC Participatory Dragon Boat Festival 2018. Agus seo muid anois, na maidí in dhá mhála gailf, na seaicéid tarrthála brúite isteach sna cásanna agus seiceáilte isteach d’eitilt Aer Lingus amárach. Faoin am a léifidh sibh é seo beimid ag réiteach don chéad rás, i gceann de sé lána rásaíochta ar an Arno.

Gach ceithre bliana a reáchtáiltear an Fhéile áirithe seo. Cosúil leis na Cluichí Oilimpeacha, a deir tú! Sea, agus ná bíodh aon dul amú ort faoin bhfocal ‘participatory’- bíonn sé ina dhianchoimhlint idir na foirne a thagann ó chlubanna ar fud an domhain. Thosaigh cuid na foirne, ón Astráil agus ó iarthar Mheiriceá, ar a n-aistear cúpla lá ó shin. Ag caitheamh súil ar ‘Facebook’ is léir go dtógann siad an choimhlint seo an-dáiríre.

Beidh os cionn 120 foireann ar fad in Firenze. Idir lucht tacaíochta, gaolta na n-iomaitheoirí agus cuairteoirí eile, tá an lucht eagair ag súil le hos cionn 4,000 duine ar fad an tseachtain seo. Is mór an mhaith go bhfuil an t-óstán curtha in áirithe againn le 17 mí anuas. Níor chuir sé isteach ná amach ar mo chara Mirko in Óstán Desiree go raibh na Plurabelle Paddlers ag tabhairt athchuairt ar an gcathair agus ar a óstán. Bhí sé chomh fáilteach, cairdiúil is a bhí an B&B in Inis Meáin a luamar an tseachtain seo caite.

Nuair a reáchtáladh an Fhéile dheireanach – in Sarasota, Florida, ceithre bliana ó shin, ní raibh in Éirinn ach club amháin i gcomhair daoine a raibh ailse orthu tráth, na Plurabelles. Mar gheall nach raibh siad in ann foireann iomlán a chur sall, chinn an traenálaí Julie Doyle ar fhoireann ‘náisiúnta’ a chur le chéile. Agus ar an bhfoireann sin bhí daoine as Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Cluain Meala, Béal Feirste, Port Láirge agus Dún na nGall.

Anois tá clubanna bunaithe ar fud na tíre – ó Mhaigh Eo go Corcaigh agus i mbliana beidh ceithre fhoireann as Éirinn ag glacadh páirte: Three Sisters, Wild Atlantic Warriors, Lagan Dragons agus na Plurabelle Paddlers. Agus bhí oiread sin daoine inár gclub féin ag iarraidh páirt a ghlacadh ann go bhfuil seachtar Plurabelles eile mar chuid d’fhoireann na Dambusters as Melbourne na hAstráile.

Táimid ag traenáil go dian anois le hos cionn bliana. Ceann de na fáthanna go bhfuil an spórt go maith don chorp ná an tsíorthraenáil agus na comórtais, ar nós na bhféilte bád a bhíonn ar siúl timpeall na tíre i rith an tsamhraidh. Mar gheall go mbíonn na criúnna sách mór- suas go 20 ar an mbád- ní gá go mbeadh gach duine ar an gcaighdeán céanna aclaíochta. Tá roinnt daoine againne nach bhfuil ach tar éis tosú – tá cúigear eile atá sách aclaí le bheith ar an bhfoireann náisiúnta.

Ach nach iontach an spórt atá sásta glacadh le daoine ag leibhéal ar bith, aois ar bith? Toisc go mbímid i gcomórtais atá bunaithe ar aoisghrúpaí, is istigh le daoine ar comhaois leat féin a bheas tú agus is féidir neamhaird a dhéanamh de na Ronaldos agus na Neymars ar fhoirne eile le do thaobh. Tugann sé an-ugach do dhaoine atá ‘níos sine’ go dtugtar meas dóibh mar iomaitheoirí agus meascann na foirne ar fad lena chéile ag na comórtais idirnáisiúnta- cosúil le comórtas na gclub Eorpach ar ghlacamar páirt ann anuraidh sa bhFrainc.

Seachtain ó shin, i nDuga na Canálach Móire, bhí searmanas ‘baiste’ againn dár mbád nua. Spórt Síneach é an rásaíocht bád dragan agus bíonn searmanas a bhaineann le dath a chur ar shúile an dragain ag tús a shaoil- chun an dragan a ‘dhúiseacht’. Baineann sé le cultúr agus finscéalaíocht na Síne a théann i bhfad siar- thart ar 2,000 bliain, meastar. Iarrtar ar Dhéithe na Farraige an t-uisce a ghlanadh agus a bheannú.

Uair amháin ba le linn ghrianstad an tsamhraidh a bhíodh na searmanais acu- bhí baint aige freisin le rath ar an bhfeirmeoireacht agus ar na barraí. Tá súil agam go raibh déithe na feirmeoireachta ag éisteacht le Tara Byrne a bhí i mbun na hócáide, agus a leag amach torthaí éagsúla agus cipíní túise mar ofráil dóibh.

Agus tá súil againn go mbeidh na déithe ag coinneáil súil mhaith orainne ar ár n-aistear ar ais go Ponte Vecchio. Agus go mbeidh toradh fiúntach ar an síol a cuireadh sa talamh míonna ó shin. Agus go n-éirí go geal lenár gcomhchlubanna as Éirinn!

Fág freagra ar 'An Ponte Vecchio bainte amach ag na Plurabelle Paddlers ina mbád dragain'