San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá Máirín Ní Ghadhra, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí in éineacht le Bridget Bhreathnach chun súil siar a chaitheamh ar scéal na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2025.
Pléitear ‘móimint’ na Gaeilge, tionchar Kneecap, an tslí ar chuir Catherine Connolly an teanga i lár an aonaigh agus na dúshláin atá le sárú i gcónaí in ainneoin na dea-thola go léir.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Súil siar ar bhliain nárbh fhéidir éalú ó fhaisean na Gaeilge…'