An pobal nó an margadh? Sé an margadh rogha an rialtais…

Beidh tamall eile sula mbeidh a fhios againn faoi dhearcadh an mhórphobail i leith an Bhuiséid

An pobal nó an margadh? Sé an margadh rogha an rialtais…

Bhí an oiread sin den Bhuiséad sceite chugainn roimh ré gur ar éigean a chuir aon rud inti ionadh ar dhuine ar bith.

Sea, scaoileadh go leor bronntanas, faoi mar a bhíothas ag súil leis. Creidmheas fuinnimh, ardú ar íocaíochtaí sóisialta, faoiseamh cánach do lucht íoctha cíosa, rochtain saor in aisce ar chúram leighis, leabhair scoile in aisce do dhaltaí bunscoile, tuilleadh acmhainní do scéimeanna tithíochta, laghdú ar tháillí tríú leibhéal.

Cuirfear fáilte gan dabht roimh chúnamh airgid ar bith, ach níl sé cinnte, ná baol air, go sásóidh na bronntanais mian an phobail.

Mar shampla – agus bhí sé seo á thuar go soiléir roimh ré – céard is fiú creidmheas breosla €600 má théann costais bhreosla in airde mar a cheaptar a rachaidh? Nach bhfuil an baol ann go n-ídeoidh na harduithe costais an creidmheas, agus go mbeidh daoine fágtha ar an ngannchuid ag an deireadh?

Mar an gcéanna maidir leis an bhfaoiseamh cánach do lucht íoctha cíosa. Ar dtús, is ionann creidmheas cánach €500 agus €100 sa bpóca, nó níos lú ná €2 sa tseachtain. Agus sa dara háit, má bhíonn a fhios ag na tiarnaí talún go bhfuil beagáinín níos mó airgid ag daoine, nach spreagfaidh sé sin ardú cíosa eile a chealóidh an faoiseamh?

Sa dá chás sin, nuair a bhaintear an snas den phéint, is ionann na híocaíochtaí seo agus fóirdheontais do na comhlachtaí, nó do na tiarnaí talún murar comhlachtaí iad.

Ní de thimpiste, measaim, go ndéanann an rialtas rogha mar sin. Is rialtas é atá tiomanta don mhargadh agus nach gceapann gur gnó don stát tithíocht nó eile a chur ar fáil.

Ach an bhfuil aon rogha eile ann seachas an polasaí seo?

Ceapaim go bhfuil, agus deir Sinn Féin go láidir go bhfuil. I gcás an bhreosla mhol siad teorainn a chur ar an bpraghas. Tá a leithéid i gceist ag rialtais na Breataine, na hOstaire, na Fraince, na Cróite, na Polainne, na Rómáine, na hÍsiltíre agus na Danmhairge, mar a mhínigh mé an tseachtain seo caite sa gcolún seo.

Ach deir an rialtas abhus gur seic bán a bheadh ina leithéid. Ciallaíonn diúltú an rialtais don pholasaí seo go bhféadfadh costais bhreosla dul as smacht gan aon chosaint don ghnáthdhuine atá ar an ngnáth-ioncam.

Mar an gcéanna i gcás cúrsaí cíosa, mura mbeidh teorainn ann ní bheidh stop le cíos ag dul in airde.

Leithscéal an rialtais? Dá mbeadh a leithéid ann d’imeodh na tiarnaí talún ón margadh (mar a thugann siad air).

Ach céard a dhéanfaidís lena gcuid tithe? Más gá, nach féidir leis an stát seilbh a ghlacadh ar thithe folmha ar phraghas íslithe?

Ach más rogha a bhíonn ann idir freastal ar riachtanais an phobail nó ar riachtanais an mhargaidh, sé an margadh rogha an rialtais.

Nílim ag rá nach bhfuil rudaí maithe sa mbuiséad, mar tá. Tá sé thar am leabhair scoile a bheith in aisce do na daltaí ar fad, agus is tús maith é a leithéid a chur ar fáil do dhaltaí bunscoile.

Is maith freisin go mbeadh rochtain ar dhochtúir teaghlaigh in aisce ag tuilleadh daoine – 400,000 duine breise atá i gceist, deirtear. Ach an bhfuil na dochtúirí ann? Ar fud na tíre, go háirithe faoin tuath agus sa bpríomhchathair freisin, tá sé ionann is dodhéanta teacht ar dhochtúir teaghlaigh atá in ann tuilleadh othar a ghlacadh.

Níl na dochtúirí ann. Mar sin céard is fiú labhairt faoi rochtain in aisce murar féidir rochtain ar bith a fháil?

Ach fillimis ar an mórcheist – an costas maireachtála. Tá boilsciú 10% ann faoi láthair, agus cé go ndeir an rialtas go gcreideann siad go dtitfidh sé go dtí 8.5%, ní fheicim go n-aontaíonn aon saineolaí leo. Is ionann mar sin ardú sa bpinsean stáit de 5% agus gearradh siar 5% ar na hearraí is féidir a cheannach leis.

Agus murar féidir le daoine earraí a cheannach rachaidh cuid mhaith gnólachtaí as gnó.

Cuirimis é seo go léir le chéile – titim ar chumas caiteachais an phobail, brú in airde ar chostas breosla, tithíocht gann i gcónaí agus cíos ag dul in airde arís: nach cúlú eacnamaíochta an toradh a bheadh air sin?

Tá na meáin ‘oifigiúla’ ag cur fáilte roimh an mBuiséad, ach ní bheidh a fhios againn faoi dhearcadh an mhórphobail go ceann tamaill. I mí na Samhna a gheofar an chéad chreidmheas breosla, ach sa mhí sin freisin tá seans maith go rachaidh na costais in airde arís agus fuacht an gheimhridh ar an mbealach.

Chuaigh na mílte ar mhórshiúl cheana mar agóid; seans maith go ndéanfaidh siad arís é.

Fág freagra ar 'An pobal nó an margadh? Sé an margadh rogha an rialtais…'

  • Concubhar

    B’fhéidir gur cheart do Rialtas na hÉireann Óglaigh na hÉireann a chur thar teorainn faoi arm agus brat cogaidh chun sléacht a dhéanamh ar shibhialtaigh, mná agus páistí, buamáil a dhéanamh ar osbidéil, scoileanna agus amharclanna. Is é sin an cineál beartais a thuileann cosaint ón gcolúnaí seo, de réir dealraimh.

  • jpmorley0@gmail.com

    Cuireann an sluamhachnamh agus an bhaothchaint sin fé thiarnaí talún cíocracha, neamhscrupallacha conach orm. Is maith leis an Murchúch an ró-shimpliú, an dubh is bán, an mhaith is an t-olc…ar thaobh amháin amháin! Is tiarna talùn mé féin (tigh amháin ligthe agam) agus NÍL sé i gceist agam aon chíos a chur in airde. Fanfaidh sé mar atá agus mar bhí le blianta anuas. Tuigeann na tionóntaithe an méid sin agus tá siad sásta. Buanaíocht agus cónaí deas cluthair acu ar phraghas an-réasúnta. An rud a ghoilleann ar an Murchúch ná go bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘tiarna talún’ nó ‘tionónta’ ar chor ar bith. Nach méanar dó bheith ag préitseáil agus é buailte chuige go deas ina thigh mór maisiúil galánta.