An Nollaig Thuaidh…

Tá ár gcomhfhreagraí 50 bliain d’aois inniu – Lá Nollag – cad é mar a tharla sé sin?

dsc_0384

Fadó, fadó, tháinig gasúr beag ar an saol Lá Nollag. Ní i mBeithil a tháinig sé ar an saol, ámh, ach i mBéal Feirste agus ní raibh a fhios aige ar feadh tamaill fhada gur tháinig sé ar an saol ar lá céanna lenár dTiarna. Ní raibh ann ach gasúr agus ní raibh eolas rómhaith ar dhátaí aige!

De réir a chéile, d’éirigh sé aníos agus fuair sé amach gur tháinig sé ar an saol Lá Nollag. Na gasúir eile scoile a d’inis dó gur tubaiste a bhí ann. “B’fhuath liom Lá Nollag mar lá breithe,” a dúirt siad uilig bliain i ndiaidh bliana, “ní fhaigheann tú ach bronntanas amháin”. Bhí an port ceannann céanna acu uilig go léir – gur mhór an feall lá breithe a bheith agat ar Lá Nollag.

Phléigh gach aon duine cad é an lá ab fhearr do do lá breithe. Cad é an lá is fearr ar fad le go mbainfeá an oiread sin tairbhe as lá breithe agus Lá Nollag? Gasúir de chuid an lucht oibre a bhí iontu. Ní raibh oiread agus duine amháin acu saibhir agus bhí luach ar an uile phingin an t-am sin fadó, fadó, fadó.

Socraíodh gur drochmhí ar fad a bhí i mí na Nollag féin, nach raibh mí Eanáir mórán níos fearr ach go raibh lá ar bith i ndiaidh Lá Fhéile Bríde sásta go maith nó bheadh cúpla pingin sa bhreis ag tuismitheoirí – agus comrádaithe scoile – faoin am sin.

Ach níor chuidiú ar bith é sin ag an ghasúr a tháinig ar an saol Lá Nollag. Ní thiocfadh leis an Tardis a iarraidh ar an Dochtúir agus taisteal siar agus a lá breithe a athrú. Is minic a chuala sé an Dochtúir ag caint ar “fixed points in time” agus, fiú dá dtabharfadh sé iasacht an Tardis don ghasúr, cá bhfios cad é an dochar a dhéanfadh sé don amlíne in Éirinn, gan a bheith ag caint ar amlíne na cruinne?

Ní raibh an dara rogha ann ach glacadh leis. Agus ghlac.

Agus níor chuir sé as dó. Fuair sé bronntanais Lá Nollag, rinneadh a mhór de, agus bíodh is nach raibh cóisir lá breithe aige, fuair sé dinnéar turcaí agus selection box agus chan gach aon duine “Lá breithe shona duit” roimh an dinnéar mór. Cá mhéad gasúr eile a fuair a leithéid d’fhéasta ar lá a mbreithe?

De réir mar a d’imigh an t-am, tháinig cártaí lá breithe leis na cártaí Nollag agus tháinig daoine a fhad leis ar Aifreann Lá Nollag leis an lá a thréaslú leis agus spochadh as nach mbeadh sé dífhostaithe go deo nó thiocfadh leis sagart a dhéanamh de féin agus nach cinnte go mbeadh sé ina Phápa ar ball ó tharla an lá breithe shuntasach sin aige?

Agus rinne sé gáire agus d’amharc sé ar chailíní áille na cathrach agus smaointigh sé leis féin gur bheag seans go ndéanfaí sagart de.

Agus de réir mar a d’imigh an t-am, bhain sé céim amach, fuair post, phós sé, tháinig páistí dá chuid féin ar an saol agus cheannaigh crann Nollag dá theach féin. Stad daoine de bheith ag spochadh as faoina lá breithe ach lean a mháthair de scairt a chur air gach aon bhliain agus í ag rá go magúil: “B’fhiú an uile phian thú!”

Tháinig roinnt cártaí lá breithe i measc na gcártaí Nollag go fóill. Ní raibh dearmad déanta ag na seanchomrádaithe ar an ghasúr a roinn a lá breithe lenár Slánaitheoir. Ba dheas iad – go dtí bliain amháin gur tháinig cárta amháin agus “Comhghairdeas! Tá tú 50 bliain d’aois” scríofa air. 50?! Á, Dia dár sábháil, a smaointigh an gasúr beag a tháinig ar an saol Lá Nollag, cad é mar a tharla sé sin?

Fág freagra ar 'An Nollaig Thuaidh…'

  • Séamas Mac Coitir

    Ba bhreá liom éisteacht leis na colúnaithe éagsula ag dul siar ar bhóithrín na smaointe. Mo ghairm go deo iad, agus go n-éirí an saol agus an aimsir leo!