An mhaidin tar éis na gcíréibeacha, chuir mé bior ar mo chluais go bhfeicfinn cén sórt scéalta a bhí ag dul thart…

Tá daoine ag obair leo go ciúin i saol ilchultúir na hÉireann in ainneoin na mbréag a scaiptear fúthu

An mhaidin tar éis na gcíréibeacha, chuir mé bior ar mo chluais go bhfeicfinn cén sórt scéalta a bhí ag dul thart…

An mhaidin tar éis na gcíréibeacha i gcathair Bhaile Átha Cliath, chuaigh mé amach ag spaisteoireacht. Ach ní raibh sé de mhisneach agam fós bualadh isteach go dtí ‘lár’ na cathrach.

Castar inimircigh agus eachtrannaigh orm chomh minic sin nach ndéanaim mórán iontas díobh níos mó.

Ach bíonn an oiread sin scéalta á scaipeadh faoi dhaoine a ‘sciobann obair ó mhuintir na hÉireann’ agus a bhíonn ‘ag maireachtáil ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh’ gur mheas mé go mbeadh sé spéisiúil a fháil amach an raibh ‘fírinne eile’ ann.

Dúirt mé liom féin go gcuirfinn bior ar mo chluais go bhfeicfinn cén sórt scéalta a bhí ag dul thart nó an raibh aon cheo nua tarlaithe i saol ilchultúir na hÉireann le tamall anuas.

Bhuail mé isteach Tigh Aldi.

Bhí cuma na tuirse ar an mbean mheánaosta a bhí i mbun dheasc an airgid. D’fhiafraigh mé di an raibh sí i bhfad i mbun oibre. Bhí sí ina suí óna cúig a chlog ar maidin, d’inis sí dom.

‘Tá mé sa siopa óna sé ar maidin,’ a dúirt sí.

Ach ní bhíonn siopa Aldi oscailte chomh luath sin, shíl mé.

‘Tógann sé óna sé go dtí an naoi – trí uair an chloig – gach maidin na seilfeanna a líonadh,’ dúirt sí. ‘Bímid ar fad istigh ag an am sin ag cur glasraí, torthaí, feoil, bia den uile chineál, amach ar na seilfeanna, gach uile lá.’

As An Liotuáin di, agus b’amhlaidh an scéal ag an gcuid eile den fhoireann. Fíorchorr-Éireannach a bheadh sásta an obair sin a dhéanamh agus ansin seasamh ag an deasc airgid ar feadh cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin.

Ach tá seanchleachtadh againn faoin am seo ar mhuintir oirthear na hEorpa. Is diabhaltaí maith na hoibrithe iad – bíonn siad fíoréifeachtach in aon phost a thugtar dóibh. Ach ní haon eisceacht iad siúd – bhí mé ag faire amach an lá sin le haghaidh scéalta nach gcloiseann muid go laethúil.

Bhí an bhean sa gcaifé ag crochadh a mála droma agus í réidh le n-imeacht nuair a bhuail mé bleid uirthi.

Rinneamar dreas cainte faoi rud éigin fánach go dtí gur mheas mé go bhféadfainn a fhiafraí di cárbh as í.

‘Na hOileáin Fhilipíneacha,’ d’fhreagair sí. Bhí tuairim mhaith agam nach mbeadh sí ag tarraingt an ‘dole’ agus d’fhiafraigh mé di cén obair a bhí ar bun aici. Bean álainn ghealgháireach a bhí inti.

‘Bím ag obair san obrádlann, in Ospidéal Naomh Uinseann,’ a dúirt sí. ‘Tá a fhios agat – ag déanamh obráidí agus a leithéid,’ agus scairt sí amach ag gáirí. Ba léir go raibh obair de chineál eile ar bun aici agus chuirfinn geall nach mórán Éireannach a dhéanfadh an obair chéanna.

Ar chúis éigin – b’fhéidir go raibh coiriúlacht na hoíche roimhe fós ar m’intinn agam – luaigh mé léi nár mhór a bheith cúramach agus í ag dul isteach sa gcathair. Shín sí méar i dtreo phóca an tseaicéid a bhí á chaitheamh aici.

‘Lá nó dhó ó shin, d’airigh mé lámh á sá isteach sa phóca sin, áit a gcoinním mo sparán anois is arís,’ dúirt sí. ‘Chas mé timpeall agus bhí beirt acu ann – duine ag cur lámh in mo phóca agus a chomhpháirtí réidh ar an taobh eile chun glacadh leis an gcreach!’

‘Agus céard a rinne tú?’ d’fhiafraigh mé.

‘Tá Crios Buí sa ‘Taekwondo’ agam,’ a dúirt sí. ‘Thug mé uillinn san éadan dó agus ghlan siad leo.’

Dúirt sí go raibh sí ar Shráid Anraí sa gcathair tamall roimhe sin, nuair a chonaic a mac, atá aon bhliain déag d’aois, duine eile ag oscailt an zip ar a mála droma. Bhí an mála oscailte go hiomlán ag an ngadaí nuair a fuair an mac réidh leis, go tapaidh agus go héifeachtach.

‘Tá Crios Gorm aige siúd,’ a dúirt sí go bródúil agus ghlan sí léi chuig a cuid oibre san obrádlann.

Bean eile as na Filipíní a casadh orm ag an deireadh seachtaine. Ach an uair seo, ní ag obair a bhí sí ach ag tabhairt aire dá cailín beag a bhí ag imirt cluichí peile agus camógaíochta i dtuaisceart na cathrach. Ní hamháin go raibh aithne aici ar na tuismitheoirí eile ar fad ach bhí roinnt mhaith aithne aici freisin ar na cailíní beaga a bhí ag imirt.

Chuimhnigh mé go raibh cara linn ag iarraidh a theach a dhíol ar feadh i bhfad. Thit margadh nó dhó as a chéile agus bhí fadhb éigin aige le cloch eibhir a chuir cosc le cead pleanála a fháil- rud a chuirfeadh le luach an áitribh. Ar aon nós, go tobann fuair sé tairiscint a chuir deireadh leis an éiginnteacht ar fad.

Agus ní bheidh aon duine ag moilleadóireacht de bharr an fanacht ar iasacht – airgead tirim atá i gceist an babhta seo.

Freisin, fuair sé amach go bhfuil an suíomh trasna an bhóthair óna theach, ceannaithe ag an dream céanna. Tá barúil aige gur áitreabh i gcomhair a gcuid oibrithe sa ghnó glantóireachta atá acu a bheas sa teach féin agus go dtógfaidh siad teach nua as an bpíosa ar an suíomh bán. Teaghlach as an tSín atá iontu.

Casadh fear ó eastát in aice liom orm ag maidin chaife le gairid. Istigh in ionad an adhlacóra a bhí an mhaidin chaife ar siúl – ach sin scéal eile.

Bhíomar inár suí timpeall an bhoird (d’airigh muid uainn an chónra) ag ól caife agus ag ithe bonnóg. Dúirt duine de na fir go raibh cónaí air in eastát atá gar dom. Shiúlamar abhaile le chéile. Ar an mbealach d’inis sé dom go raibh sé ina chónaí ann le blianta fada agus go raibh sé tugtha faoi deara aige le scaitheamh go raibh cúig nó sé cinn de na tithe díolta le gairid le teaghlaigh as an tSín. Thaispeáin sé teach amháin dom a raibh síneadh á chur leis- ‘thugadar milliún go leith euro ar an teach sin,’ a dúirt sé. ‘Agus chuala mé go bhfuil siad ag caitheamh leathmhilliún eile ar an síneadh agus ar an athchóiriú.’

Bhí an-áthas ar chara liom go raibh teach ceannaithe ag a hiníon agus a fear céile i ndeisceart na cathrach. Tá leanbh óg acu agus tá súil acu a bheith istigh ann go luath. Agus í ag siúl thart ar an eastát le gairid, bhí cineál díomá uirthi nach bhfaca sí lánúineacha óga eile, le pramanna agus bugaithe. D’fhiafraigh sí den tógálaí a bhí ag obair ar liosta na marach nó na ‘snaganna’ cá raibh na húinéirí nua eile.

D’inis sé di nach bhfuil na tithe ar fad díolta go fóill, ach go bhfuil roinnt acu díolta (ar airgead tirim) le teaghlaigh as an tSín.

Níor airigh mé éinne ag caint faoi seo agus iad ag tuairimíocht faoi ghanntan tithe. Ach is é fírinne an scéil ná go bhfuil eacnamaíocht oscailte againn agus lánchead ag daoine atá ina gcónaí anseo go dleathach, tithe a cheannach anseo. Agus chuirfinn geall nach bhfuil éinne acu ag tarraingt an ‘dole’ ach an oiread.

Fág freagra ar 'An mhaidin tar éis na gcíréibeacha, chuir mé bior ar mo chluais go bhfeicfinn cén sórt scéalta a bhí ag dul thart…'

  • Ruán Ó Gliasáin

    Alt maith a léiríonn maitheas na n-inimirceach ach nach próifíliú cine é “tá seanchleachtadh againn faoin am seo ar mhuintir oirthear na hEorpa. Is diabhaltaí maith na hoibrithe iad” – ceapaim gur ró-ghinearálú é sin?