An mar a chéile na Gallóglaigh, na ‘Páidíní Plaisteacha’ agus laochra nua an rugbaí ?

Ba ar an gcos eile a bhí an bhróg ag tús an chéid seo caite agus ba ag ‘easpórtáil’ ár gcuid laochra spóirt a bhíodh muid

An mar a chéile na Gallóglaigh, na ‘Páidíní Plaisteacha’ agus laochra nua an rugbaí ?

Ní móide gur chuala Tony Cascarino, Ray Houghton ná John Aldridge an focal ‘Gallóglach’ riamh, ach b’in a bhí iontu – Gall-Óglaigh, nó saighdiúirí óga ó thír iasachta.

Tá seans ann go mb’fhéidir go raibh eolas éicint ag a gcomrádaí Kevin Kilbane ar an téarma. Is de bhunadh Oileán Acla é siúd, áit ar sloinne coitianta go maith é Ó Gallóglaigh agus más buan mo chuimhne ‘English’ mar aistriú air i mBéarla.

Idir an 13ú agus an 16ú céad ba thréine na Gallóglaigh ba thúisce i stair na hÉireann agus ar ndóigh níor pheileadóirí a bhí iontu ach saighdiúirí cearta troda.

Lochlannaigh ab ea a seansinsir ach rinneadh Ceiltigh de chineál díobh nuair a chuireadar fúthu in iarthar na hAlban, go fiú agus go mba ‘Gall-Ghaeil’ a thugtaí sa tír seo orthu. Thug go leor díobh a n-aghaidh anseo nuair a díbríodh dá gcuid talún iad de bharr go raibh siad ar a dtaobh siúd a throid in aghaidh na Sasanach ar thóir neamhspleáchais na hAlban. Chuir a dteacht agus a dtaithí go mór le cumas troda na n-airm a bhí ag treibheanna dúchasacha na hÉireann – Clann Uí Dhomhnaill, Uí Néill, Uí Chonchubhair agus na Gearaltaigh.

Ba iad na Gallóglaigh mar sin na chéad ‘Páidíní Plaisteacha’, téarma nár tháinig ar an saol gur thosaigh Jack Charlton ag tabhairt isteach leithéidí na n-imreoirí atá luaite thuas agam agus téarma a raibh roinnt mhaith den mhasla agus den dímheas ag baint leis nuair a ceapadh ar dtús é.

Ábhar mórtais ag go leor inniu é agus níl sé i bhfad ó chuala mé an craoltóir Dermot O’Leary á úsáid agus eisean ag cur síos ar an gcaoi a gceapadh a chomhaoiseanna i Sasana go mba ‘Páidín’ a bhí ann fad is a bhí a ghaolta i Loch Garman ag glaoch ‘Sasanach Beag’ air.

Tús Chraobh Rugbaí na Sé Náisiún a bheith ar leic na tairsí againn a chuir na Gallóglaigh isteach i mo chloigeann an tseachtain seo mar go bhfeicim cheana féin corrthagairt tharcaisneach arís i nuachtáin Sheáin Bhuí faoin gcaoi a bhfuil údaráis rugbaí na hÉireann iad féin anois gaibhte i dtuilleamaí an ‘phlaistigh’ – thar lear a rugadh Bundee Aki, Will Addison, Quinn Roux agus C.J Stander atá ar an liosta imreoirí na Sé Náisiún i mbliana, cur i gcás.

Sa gcaoi chéanna a bhfuil an ghoimh imithe as an ‘bPáidín Plaisteach’, déantar neamhshuim láithreach den deargamaidí seo freisin. Bíodh sé ceart nó mícheart, sin an bóthar atá á thaisteal ag an rugbaí go hidirnáisiúnta le tamall maith de bhlianta anois. Is i Sasana a rugadh cúigear de phainéal na Breataine Bige i gCraobh na Sé Náisiún agus is sa Nua-Shéalainn a rugadh Hadleigh Parkes agus Gareth Anscombe. Tá an tÉireannach Ian McKinley agus ochtar eachtrannach eile ar fhoireann na hIodáile; ochtar as an Leathsféar Theas ag Sasana agus seisear déag as gach ilchríoch ar dhroim na cruinne, cé is moite den Áise, ainmnithe ag Albain.

Ba ar an gcos eile a bhí an bhróg ag tús an chéid seo caite ó thaobh na hÉireann agus de bharr imirce ba ag ‘easpórtáil’ ár gcuid laochra spóirt a bhíodh muid – go Meiriceá go háirid.

Ba i gCill Bhríde i gContae Luimnigh a saolaíodh John Flanagan a bhuaigh trí bhonn óir as a chéile ag caitheamh an chasúir don tír sin ag Cluichí Oilimpeacha Pháras (1900), St. Louis (1904) agus Londan (1908). Chuaigh mé ar scoil le gaolta de chuid Martin Sheridan as Both Chomhla i gcontae Mhaigh Eo a bhuaigh cúig bhonn óir, trí cinn airgid agus ceann cré-umha sna léimeanna agus ag caitheamh na teisce (discus) i ngeansaí na Státaí timpeall an ama chéanna. Bhásaigh an fear bocht leis an bhfliú i 1918 agus gan é ach 37 bliain d’aois.

Bhuaigh Robert Kerr as Inis Ceithleann boinn óir agus airgid do Cheanada sna rásaí 100 agus 200 méadar i Londain.

Níl ansin ach liosta fíorbheag de lúthchleasaithe a thug faoin imirce agus a sheas an fód do na tíortha a thug dídean dóibh in aimsir an drochshaoil.

Tá seans ann go ndeachaigh cuid mhaith acu go Sasana freisin le linn an achair sin, ach ní raibh sé chomh héasca céanna ag an té a rugadh in Éirinn a bheith sásta onóir a thuilleamh do réimeas a bhí ag déanamh cos ar bolg ar a thír dhúchais. Mar sin féin bhuaigh John McGough as Muineachán, a chuir faoi in Albain, bonn airgid don Ríocht Aontaithe san Aithin i 1906.

Timpeall an ama sin ba i seilbh lúthchleasaí as Cill Mhantáin darbh ainm Peter O’Connor a bhí curiarracht an domhain sa léim fhada. Bheadh fíorsheans aigesean freisin ar bhoinn ag Cluichí Pháras agus St. Louis, ach gur faoi bhratach na Breataine a bhí an deis sin ar fáil dó siocair go mba chuid di Éirinn ag an am. D’fhág an col a bhí aige leis sin a dhéanamh go mba sa mbaile a d’fhan sé.

Is ar éigean gur féidir a rá gur ionann an imirce a rinne Sheridan, Flanagan agus Kerr agus an turas a thug CJ Stander go hÉirinn, Sergio Parisse as an Airgintín chun na hIodáile ná Manu Tuilagi as Samó go Leicester.

Nó an fíor sin? Is ar éigean is dócha gurbh é an t-ocras a bheadh i ndán dóibh dá mba sa mbaile a d’fhanfaidís. Fós féin, cé amuigh ansin atá in ann a inseacht cén áit a luíonn an teorainn idir sin agus an duine atá ag iarraidh saol níos fearr a aimsiú dó féin agus dá chlann?

 

Fág freagra ar 'An mar a chéile na Gallóglaigh, na ‘Páidíní Plaisteacha’ agus laochra nua an rugbaí ?'