An Manach agus na mangairí – coincheap casta an ‘ordinary decent criminal’

Cuntas ar ghníomhartha buile Gerry 'The Monk' atá sa tsraith faisnéise dhá chlár is déanaí ó RTÉ

An Manach agus na mangairí – coincheap casta an ‘ordinary decent criminal’

Nach ait an nath agus coincheap é ‘Ordinary Decent Criminal’? Bhí scannán den teideal sin againn i mbliain an dá mhíle inar thug Kevin Spacey léiriú ar charachtar geanúil a bhí bunaithe ar Martin Cahill. Duine eile den mhúnla sin, mar dhea, is ea Gerry ‘The Monk’ Hutch ach léirigh an chéad ghála den tsraith Gerry Hutch: AKA The Monk (RTÉ1, Dé Luain) gur áiféiseach an coincheap é.

Fear é a bhfuil breis agus daichead bliain caite aige ag saothrú in iomaire na coiriúlachta agus léirigh clár an Luain nach raibh aon rud gnaíúil faoina ghníomhartha buile. Léiríodh i dtosach an chláir gur bhliain chinniúnach a bhí in 2015 do Hutch nuair a dúnmharaíodh a nia Gary go brúidiúil in Fuengirola na Spáinne. Léiriú fuilteach go raibh cothromaíocht na cumhachta coiriúlachta ag athrú agus an lámh in uachtar á fáil ag muintir Kinahan.  Dála aisteacha na coiriúlachta; an seanfhondúir a bhí sa Táin anois á thóraíocht.

Ansin deineadh sinn a theilgean siar chuig Cnoc an tSamhraidh agus Sráid Sheáin Mhic Dhiarmada na seascaidí.  Ceantar fé mhíbhuntáiste agus áit a bhí beag beann ar an dlí. Agus é sna déaga bhain Gerry cáil amach dó féin mar ghadaí agus é i gceannas ar an mbuíon, na Bugsy Malones.

Thug an t-iriseoir Leo Enright  cuntas a  ar an mbuíon chaith sé tréimhse sa cheantar ag iarraidh cur ina luí orthu a scéal a insint. Faoi dheireadh tugadh cuireadh dó dinnéar, pláta crúibíní, a chaitheamh le Hutch agus a chailín. Is ait an íomhá é. Enright gafa ag éirimiúlacht an fhir óig díreach mar a bhí daoine eile gafa leis an seasamh a thóg sé, go poiblí ar aon nós, i gcoinne drugaí. Fear a bhí teann as a dhúchas agus a bhí ag seasamh lena phobal féin.  Fear é nár thaithigh an tigh tábhairne an oiread sin agus sin an chúis gur bhaist an Gaeilgeoir Harry McGee ‘The Monk’ air. Fear é a bhí, agus atá, deas ar a bheith ag cliúsaíocht leis na meáin. An ‘Ordinary Decent Criminal’; bhí an miotas á ghiniúint

Le meitheal bhreá de chloigne cainte agus ábhar cartlainne ár dtionlacan tugadh sin tríd na heachtraí coiriúlachta chomh maith. Bhí sé ciontaithe 30 babhta faoin tráth go raibh an scór bliain slánaithe aige agus creid é nó ná creid, níor ciontaíodh é in aon rud ó 1983 i leith. D’éirigh an choiriúlacht níos cliste, níos sofaisticiúla agus níos foréigní. Léiríodh conas mar a chuaigh an Biúró um Shócmhainní Coiriúla sa tóir air agus an tslí gur éirigh leis, ar shlí, na cosa a thabhairt leis agus dul ar scor faoin ngrian sna hOileáin Chanáracha. Ba iad eachtraí 2015 a thug ar ais i lár an aonaigh é agus tugadh léiriú críochnúil, corraitheach ar an ionsaí marfach a deineadh ar Óstán an Regency in 2016.

Bhíothas i mbun oibre ar an saothar seo nuair a d’fhógair Hutch go raibh sé le tabhairt faoi shuíochán Dála in 2024. Gan amhras tugann sin breis amhábhair agus tráthúlachta don tsraith.  Ní nach ionadh ní raibh aon ionchur ón bhfear féin agus meabhraíodh dúinn i ndeireadh an chláir gur thug sé an t-eiteach don chuireadh a bheith rannpháirteach agus go séanann sé na líomhaintí coiriúlachta ar fad.

Fág freagra ar 'An Manach agus na mangairí – coincheap casta an ‘ordinary decent criminal’'