Bhí ceann de bhuaicphointí na sraithe ag Ceatharlach ach beidh Uíbh Fhailí agus Port Láirge níos sásta lena bhfeachtais

An tseachtain seo chugainn a bheidh cluiche ceannais Roinn 1A idir Tiobraid Árann agus Corcaigh ach roimhe sin, caitheann ár gcolúnaí súil siar ar fheachtais na bhfoirne lasmuigh den phríomhroinn

Bhí ceann de bhuaicphointí na sraithe ag Ceatharlach ach beidh Uíbh Fhailí agus Port Láirge níos sásta lena bhfeachtais

Tá deireadh déanta ag an chuid is mó de na contaetha san fheachtas sraithe don earrach agus iad dírithe go hiomlán anois ar dheireadh seachtaine na Cásca agus tús chraobh 2025 a chríochnóidh ar an 20ú Iúil.

Ach cén sórt feachtas sraithe a bhí againn? Bhuel, ní fhéadfá a rá go raibh sé go hiontach. Ach, dar ndóigh bhí buaicphointí ann agus is dócha an scéal is fearr a bhí ann ná Uíbh Fhailí agus iad ag fáil ardú céime ar ais i measc na mboc mór don chéad fheachtas sraithe eile, pé toradh a bheidh againn i gcluiche ceannais Roinn 1B an Domhnach seo chugainn idir iad féin agus na Déisigh.

Bhíos an-tógtha le hUíbh Fhailí an Satharn seo caite i gcoinne an fhreasúra céanna. Cheapas go raibh siad thar a bheith sciliúil. Is trua go rabhadar ag imirt le ceathrar déag den chuid is mó den chluiche agus cárta dearg, a bhí dian go maith, taispeánta do James Mahon. É sin ráite, b’fhéidir go dtabharfaidh sé buntáiste síceolaíoch don ‘Chontae Dílis’ sa chluiche ceannais.

Beidh Port Láirge ar ais sa phríomhghrád freisin in ainneoin gur chuir siad tús thar a bheith corrach leis an tsraith. Ba ag Ceatharlach a bhí ceann de bhuaicphointí na sraithe leis an bhua iontach sin a bhí acu i gcoinne na nDéiseach. Chuir siad tús leis an tsraith le cluiche comhscóir i gcoinne Uíbh Fhailí chomh maith sular chríochnaigh siar i lár an tábla le sé phointe agus dhá chluiche buaite acu, péire eile caillte agus péire eile críochnaithe ar comhscór.

I Roinn 2, bhí an Dún an-fheiceálach faoin cheannas an iarlaoich Ronan Sheehan, mar a bhí Cill Dara sa roinn chéanna. Chríochnaigh an dá chontae ar bharr an tábla agus ardú céime bainte amach chomh maith le háit sa chluiche ceannais a bheidh ar siúl um thráthnóna, mar a bheidh cluichí ceannais Roinn 3 agus 4 idir Londain agus Maigh Eo agus idir Fear Manach agus Lú faoi seach.

Agus céard faoi iománaithe Dhún na nGall a bhuaigh ar Chiarraí agus a scóráil 5-14 an tráthnóna stairiúil sin? Shaothraigh siad moladh don bhua sin ach faraor níor éirigh leo fanacht i Roinn 2 cé go rabhadar iomaíoch go maith.

Sa phríomhroinn, bhí na cluichí iomaíoch ach ní fhéadfá a rá go raibh an feachtas sraithe ina iomlán go hiontach. Beidh an Clár agus Loch Garman i Roinn 1B don chéad séasúr eile. Bhí an dá fhoireann céasta ag gortuithe don chéad chúpla babhta agus d’íocadar go daor as an mí-ádh sin.

Níl aon dabht ach go bhfuil an dá chontae is fearr sa chluiche ceannais. Tá moladh ag dul do Liam Cahill agus a fhoireann bainistíochta a bhfuil sárjab á dhéanamh acu chun an fhoireann a spreagadh agus a ghríosú. Tá na Tiobraid Árannaigh láidir arís agus ar ais san áireamh do na comórtais mhóra go léir anois.

Maidir le Corcaigh, tá Pat Ryan agus a leaids fanta ar an mbóthar céanna ar thosaigh siad amach air i lár an fheachtais craoibhe anuraidh nuair a bhí an bua acu i gcoinne Luimnigh i gCraobh na Mumhan mí Bealtaine.

Tá lucht leanúna an chontae ag fanacht fiche bliain anois do chorn náisiúnta, gorta sa chontae bródúil iománaíochta seo ach tá dóchas ann nach mbeidh siad rófhada eile ag fanacht. Bhí sluaite de bhreis is 20,000 ag na trí chluiche a d’imir Corcaigh i bPáirc Uí Chaoimh sa tsraith agus léiríonn sé sin an tsuim agus an dúil atá ag daoine coirn a bhuachan. Tá seachtain idir muid agus an cluiche mór sin go fóill ach tá na ticéid ar fad díolta cheana féin.

Fág freagra ar 'Bhí ceann de bhuaicphointí na sraithe ag Ceatharlach ach beidh Uíbh Fhailí agus Port Láirge níos sásta lena bhfeachtais'