An litríocht bhéil! Acmhainní nua don seomra ranga ar fáil ar Tuairisc.ie

Tá sé mhír déag sa ‘Litríocht Bhéil’ agus na míreanna nua ar fad ar fáil saor in aisce do chách ó inniu ar aghaidh

An litríocht bhéil! Acmhainní nua don seomra ranga ar fáil ar Tuairisc.ie

Tá acmhainní teagaisc nua á seoladh ar Tuairisc.ie inniu atá bunaithe ar ábhar ó Bhailiúchán na Scol ón suíomh dúchas.ie.

Tá sé mhír déag sa ‘Litríocht Bhéil’ agus na míreanna nua ar fad ar fáil saor in aisce do chách ó inniu ar aghaidh.

Is comhghuaillíocht atá anseo idir Scoil an Oideachais in OÉ Gaillimh agus Tuairisc.ie le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Is iad Breandán Mac Gearailt agus Emer Davitt, léachtóirí ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) in OÉ Gaillimh, stiúrthóirí an tionscnaimh agus earcaíodh scoláirí ón MGO le dul i mbun oibre ar ábhar ó Bhailiúchán na Scol.

Tá an t-ábhar, atá deartha ag Tuairisc.ie, dírithe go príomha ar scoláirí na sraithe sóisearaí i scoileanna T1, ach is féidir le scoláirí i scoileanna T2 tairbhe a bhaint astu chomh maith.

Deineadh na míreanna nua a fhorbairt mar chonacthas do lucht an tionscnaimh  go raibh bearna ann maidir le hábhar cuí do scoláirí agus do mhúinteoirí atá ag plé leis an litríocht bhéil, atá mar chuid lárnach de shonraíocht na Gaeilge ag leibhéal na sraith sóisearaí.

Tá an litríocht bhéil lárnach i sonraíocht Ghaeilge na sraithe sóisearaí do scoileanna T1 agus tá na hacmhainní seo dírithe go príomha ar mhúinteoirí agus ar scoláirí sna scoileanna sin. Ina dhiaidh sin féin, is féidir le haon fhoghlaimeoir, daon aois, taitneamh agus tairbhe a bhaint as an rannóg seo.

Chomh maith leis sin, tá smaointe maidir le gníomhaíochtaí breise agus naisc chuig acmhainní agus ábhar gaolmhar ar fáil sna míreanna i Rannóg Oideachais Tuairisc.ie.

Tá na cúig scil teanga, an obair bheirte/ghrúpa, an fhoghlaim ghníomhach agus saibhreas/cruinneas na teanga ag éirí thiar as na míreanna ar fad.

Tá taifeadadh déanta ag Tuairisc.ie ar na míreanna ar fad le scoth na gcainteoirí dúchais (Dara Ó Cinnéide, Seán Ó Cuirreáin agus Gormfhlaith Ní Thuairisg), agus iad i mbun cainte ar ghnáthluas.

Is féidir le scoláirí iad féin a thaifeadadh ag úsáid an chnaipe ar bharr ar chlé agus san áit chéanna tá cnaipe foclóra a ligfidh dóibh míniú a fháil ar fhocal.

Daingnítear an nasc idir na míreanna nua seo agus sonraíocht na Sraithe Sóisearaí sna tagairtí de réimsí éagsúla di atá ar fáil sna míreanna éagsúla.

Beidh gach múinteoir in ann na míreanna seo a shníomh isteach ina n-aonaid phleanála féin agus a chur in oiriúint dá scoláirí féin.

Ó tharla go bhfuil na hacmhainní idirghníomhacha seo ar fáil saor in aisce ar líne agus gur féidir leis na scoláirí tabhairt fúthu go neamhspleách, tá siad an-áisiúil i ré seo an víris chorónaigh agus an scartha fhisiciúil.

Go n-éirí libh.

Rannóg Oideachais Tuairisc.ie

Stiúrthóirí an Tionscnaimh 

Breandán Mac Gearailt
Emer Davitt

Meitheal Oibre 

Paddy McDevitt
Stuart McFadden
Aoife Ní Chathasaigh
Katie Ní Dhomhnaill

Fág freagra ar 'An litríocht bhéil! Acmhainní nua don seomra ranga ar fáil ar Tuairisc.ie'