An líon is mó airí stáit riamh ceaptha – aireacht na Gaeltachta á coimeád ag Calleary

Tá Jerry Buttimer ceaptha ina aire stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus sa Roinn Iompair, ach ní bheidh cúram na Gaeltachta air

An líon is mó airí stáit riamh ceaptha – aireacht na Gaeltachta á coimeád ag Calleary

23 aire stáit ar fad a bheidh ag an rialtas nua – an líon is mó riamh. 

Mar a bhíothas ag súil, ag fanacht le haire sinsearach – Dara Calleary – a bheidh cúram na Gaeltachta, an chéad uair gur tharla a leithéid ó 2011. 

Bhí doiléire beag ar feadh tamaill tráthnóna faoi cé air a bheadh an phríomhfhreagracht as an nGaeltacht agus an cúram sin luaite ar liosta oifigiúil na n-airí stáit nua leis an aire stáit, Jerry Buttimer, an Teachta Dála de chuid Fhine Gael as Corcaigh Theas-Lár. 

Ach tá deimhnithe ag Tuairisc tráthnóna nach mbeidh cúram na Gaeltachta á tharmligean le haire stáit ag Dara Calleary, an tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. 

Ceapadh Jerry Buttimer ina aire stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus sa Roinn Iompair.

Ar na freagrachtaí a bheidh air i roinn amháin beidh an fhorbairt pobail agus carthanachtaí agus sa roinn eile beidh sé freagrach as an gcóras iompair faoin tuath.

Fógraíodh ceapacháin na n-airí stáit nua i ndiaidh cruinniú rialtais tráthnóna. 

Tá Byrne, aire stáit na Gaeltachta sa rialtas deireanach, le bheith ina aire stáit do ghnóthaí Eorpacha sa rialtas nua. 

Cé go raibh údar maith díomá ag Byrne, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil a toghadh sa Mhí Thoir, nach bhfuair sé ardú céime go dtí bord an rialtais an tseachtain seo caite, is post í an aireacht gnóthaí Eorpacha a mbíonn go leor á shantú. Post é leis a bhí ag Byrne cheana, idir 2020-2022. 

Deichniúr airí stáit atá ag Fianna Fáil agus ochtar atá ag Fine Gael. Cúigear neamhspleách a bheidh ann mar chuid den socrú faoinar bunaíodh an rialtas nua. 

Bhí brú ar pháirtithe an rialtais a chinntiú go mbeadh cuid mhaith ban i measc na gceapachán i ndiaidh na conspóide faoina laghad ban a ceapadh ina n-airí sinsearacha an tseachtain seo caite. 

Seisear ban a bheidh ina n-airí stáit, beirt mhórairí stáit a fógraíodh cheana san áireamh. 

Fógraíodh inniu ceapachán Niamh Smyth (FF) sa Roinn Fiontair, Jennifer Murnane O’Connor (FF) a bheidh ina haire stáit sa Roinn Sláinte, Emer Higgins (FG) a bheidh sa Roinn Caiteachais Phoiblí, agus Marian Harkin, neamhspleách, ag plé le breisoideachas. 

Charlie McConalogue ó Fhianna Fáil, an t-iar-aire talmhaíochta ó Dhún na nGall a chaill amach ar áit sa chomhaireacht an tseachtain seo caite, a bheidh ina Aire Spóirt, post eile a bhíonn á shantú ag go leor. 

Colm Brophy ó Fhine Gael atá ceaptha ina Aire Stáit don Inimirce, aireacht stáit nua a mbeidh próifíl ard ag baint léi. 

Niall Collins (FF) ó Luimneach athcheaptha agus é ina aire stáit sa Roinn Dlí agus Cirt an babhta seo, mar a mbeidh sé ag plé leis an athchóiriú dlí. Tá ardú céime faighte ag Timmy Dooley (FF) agus fear chontae an Chláir ceaptha sa Roinn Talmhaíochta.  

Beidh Robert Troy (FF) ina aire stáit do na comhair chreidmheasa agus seirbhísí airgeadais.

Beidh Michael Moynihan (FF) ina Aire Stáit don Oideachas Speisialta, beidh Alan Dillon (FG) ag bogadh go dtí an Roinn Fiontair agus beidh Kieran O’Donnell (FG) ag roinnt a chuid ama idir an Roinn Sláinte agus Tithíochta agus cúram daoine aosta air. 

Beidh Neale Richmond (FG) ina aire stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus é freagrach as an diaspora. 

Beidh John Cummins (FG), Teachta Dála nua do Phort Láirge, ina aire stáit sa Roinn Tithíochta. Tá aireacht stáit sa roinn chéanna faighte ag Christopher O’Sullivan (FF) agus é freagrach as cúrsaí dúlra, oidhreachta agus bithéagsúlachta. 

Cúigear airí stáit a bheidh ag na neamhspleáigh atá ag tacú leis an rialtas nua – Seán Canney agus Noel Grealish, a bheidh mar mhórairí stáit agus cead acu suí ag bord an rialtais, agus Marian Harkin, a beidh sa Roinn Breisoideachais, Kevin ‘Boxer’ Moran a mbeidh cúram an OPW air, agus Michael Healy-Rae a bheidh ina aire stáit sa Roinn Talmhaíochta. 

Bhí beirt mhórairí stáit fógartha cheana ag páirtithe an rialtais, Hildegarde Naughton Fhine Gael, a bhfuil roinnt Gaeilge aici, a bheidh freagrach as daoine faoi mhíchumas agus Mary Butler a bheidh ina príomhaoire agus í freagrach as cúrsaí meabhairshláinte. 

23 airí stáit atá fógartha ach tá triúr acu á gcoimeád ‘mar ionadaithe’ nó go dtabharfar isteach reachtaíocht a cheadódh 23 seachas 20 aire stáit. 

Fág freagra ar 'An líon is mó airí stáit riamh ceaptha – aireacht na Gaeltachta á coimeád ag Calleary'