An leanfaidh forlámhas an DUP agus Sinn Féin in 2022?

Den chéad uair tá seans ag Sinn Féin a bheith i dtús áite agus i dteideal na Chéad-Aireachta

An leanfaidh forlámhas an DUP agus Sinn Féin in 2022?

Bliain toghcháin is ea í. Áirítear go mbeidh an toghchán don Tionól in Stormont ar an 5 Bealtaine ar cheann de na coimhlintí is suimiúla le fada. An leanfaidh forlámhas ‘an dá mhórpháirtí’ an DUP agus Sinn Féin? Nó an dtabharfaidh na vótóirí deis don tríú grúpa, lucht an láir mar a thugtar orthu, leithéidí Alliance atá ag fás le sé nó seacht de bhlianta? Chaill aontachtaithe a móramh in Stormont cúig bliana ó shin agus níl móramh ag náisiúnaithe ach an oiread.

Cé gur minic caint faoi mhúnla an dá pháirtí a bhriseadh is ar an gcóimheá idir an DUP agus Sinn Féin a bhí an aird le tamall. Bunaithe ar an bpatrún a nochtadh sna pobalbhreitheanna le bliain, den chéad uair tá seans ag Sinn Féin a bheith i dtús áite agus i dteideal na Chéad-Aireachta.

Beidh ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson ag iarraidh an chinniúint sin a sheachaint. Tá feachtas ar siúl chun a chur i gcion ar vótóirí aontachtacha gur thoradh tubaisteach a bheadh ansin. ’Sí an cheist, an dtabharfar aird ar an bhfoláireamh sin an babhta seo? Rinneadh scéal chailleach an uafáis de le fada ach tá a fhios ag vótóirí gur comhphostanna iad na Chéad agus leasChéad-Aireachtaí.

Ní maise ar aontachtachas é an DUP ná an UUP a bheith ag diúltú a rá go nglacfadh siad le Céad-Aire ó Shinn Féin. Ní chun tairbhe na n-aontachtach é amhras a chothú nach n-aithneodh siad breithiúnas daonlathach an phobail; gríosú do lucht tacaíochta Shinn Féin é freisin. Thairis sin ardóidh sé ceisteanna faoi mharthanacht Stormont agus bheadh sé fíor-aisteach mura gcuirfeadh sé borradh sa bhreis faoi éilimh ar reifreann faoin teorainn.

Is iomaí cor a bheas sa scéal idir seo agus Bealtaine. Tá iarrthóirí na bpáirtithe ainmnithe den chuid is mó ach ceist chasta le fuascailt ag an DUP i nGleann an Lagáin, toghcheantar Parlaiminte Jeffrey Donaldson. Tá beirt teachtaí Tionóil ag an bpáirtí ansin, Edwin Poots a bhí ina cheannaire ar feadh cúpla seachtain agus Paul Givan, an Chéad-Aire reatha. Ba é Poots a cheap Givan sa phost sin agus d’fhág Donaldson ann é – go dtí go mbeadh sé féin in ann filleadh as Westminster chun an cúram a ghlacadh. An seasfaidh duine den bheirt sin i leataobh ar mhaithe le Donaldson nó an ngabhfaidh siad sa seans le triúr iarrthóirí?

Agus cén tionchar a bheidh ag cúrsaí an Phrótacail iarBhreatimeachta ar thoghchán an Tionóíl? Ar cheangail Donaldson cinniúint a pháirtí le hiompar do-thuartha Boris Johnson nuair a thug sé tosaíocht do scrios an Phrótacail? Cén éifeacht a bheidh ag an suaitheadh i rialtas na Breataine faoi cheannas guagach Boris Johnson ar an bpolaitíocht abhus?

Tá go leor de na ceisteanna atá ag dó na geirbe ag daoine i dTuaisceart Éireann fite fuaite le cur chuige taghdach rialtas na dTóraithe. Chomh maith leis an bPrótacal agus éileamh lucht gnó ar sheasmhacht, tá oidhreacht na dTrioblóidí ard ar an liosta sin. Cé gur cuireadh moill ar an reachtaíocht chonspóideach atá molta ag Johnson agus an Státrúnaí Brandon Lewis chun “ líne a tharraingt faoi na Trioblóidí” níl sé caite i dtraipisí.

Níl aon ghlacadh ag íobartaigh, polaiteoirí, rialtas na hÉireann, Meiriceá ná eagraíochtaí chearta an duine leis an bplean sin chun saoirse ó chúiseamh a thabhairt d’fhórsaí an stáit – agus dá bhrí sin do pharaimíleataigh. Níl glacadh ach oiread lena mian cosc a chur ar fhiosruithe, ionchoisní agus cásanna sibhialta.

Ní ghlanfar scáil na dTrioblóidí chomh héasca sin. Liosta le háireamh iad na cásanna atá faoi bhráid na gcúirteanna cheana féin, na céadta acu le héisteacht nuair a bheidh am. Thairis sin tá tuairiscí oifigiúla ar uafáis le heisiúint sna míonna seo romhainn. 

Ina measc sin tá tuairisc ó Ombudsman na bPóilíní ar dhúnmharuithe a rinne dílseoirí idir 1988 agus 1994. Cuireadh moill ar an tuairisc sin in 2019 nuair a thángthas ar fhaisnéis nua ar ríomhairí an PSNI. Táthar ag súil leis anois ar an 10 Eanáir. Ag deireadh na míosa beidh imeachtaí cuimhneacháin i nDoire cothrom an ama 50 bliain ó shin ar tharla uafás Dhomhnach na Fola. Tabharfar go leor eachtraí eile ó bhliain scanrúil 1972 chun cuimhne i rith 2022.

Tá tuairisc eatramhach geallta ag oibríocht Kenova, an fiosrú ollmhór atá idir lámha ag iarPhríomh-Chonstábla as Sasana, Jon Boutcher. Iarradh airsean i dtosach báire cás Stakeknife, gníomhaire san IRA a luaitear le hiliomad maruithe a fhiosrú, ach cuireadh lena chúraimí. San iomlán díreoidh a thuairisc ar bhreis is 200 eachtra – dúnmharuithe, fuadach agus céasadh.

Scrúdófar an caidreamh idir ‘aonad slándála’ Shealadaigh an IRA, na póilíní, saighdiúirí, seirbhísí faisnéise agus gníomhairí maidir le claonpháirtíocht i gcoireanna. Tá os cionn 30 comhad seolta ag foireann Boutcher chuig an tSeirbhís Ionchúisimh Phoiblí.

Bliain dhúshlánach dá lán is léir, gan fiú trácht ar an bpaindéim agus na fadhbanna pearsanta agus poiblí a bhaineann le nimhneas an choróinvíris agus aon athraitheach contúirteach a ghinfear. Beifear ag súil go leanfaidh míorúilt na vacsaíní ár gcosaint cé nach mbeidh sciath chosanta ag éinne go dtí go bhfaighidh tíortha bochta vacsaín freisin. 

Sa réimse poiblí is in olcas atá na fadhbanna sa tseirbhís sláinte ag dul, ní nach ionadh i bhfianaise a raibh de bhrú breise le dhá bhliain ar chóras a bhí ar an dé deiridh roimhe sin. Tá práinn le leasú ó bhonn ar an gcóras, airgead mór riachtanach chuige sin ach an toil pholaitiúil agus misneach thar aon ní. Ceist mhór toghcháin, síltear; níos tábhachtaí go cinnte ná an seanphort ‘mura dtugann tú vóta domsa gheobhaidh tú [mo namhaid] an boc eile’.

Fág freagra ar 'An leanfaidh forlámhas an DUP agus Sinn Féin in 2022?'

  • Liam

    1. An cuma le muintir an Tuaiscirt faoin gcluiche ?
    1. An cuma le muintir an Deiscirt faoi ?
    3. An nglactar go mbeadh na Deiscirtigh ina bhfábhar ?
    4. An mbeadh cúiteamh airgid ann dos na Tuaiscirtigh?
    Nílim ach ag cur na ceiste!

  • Seán Mag Leannáin

    Alt den scoth mar is iondúil ó Phóilín Ní Chiaráin, duine de na tráchtairí is eolaí, is cothromaí agus is géarchúisí ar chúrsaí an Tuaiscirt le fada an lá. Tá an t-ádh linne – lucht na Gaeilge – go bhfuil sí ann.

  • Gearóid Ó Laoi

    Is breá do pheann a Phóilín. Ní amháin…tá seans ann gurb é an gné den Coróinbhíreas sin, Omicron an bhaicsín a bheidh ina sciath ag an domhain.