‘An leagan Gaeilge de Macbeth é seo a chím os mo chomhair amach?’

Aistriúchán Gaeilge nua ar mhórthragóid Shakspeare le léamh sa Taibhdhearc

Johann_Heinrich_Füssli_-_Lady_Macbeth_with_the_Daggers_-_WGA8338
Íomhá: Johann Heinrich Füssli

 

‘An é seo leagan Gaeilge de Macbeth a chím os mo chomhair amach?’

Is ea.

Tá aistriúchán Gaeilge nua déanta ar Macbeth ag Seán Ó Tarpaigh a bheidh á léamh sa Taibhdhearc Dé hAoine.

Is iad Seán Ó Tarpaigh, Diarmuid de Faoite, Síle Nic Chonaonaigh agus Yvonne Laifé agus Barry Barnes a dhéanfaidh an léamh réamhléiriúcháin den saothar.

Beidh deis ag an lucht féachana ceisteanna a chur faoin saothar agus moltaí a dhéanamh nuair a bheidh sé léite.

Dar le lucht eagraithe na hócáide Dé hAoine go bhfuil iróin áirithe ag baint le dráma Shakespeare a bheith aistrithe go Gaeilge.

“Is í Gaeilge chlasaiceach a bhí á labhairt ag an Rí Mac Beatha san 11ú haois agus mar gheall ar sin tugann leagan Gaeilge léargas ar leith ar an scéal, m.sh. an íoróin san ainm Mac Beatha agus é freagrach as dúnmharú an Rí agus as scrios agus caismirt sa tír,’ a dúradh.

– Macbeth/ Mac Beatha, an Taibhdhearc, Gaillimh, an 20 Feabhara, 7 i.n. Glaoigh ar 091 562024 nó téigh chuig www.antaibhdhearc.com le do thicéid a chur in áirithe

 

Fág freagra ar '‘An leagan Gaeilge de Macbeth é seo a chím os mo chomhair amach?’'