An lámh dhearg in uachtar – deireadh curtha ag Tír Eoghain le haistear Mhuineacháin

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCHAIGH: Tír Eoghain a bheidh le Baile Átha Cliath i gcluiche ceannais peile na hÉireann 2018 i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán

An lámh dhearg in uachtar – deireadh curtha ag Tír Eoghain le haistear Mhuineacháin

CLUICHE LEATHCHEANNAIS NA hÉIREANN, Tír Eoghain 1-13 Muineachán 0-15

Is iad Tír Eoghain a bheidh le hÁth Cliath i gcluiche ceannais peile na hÉireann 2018 agus bua aon phointe amháin acu ar Mhuineachán i bPáirc an Chrócaigh.

Ba é cúl Niall Sludden scór na cinniúna agus áit bainte amach ag foireann Mickey Harte sa chluiche ceannais den chéad uair ó 2008.

Sa 63ú nóiméad fuair Conor McManus cic saor a d’fhág go raibh Muineachán chun cinn ar a gcéilí comhraic den chéad uair sa chluiche, ach chuaigh Tír Eoghain díreach suas an pháirc chun an cúl ríthábhachtach sin a aimsiú.

Bhris Tiernan McCann tríd agus cé gur éirigh le Darren Hughes agus Colin Walshe é a stopadh, thit an liathróid i dtreo Sludden agus bháigh sé í go paiteanta.

Lena gceart a thabhairt do Mhuineachán, tháinig siad chucu féin arís i ndiaidh an bhuille sin. Bhí Tír Eoghain trí phointe chun cinn, 1-13 in aghaidh 0-13, gan ach thart ar cúig nóiméad fágtha ach d’éirigh le Kieran Hughes agus Drew Wylie cúilíní a fháil a chinntigh nach raibh ach aon chúilín amháin eatarthu agus an t-am beagnach caite.

Colm Cavanagh, Tír Eoghain agus an ceann is fearr á fháil aige ar Karl O’Connell, Muineachán. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Chuaigh Muineachán ar ionsaí amháin eile. Sheol Rory Beggan pas mór fada isteach i dtreo Hughes ach ní raibh aon imreoir ó Mhuineachán timpeall air. D’éirigh le Tír Eoghain iad a chur ó dhoras agus b’in sin.

Cluiche iontach fisiciúil a bhí ann le agus cé nach mbeidh lucht leanúna Mhuineacháin róbhuíoch don réiteoir Anthony Nolan, seans go raibh an bua tuillte, ar éigean, ag Tír Eoghain.

Bhí na foirne ar comhscór ag leath ama, 0-8 an taobh, agus roinnt mhaith deiseanna curtha amú ag Tír Eoghain. Cúig iarracht a chur siad ar fóraoil sa chéad 35 nóiméad sin agus bhí sé iarracht eile acu nár bhain an sprioc amach.

Peter Harte, Tír Eoghain, faoi bhrú ó Drew Wylie, Muineachán. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Chuir Tír Eoghain an-tús leis an gcluiche agus bhí siad 0-4 in aghaidh 0-1 chun cinn gan ach ceithre nóiméad imeartha. D’éirigh le foireann Mickey Harte seilbh na liathróide a bhaint d’fhir Mhuineacháin arís agus arís eile le linn na tréimhse luath seo agus bhí siad ar fheabhas freisin ag fáil scóranna agus iad ar an bhfrithionsaí.

Tháinig feabhas ar Mhuineachán tar éis tamaill agus bhí siad i bhfoisceacht aon phointe amháin de Thír Eoghain, 0-5 in aghaidh 0-4, agus 20 nóiméad imeartha.

Bhí cúpla deis ar chúl acu sa chéad leath chomh maith ach léirigh cosantóirí Thír Eoghain an-diongbháilteacht. Sa 23ú nóiméad bhuaigh Vinny Corey seilbh na liathróide os comhair an chúil nuair a bhuail iarracht Colin Walshe an cuaille, ach rinne cúl báire Thír Eoghain, Niall Morgan, sábháil mhaith. Phreab an liathróid chuig an lántosach Fintan Kelly ach, an uair seo bhí Mattie Donnelly ann chun í a bhlocáil. Tháinig Tír Eoghain slán.

Chuir Muineachán críoch mhaith leis an gcéad leath nuair a d’aimsigh Conor McCarthy dhá phointe as a chéile chun na foirne a fhágáil ar comhscór agus cé gurbh iad Tír Eoghain ab fhearr a chuir tús an leis dara leath freisin, níor ghéill Muineachán agus iadsan a bhí chun cinn faoi dheireadh agus gan ach seacht nóiméad fágtha.

Ar an drochuair do Mhuineachán, níor fhág na himreoirí is fearr acu lorg chomh mór ar an imirt is a d’fhág na himreoirí is tábhachtaí ag Tír Eoghain. Bhí Colm Cavanagh ar fheabhas ó thús deireadh tráthnóna, bhí Conor McAliskey, Mattie Donnelly agus Tiernan McCann go maith ag pointí éagsúla nuair ba mhó a bhí an crú ar an tairne, bhí an-tionchar ar an imirt ag Peter Harte.

Níor éirigh le Conor McManus ach aon phointe amháin a scóráil ón imirt agus d’éirigh le cosantóirí Thír Eoghain Conor McCarthy a choinneáil ciúin freisin.

Ní raibh mórán roghanna eile acu.

Go dtí go dtiocfar ar réiteach maidir leis an easpa sin, ní éireoidh le Muineachán cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach.

Tír Eoghain: N Morgan; M McKiernan, R McNamee, K McGeary; T McCann (0-1), F Burns (0-1), P Harte (0-2, 0-1 ó chic saor); C Cavanagh (0-1), P Hampsey; M Donnelly, N Sludden (1-2), C McShane (0-1); L Brennan (0-1 ó chic saor), R Donnelly, C McAliskey (0-4, 0-2 ó chiceanna saora). Fir Ionaid: H Loughran in áit F Burns (leath ama), M Bradley in áit L Brennan (47 nóim), R Brennan in áit R McNamee (50 nóim), C McCann in áit R Donnelly (57 nóim), D McClure in áit C McShane (62 nóim), R O’Neill in áit McAliskey (62 nóim).

Muineachán: R Beggan (0-1 ó chic saor); K Duffy, D Wylie (0-1), R Wylie; C Walshe, V Corey, K O’Connell; N Kearns, D Hughes; R McAnespie, S Carey, C McCarthy (0-3); D Malone, F Kelly (0-1), C McManus (0-7, 0-6 ó chiceanna saora). Fir Ionaid: D Mone in áit D Malone (45 nóim), K Hughes (0-2) in áit S Carey (50 nóim), J McCarron in áit V Corey (68 nóim).

Réiteoir: Anthony Nolan.

Fág freagra ar 'An lámh dhearg in uachtar – deireadh curtha ag Tír Eoghain le haistear Mhuineacháin'