An lá sin thoiligh Martin McGuinness bualadh liom féin agus comhghleacaí faoi rún…

Ba é sos comhraic an IRA 25 bliain ó shin bunchloch na síochána ó thuaidh. Faraor, ní tráth réchúise é  2019…

An lá sin thoiligh Martin McGuinness bualadh liom féin agus comhghleacaí faoi rún…

Martin McGuinness le Gerry Adams i 1994. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Sceitimíní. Dóchas. Faoiseamh. Éiginnteacht. Faitíos. Agus Amhras. Airíodh gach mothúchán dá bhfuil ann agus spreagadh na céadta ceisteanna. Céadaoin a bhí ann, an lá deiridh de mhí Lúnasa nuair a d’fhógair Sealadaigh an IRA sos comhraic iomlán ó mheán oíche, an chéad nóiméad den 1 Meán Fómhair 1994.

Tharraing sé aird an domhain, scéal ollmhór ab ea é. Bhí sé ar cheann d’eachtraí mórthábhachtacha ár linne. Tar éis cúig bliana fichead de mharú, buamáil agus scrios bhí seans ann go mbeadh síocháin againn. Níor cloíodh leis an sos i gcónaí agus níor mhair sé ach bliain go leith an uair sin ach ba é an chéad chéim é i bpróiseas as ar eascair socrú stairiúil a bhfuil gá aige le tacaíocht chruthaitheach inniu.

Ba mhór an faoiseamh é ag a lán agus b’údar ceiliúrtha é ag go leor poblachtánaithe. Ní raibh gach duine sásta, áfach. Bhí mionlach san IRA nár thacaigh leis an gcinneadh agus bhí aontachtaithe sceipteach. Dúirt ceannaire an UUP, James Molyneaux go gcothódh sé míshocracht ar scála nár facthas ó aimsir na críochdheighilte. Thug Ian Paisley, ceannaire an DUP, foláireamh go ndéanfaí feall ar aontachtaithe dá bharr. Cheistigh rialtas na Breataine agus an Príomh-Aire, John Major cad ba bhrí le sos ‘iomlán’. An mbeadh sé buan?

Scéal thairis iad mo chuimhní pearsanta ach tugann siad léargas, sílim, ar chomh híogair is a bhí cúrsaí. D’ainneoin tuairiscí ó chruinniú i Leitir Ceanainn i mí Iúil go raibh an t-eiteachas tugtha ag an IRA do phlean síochána bhí leidí á bhfáil ag iriseoirí ó fhoinsí éagsúla i mí Lúnasa go raibh rud éigin ag borradh. Bhí caint thromchúiseach ar siúl i ngluaiseacht na poblachta, a dúradh, idir Sinn Féin agus ceannairí paraimíleatacha.

Bhí mise i mo cheannasaí nuachta sa BBC i nDoire ag an am. Bhí mé féin agus an fhoireann ag tochailt i ngach póirse a raibh teacht againn air sa tóir ar an scéal. Ba chosúil go raibh John Hume, ceannaire an SDLP dóchasach, gan a bheith cinnte go mbeadh toradh ar an tréaniarracht a bhí déanta aige chun tathant ar phoblachtánaithe droim láimhe a thabhairt leis an bhforéigean. Cé is moite de nod ó fhoinsí oifigiúla gur cheart a bheith faoi réir le haghaidh ‘scéal mór’ ní bhfuaireamar dearbhú go dtí an 29 Lúnasa.

An lá sin thoiligh Martin McGuinness bualadh liom féin agus comhghleacaí liom, léiritheoir sinsearach, faoi rún, chun sinn a chur ar an eolas.

Tuigim gur tharla cruinnithe faisnéise den chineál céanna i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath. Tugadh le fios dúinn go bhfógrófaí sos comhraic an IRA an lá dár gcionn roimh mheán lae.

Níor tharla sé. Cuireadh moill ceithre huaire fichead air. Bhí sé mar choinníoll ag an IRA go gceadófaí do Joe Cahill, iarcheannaire an IRA, a dhul go Meiriceá chun an cinneadh faoin sos comhraic a chur in iúl, go pearsanta, dá lucht tacaíochta. Ní fhógrófaí sos comhraic go dtí go mbeadh Cahill i Meiriceá. Tá a fhios againn ó chuntas breá an iriseora Seán Duignan, a bhí i gceannas ar Oifig Eolais an rialtais, go mb’éigean don Taoiseach, Albert Reynolds, a mhíle dícheall a dhéanamh chun tathant ar údaráis Mheiriceá víosa a thabhairt do Cahill. Sárú ar rialacha iontrála Mheiriceá a bheadh ann mar gur ciontaíodh Cahill as iompórtáil arm agus ballraíocht san IRA. Ní bhfuair sé an víosa go dtí oíche an 29 Lúnasa; thaistil sé anonn lá arna mhárach. Scaoil sé sin an glas agus fógraíodh an sos comhraic ar an 31 Lúnasa.

Bhí blaiseadh faighte ag gluaiseacht na poblachta de na buntáistí a bhí le baint as feachtas poblachtach síochánta –aitheantas do Shinn Féin i Sráid Mhuirfean agus in Washington. Níos deireanaí, bhaileodh Sinn Féin neart, gheobhadh siad an ceann is fearr ar an SDLP agus dhíreodh an páirtí ar a fheachtas uile-Éireann le dúil cumhacht a bheith acu thuaidh agus theas.

Roimh fhás Shinn Féin áfach bhí poblachtánaithe míshásta le freagra rialtas na Breataine ar shos comhraic 1994. Bhí díchoimisiúnú airm an IRA á éileamh ag an mBreatain sula gceadófaí do Shinn Féin a bheith páirteach i gcainteanna polaitiúla. B’in ceann de na cúiseanna a thug an tIRA le briseadh a sos comhraic le hionsaí buamála i Londain i mí Feabhra 1996. Mharaigh an phléasc beirt fhear, gortaíodh os cionn céad agus rinneadh damáiste ollmhór.

Nuair a tháinig Tony Blair i gcumhacht sa Bhreatain i 1997 agus Bertie Ahern mar Thaoiseach d’aontaigh an bheirt tabhairt faoi phróiseas na síochána in athuair. Ar an 19 Iúil 1997 d’fhógair an tIRA athnuachan a sos comhraic ó mheán oíche. Réitigh sé sin an bealach do pháirtíocht Shinn Féin i gcainteanna, do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus do roinnt na cumhachta in Stormont.

Ba é sos comhraic 1994 an bhunchloch. Is chun an chéim chinniúnach sin a ghlacadh a rinneadh an obair mhór – le tiomantas Gerry Adams agus Martin McGuinness laistigh de ghluaiseacht na poblachta, ról John Hume ina chainteanna le Adams agus le rialtais na hÉireann, na Breataine agus Mheiriceá, chomh maith le diongbháilteacht Albert Reynolds. Lean scata ceannairí iad a raibh páirt mhór acu sa phróiseas polaitiúil ach ba é an chéad sos sin a réitigh an bealach. Ba é faoi ndear sos na nDílseoirí a fógraíodh sé seachtaine ina dhiaidh sin, ar an 13 Deireadh Fómhair.

Is fíor nach raibh an tsíocháin foirfe le cúig bliana fichead agus i bhfad uaidh go minic. Sa mhullach ar uafás na hÓmaí i 1998 agus ionsaithe eile de chuid easaontóirí poblachtacha bhí an tIRA Sealadach agus na dílseoirí ón UVF, UDA agus RHC ciontach as eachtraí freisin. Dá dhonacht é sin tá sé i bhfad níos fearr ná mar a bhí roimh fhómhar 1994.

Ní tráth réchúise é, áfach. Tá Westminster ina chíor thuathail agus míshocracht ann de bharr an Bhreatimeachta agus tá pairilis in Stormont. Nach iad na heasaontóirí foréigneacha atá sásta? Deis earcaíochta dóibh i measc daoine óga is ea an fhianaise, a deir siad, gur cuma leis an mBreatain faoin bpobal abhus agus nach bhfuil feidhm leis an bpróiseas polaitíochta ná le próiseas na síochána.

Fág freagra ar 'An lá sin thoiligh Martin McGuinness bualadh liom féin agus comhghleacaí faoi rún…'