An grúpa scríbhneoireachta: comhluadar nó coimhlint?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: dream leochaileach iad scríbhneoirí, agus ní smaoineamh maith é i gcónaí grúpa acu a thabhairt le chéile agus iad a fhágáil ar a gconlán féin. 

An grúpa scríbhneoireachta: comhluadar nó coimhlint?

Bhí ranganna scríbhneoireachta faoi chaibidil agam anseo an tseachtain seo caite, agus mhol mé d’ábhair scríbhneoirí freastal ar a leithéid. Dúirt mé nach iad na scileanna teicniúla a d’fhoghlaimeodh duine ar chúrsa sa scríbhneoireacht chruthaitheach is tábhachtaí, dar liom, ach an teagmháil lena mhacasamhla féin: daoine atá ag tosú amach i mbun pinn.

Tá teorainn leis an méid scileanna teicniúla gur féidir a mhúineadh, agus tagann deireadh le cúrsaí scríbhneoireachta.

Ach an fonn comhluadair sin, ní imíonn sé. Sin an fáth go bhfuil grúpaí scríbhneoireachta ann: scríbhneoirí a thagann le chéile go rialta chun a gcuid scríbhneoireachta a roinnt agus a phlé.

Smaoineamh maith, shílfeá, ach mholfainn do dhuine a bheith ar an airdeall.

hionann agus an cúrsa scríbhneoireachta, ní bhíonn teagascóir i gceannas ar an ngrúpa scríbhneoireachta. Bíonn áisitheoir ag grúpaí áirithe agus go hiondúil, bíonn rialacha ann maidir leis an gcaoi a ndéantar saothar na rannpháirtithe éagsúla a phlé, ach mar sin féin, tharlódh go ndéanfaí cáineadh chomh géar sin ar shaothar dhuine de na rannpháirtithe go dtiocfadh fonn ar an duine sin an scríbhneoireacht a chaitheamh i dtraipisí ar fad.

Ní hé sin an t-aon chontúirt amháin a bhaineann leis an ngrúpa scríbhneoireachta. Tharlódh go dtabharfaí tús áite don ghné shóisialta thar an ngné liteartha. Níos measa, tharlódh go mbreathnódh rannpháirtithe áirithe ar theacht le chéile an ghrúpa mar sheisiún teiripe saor in aisce. Níos measa fós, tharlódh go dtiocfadh éad ar rannpháirtithe áirithe le rannpháirtithe eile.

Tharla na trí rud i ngrúpa scríbhneoireachta a raibh mé féin páirteach ann blianta ó shin, agus nuair a bhí a rás rite ag an ngrúpa sin dúirt mé liom féin nach nglacfainn páirt i ngrúpa scríbhneoireachta go brách arís.

Obair aonaránach í an scríbhneoireacht, áfach, agus síos trí na blianta ba mhinic a mhothaigh mé uaim comhluadar scríbhneoirí eile, comhghleacaithe a mbeinn in ann cúrsaí oibre a phlé leo mar a dhéanfadh iriseoirí, múinteoirí, nó oibrithe monarchan.

Le gairid, áfach, pléim cúrsaí scríbhneoireachta le cara de mo chuid ar scríbhneoir freisin é agus a bhfuil cónaí air i bhfoisceacht scread asail ón áit a bhfuil cónaí orm féin. Pléimid dúshláin agus deacrachtaí na ceirde, pléimid ceisteanna teicniúla, cuirimid glaoch ar a chéile go rialta chun spreagadh a thabhairt dá chéile dul i mbun oibre.

Ach go dtí seo, níor léigh ná níor phléigh muid saothar a chéile. 

Is fearr liom mar sin é: comhluadar scríbhneoireachta gan an crá croí agus an choimhlint a bhainfeadh le grúpa scríbhneoirí a bheadh – go comhfhiosach nó i ngan fhios dóibh féin – i gcomórtas lena chéile.

Fág freagra ar 'An grúpa scríbhneoireachta: comhluadar nó coimhlint?'

  • Braoin Ó Braoin

    … níor léigh nár níor phléigh saothar a chéile …
    b’shin rud nár smaoinigh mé riamh air… bealach den scoth le fadhb Thaidhgín a nochtadh agus a chóta á fhágail air lá fuar… thar cionn uilig…