An gréasán sóisialta daonna is ársa ar domhan – 320,000 bliain roimh Facebook

NOD DON EOLAÍ: Bhí córas sóisialta casta ag an duine i bhfad sular síleadh sin a bheith amhlaidh go dtí seo

An gréasán sóisialta daonna is ársa ar domhan – 320,000 bliain roimh Facebook

Thart ar 320,000 bliain ó shin, thosaigh ár sinsir san Afraic ag táirgeadh uirlisí úra de chloch a bhí níos áisiúla ná na huirlisí a bhí in úsáid roimhe sin. Tuairiscíodh i sraith foilseachán san iris Science an tseachtain seo thart, go raibh baint ag athrú aeráide le héabhlóid an chultúir dhaonna ba chúis le táirgeadh na n-uirlisí.

MeánClochaois na hAfraice a thugtar ar an tréimhse inar tháinig uirlisí beaga cosúil le cinn saighde, a rinneadh de shleanntaigh chloiche, ar an fhód. Roimhe seo bhíodh na huirlisí i bhfad níos mó. Bhíodh na sean-sceana cloiche chomh mór le do bhos agus ní raibh siad chomh géar is a bhíodh na lanna tanaí a bhíodh ann freisin le linn MheánChlochaois na hAfraice.

Bhíodh buntáistí eile ag baint leis na huirlisí úra. Ní hamháin go mbíodh siad níos áisiúla mar uirlisí ach bhíothas in innimh iad a iompar níos faide ar shiúl, de réir mar a bhíodh na daoine ag taisteal.

Measadh le fada go raibh baint ag an athrú aeráide leis an éabhlóid a tháinig ar úsáid na n-uirlisí seo san Afraic thart ar 300,000 bliain ó shin.

Ach ní rabhthas cinnte, mar nach raibh dáta cruinn ar fáil do na huirlisí.

Chun dáta cruinn a chur ar éabhlóid úsáid na n-uirlisí, rinne taighdeoirí anailís ar raidiseatóip sna déantáin a bailíodh ó Olorgesailie i nGleann na Claise Móire i ndeisceart na Céinia. Tá suíomhanna in Olorgesailie lán le déantáin ó MheánChlochaois na hAfraice.

I ndiaidh dóibh anailís a dhéanamh ar raidiseatóip sna déantáin seo, dheimhnigh siad go mbíodh daoine ag táirgeadh uirlisí beaga áisiúla 320,000 bliain ó shin in Olorgesailie. Is é sin 20,000 bliain ní ba luaithe ná a measadh go dtí seo.

Ach nuair a rinneadh anailís ar na suíomhanna, ba léir gur mhó a d’athraigh seachas na huirlisí féin.

Is léir gur tháinig na clocha a bhíodh a n-úsáid ag na daoine seo ó áiteanna eile níos mó na 90 km ar shiúl ar a laghad. Meastar dá bharr go mbíodh caidreamh ag lucht úsáide na n-uirlisí le treibheanna nó grúpaí eile a bhíodh ag cur fúthu níos faide i gcéin. Mar sin, bhíodh gréasáin shóisialta acu a bhí níos forleithne ná an treibh féin ann.

Ciallaíonn sé seo go raibh ár sinsir ag baint leasa as gréasáin dhaonna a bhí chomh mór leis na gréasáin atá ag cuid de na treibheanna a bhíonn ag seilg agus ag bailiú a gcuid bia sa lá atá inniu ann. 

Taispeánann sé seo raibh córas sóisialta ag an duine i bhfad sular síleadh sin a bheith amhlaidh go dtí seo, agus go raibh an córas sin níos casta ná mar síleadh roimhe seo freisin.

I measc na n-earraí a bhíodh á mbailiú acu bhíodh clocha rua agus clocha dubha nach mbíodh fáil orthu go háitiúil. Cuireadh fianaise faoinár mbráid a léiríonn go mbíodh na clocha seo á meilt ag na daoine chun ‘péint’ a tháirgeadh agus measadh go gcuirtí ar chraiceann an duine an phéint seo.

Más fíor go mbíodh siad ag cur dath ar choirp s’acu nó go mbíodh déantáin a bpéinteáil acu, is fianaise é sin ar athrú mór in iompar na ndaoine seo. Níor thángthas riamh go dtí seo ar fhianaise ar an nós seo a bheith chomh hársa sin.

Ach cad é a bhí taobh thiar den athrú teicneolaíochta agus an éabhlóid ar iompar an duine a tharla thart ar 320,000 bliain ó shin?

De réir na fianaise is úire, bhí an timpeallacht ag athrú le 179,000 bliain roimhe sin. Bhí tréimhsí níos tirime agus tréimhsí níos fliche ann ná mar a bhí i gceist roimhe sin. Meastar gur chuir an t-athrú seo isteach ar na hainmhithe móra, mar chuaigh 80% de na mamaigh in éag idir 499,000 agus 300,000 bliain ó shin. Ach, tháinig ainmhithe úra ar an fhód le linn na tréimhse sin. Bhí ainmhithe cosúil leis an eilifint Afracach agus an springbok go forleathan 320,000 bliain ó shin.

Cé nár thángthas ar iontais a bhaineann leis na daoine a mbíodh na huirlisí seo á dtáirgeadh acu in Olorgesailie, tá fianaise ann go raibh Homo sapiens, ár speiceas féin, ar an fhód i Maracó thart ar an am céanna. 

Síltear gurbh iad muintir Olorgesailie cuid de na chéad daoine dár speiceas féin a raibh gréasáin shóisialta chasta acu 320,000 bliain ó shin, i bhfad sular tháinig Facebook nó Twitter ar an fhód.

Fág freagra ar 'An gréasán sóisialta daonna is ársa ar domhan – 320,000 bliain roimh Facebook'