An gradam cultúir is mó i Manainn bronnta ar dhíograiseoir teanga

Is ceoltóir agus amhránaí í Annie Kissak a rinne ionadaíocht ar son Mhanann ag comórtais na Féile Pan-Cheiltí go minic

An gradam cultúir is mó i Manainn bronnta ar dhíograiseoir teanga

Bronnadh an gradam Manannach ‘Reih Bleeaney Vanannan’ (Rogha Bliana Mhananann) ar an díograiseoir teanga agus cultúir Annie Kissack. Is é Reih Bleaeaney Vanannan an gradam cultúir is mó dá bhfuil ann i Manainn agus bronntar é ar dhaoine a bhfuil a gcion déanta acu ar son teanga agus cultúr an oileáin Ghaelaigh.

Is ceoltóir agus amhránaí í Kissak a rinne ionadaíocht ar son Mhanann ag comórtais na Féile Pan-Cheiltí go minic mar amhránaí aonair agus mar bhall de na grúpaí Perree Bane agus Caarjyn Cooidjagh. Bhí sí ar dhuine de na daoine a bhunaigh an banna ceoil Arthur Caley Giant Band agus chas an cairdín, pianó, agus an fheadóg leo. Bhí baint mhór aici leis an bhféile chultúir Yn Chruinnaght agus bhí sí ina huachtarán ar an bhféile ar feadh roinnt mhaith blianta.

Ba mhúinteoir bunscoile í Kissack agus chaith sí blianta fada ag obair i Manainnis sa Bunscoill Ghaelgagh, an t-aon scoil lán-Ghaelg san oileán. Thóg sí a clann féin leis an teanga agus bhí sí féin agus a fear céile Phil Gawne lárnach i mbunú na seirbhísí Gaelg do pháistí óga Yn Chied Chesmad (An Chéad Choiscéim) agus Mooinjer Veggey (Muintir Bheaga).

Agus í ina múinteoir bunscoile, leag sí an-bhéim ar na healaíona agus ar an gceol. Chum sí féin agus a comhghleacaí sa scoil Aalin Clague go leor ceoldrámaí i Manainnis. Tá na hamhráin a cumadh do na ceoldrámaí céanna go mór chun cinn i gcultúr Gaelach an oileáin agus roinnt mhaith acu le fáil sa tsraith leabhar Kiaull yn Theay (Ceol an Phobail). Scríobh an bheirt mhúinteoirí na carúil agus amhráin Nollag atá sa leabhar Nollick Ghennal (Nollaig Shona) freisin.

Chuir sí an leabhar agus an dlúthdhiosca Roie Mygeayrt (Rith Timpeall) amach le Mooinjer Veggey, bailiúchán rann agus amhrán a chabhraíonn le páistí óga an teanga a fhoghlaim. Tá an leabhar fós ar cheann de na hacmhainní is mó a bhaineann teaghlaigh óga Ghaelacha úsáid aisti i Manainn.

Chum sí an ‘Erin Gaelgagh’ (Aifreann Gaelach) freisin, mórshaothar ceoil a ndearna an cór a bhunaigh sí, Caarjyn Cooidjagh, taifeadadh air. Chuir sí ceol leis an dán ‘O Vannin Veg Veen’ (A Mhanainn Bhig Mhín) le Ned Beg Hom Ruy, amhrán a luaitear go minic mar ‘amhrán náisiúnta’ de chuid Mhanann.

Aithnítear Kissack i measc scothfhilí na Manainnise freisin agus ainmníodh í ina ‘Bard Vannin’ (Bard Mhanann) in 2018 – ról atá cosúil le Makar na hAlban agus Ollamh Filíochta na hÉireann. Foilsíodh a cnuasach filíochta Mona Sings in 2022, bailiúchán dánta i mBéarla agus i mBéarla Mhanann. Is saineolaí í ar an gcanúint Bhéarla a labhraítear san oileán agus is minic a bhíonn sí le cloisteáil ar chláir de chuid an BBC ag labhairt ar mhionsonraí na canúna.

Dúirt urlabhraí de chuid Culture Vannin go spreagann Annie Kissack “gach duine ar spéis leo cultúr Mhanann” agus nach féidir an tionchar a bhí aici ar an oileán a mheas.

Bronnadh bonn Reih Bleeaney Vanannan agus £500 ar Kissack ag ceolchoirm i Séipéal Modhach Vayr Garroo. Bronnfar £500 eile ar Mooinjer Veggey, an charthanacht a d’ainmnigh Kissack féin.

Fág freagra ar 'An gradam cultúir is mó i Manainn bronnta ar dhíograiseoir teanga'