Annemarie Nugent
Cló Iar-Chonnacht, 2025
€8.00
Leabhar do dhéagóirí ó pheann Annemarie Nugent é An Seol atá Fút. Pléann sé caidreamh idir beirt déagóirí óga, Ríona agus Mealla, agus iad ar chúrsa seoltóireachta. Téann siad i ngleic le gnéithe éagsúla de na déaga; éiginnteacht faoi chairdis, uaigneas/amscaíocht in áit nua, daoine a bheith gránna leat agus sceitimíní caidrimh na n-óg. Bronnadh duais ficsin Oireachtais do dhaoine idir 13-15 bliana d’aois ar an leabhar.
Tá gné réabhlóideach ag baint leis. Pléitear caidreamh LADT ann go neamhleithscéalach. Níl sé chomh fada sin ó shin nach raibh lucht Bród in ann teacht ar oiread is aon leabhar amháin Gaeilge sa réimse sin.
Tá cuid den bhearna líonta ag Futa Fata agus ag Eoin McEvoy leis na sár-úrscéalta grafacha Heartstopper ó shin. Rud eile ar fad is ea bunleabhar a scríobh. Tá moladh mór ag dul don údar as tabhairt faoi agus léiriú a thabhairt ar chaidreamh daonna de chineál a fágadh in áit na leathphingine i litríocht Ghaeilge na n-óg go dtí le déanaí.
Tosaíonn an scéal amach go mall ach tógtar ar an luas de réir a chéile. An ghné is fearr den leabhar ná a dheireadh, atá an-láidir, rud nach minic. Tá roinnt radharc aicsin ar muir agus sinn ag teannadh chun deiridh a n-éiríonn go han-mhaith leo.
Tógtar ar an teannas agus ar an mbaol de réir a chéile. Baintear buaic an dainséir amach i radharc muirí amháin (nach dtaitneoidh chomh mór sin le lucht sábháilteachta, cheapfainn). Mar sméar mhullaigh ar chúrsaí caitear go hoscailte leis an gcaidreamh leispiach i lár an leabhair: tá cead ag carachtair An Seol atá Fút pógadh!
Is iad an grá agus an tseoltóireacht a iompraíonn an scéal. Thaitin gné na seoltóireachta sa leabhar liom go mór. Rómhinic i leabhair fhicsin Ghaeilge ní léir saineolas faoi rud ar bith a bheith iontu. Téann na carachtair thart i ndomhain leamha leadránacha nach léir aon sainspéis iontu thar na cinn is coitianta agus is comónta amuigh agus sinn bréan bailithe díobh.
Ní mar sin don leabhar seo, ina bhfuil cur síos mion agus minic ar an tseoltóireacht, páirteanna an bháid, teoiric na seoltóireachta féin. Cuireann sé sin go mór leis an leabhar. Is féidir go mbeadh deacracht ag daoine óga le cuid de na téarmaí áfach. Ba mhaith ann cúpla léaráid a mhíneodh iad, d’fhéadfaí a leithéid a fhí isteach san insint go héasca, abair, codanna an bháid agus teoiric na gaoithe a mhíniú le léaráidí agus iad á múineadh do lucht an chúrsa.
D’fhreastail mé féin ar chúrsa seoltóireachta ar nós na gcarachtar sa leabhar ach corruair bhraith mé go raibh mé ceann le gaoth ó thaobh téarma nó dhó.
Is fiú súil a chaitheamh ar leabhair eile don aoisghrúpa céanna a foilsíodh le tamall de bhlianta anuas. Léigh mé leabhar rí-eachtrúil samhlaíoch Alan Titley, Óró, agus cé go mb’fhéidir go mbeadh níos mó deacrachta ag léitheoirí óga lena leabhar siúd, bhraithfeá an Ghaeilge ann roinnt mhaith níos saibhre ná mar atá in An Seol atá Fút. An Ghaeilge atá in Éanna Corr Mhic Lochlainn is nádúrtha í freisin bhraithfeá, ach ina dhiaidh sin is sásúla an caidreamh in An Seol atá Fút.
Seans nach comparáid lánchothrom na húdair bhisúla sin a lua. Is dócha go bhfuil teannas áirithe idir an Ghaeilge mar ba mhaith linn í agus mar atá sí go fírinneach le réiteach i litríocht na Gaeilge anois. Bhraith mé go gcuirfeadh eagarthóireacht bhreise comaoin ar an téacs agus ar an teanga féin.
Tá íomhá an chlúdaigh go breá, ach n’fheadar an meallfadh sé daoine óga agus leid dá laghad ní thugann sí faoin gcaidreamh arb é lárphointe an leabhair é.
Mar sin féin, scéal an-taitneamhach a bhí ann ar an iomlán agus lonraigh caidreamh na beirte lárnaí ann mar a bheadh scaladh tí solais ann lá stoirme. Chabhraigh sonraí na seoltóireachta linn an bád a thabhairt go ceann cúrsa freisin. Leabhar taitneamhach tábhachtach don déagóir óg (LADT+ nó díreach) i do shaol.
Fág freagra ar 'An grá agus an tseoltóireacht a iompraíonn scéal leabhar nua do dhéagóirí'