An ghaoth imithe as seolta Dhoire, easpa cúl Chiarraí agus dóchas i gCorcaigh

Caitheann Tuairisc súil siar ar chuid de na scéalta is mó ó Chraobh Shinsir Peile na hÉireann ag an deireadh seachtaine

An ghaoth imithe as seolta Dhoire, easpa cúl Chiarraí agus dóchas i gCorcaigh

An ghaoth imithe as seolta Dhoire

Níl dhá mhí ann ó bhí Doire ag ceiliúradh Roinn 1 na sraithe a bhuachan agus iad áirithe ar cheann de na foirne ab fhearr sa tír ach anois agus muid ag déanamh ar an gcuid is tábhachtaí den bhliain, tá foireann Mickey Harte i bponc.

Bhí ceithre seachtaine ag Doire le teacht chucu féin ón ruathar a thug Dún na nGall fúthu i gCraobh Uladh sular thug siad aghaidh ar Ghaillimh i mBóthar na Trá ach is beag a d’fhéadfaí a dhéanamh faoi na gortuithe a phrioc an fhoireann.

Fuair Pádraic Joyce cleachtadh maith ar imreoirí mór le rá a bheith in easnamh i rith an earraigh ach fiú agus scrios déanta ag gortuithe ar phainéal na Gaillimhe i mbliana, ar a laghad bhíodar sin scaipthe ar fud na foirne.

Bhí líne leathchúil Dhoire lárnach sna gaiscí a rinneadar i mbliana ach nuair a fógraíodh roimh thús an chluiche Dé Sathairn nach mbeadh Eoin McEvoy ná Conor Doherty ag imirt, d’fhág sin go raibh Doire gan an triúr a thosaigh ina gcluiche buacach in aghaidh Átha Cliath i gcluiche ceannais na sraithe agus bhí Pádraig McGrogan leonta ag gortú glúine roimh a dturas go Gaillimh.

Mar bharr ar an donas, cuireadh leathchúlaí eile, Gareth McKinless den pháirc tar éis dó seasamh ar chos Damien Comer, agus cuireadh Doire go hiomlán as a riocht ag iarraidh na bearnaí uile a líonadh.

Bhí McEvoy ag rith ar an bpáirc roimh an gcluiche in aghaidh na Gaillimhe, rud a thabharfadh le fios go mbeidh sé ar ais don choimhlint in aghaidh Ard Mhacha an tseachtain seo chugainn ach ní fheicfear McGrogan ná McKinless cinnte agus an baol ann dá bharr go bhféadfadh feachtas Dhoire a bheith ó mhaith.

 

Joe O’Connor. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Easpa cúl Chiarraí

15 cúl a scóráil Ciarraí sna hocht gcluiche a d’imríodar i gcraobh na bliana seo caite. Is léir go bhfuil an mianach iontu báidí a fháil cé gur in dhá chluiche a fuaireadar deich gcinn den 15 sin anuraidh, cúig cinn in aghaidh chontae an Chláir i gcluiche ceannais na Mumhan agus cúig cinn in aghaidh chontae Lú i mbabhta na ngrúpaí.

Níor éirigh leo tabhairt ar aon mhaor foirne an brat glas a ardú go fóill i gcraobh na bliana seo. 65 pointe san iomlán atá scóráilte acu sna trí chluiche a d’imríodar go dtí seo agus cocstí déanta acu de roinnt deiseanna ar bháidí i ngach ceann acu. Fágann sin nach bhfuil ach dhá bháide faighte acu le hocht gcluiche, idir an tsraith agus an chraobh. Lá Fhéile Pádraig, in aghaidh Ros Comáin sa tsraith, a scóráil Ciarraí báide go deireanach.

Agus David Clifford, Séan O’Shea agus Paul Geaney sa líne lántosach in aghaidh Mhuineacháin, chuirfeadh sé mearathal ar dhuine nár éirigh leo aon bháide a scóráil i gcluiche ina raibh forlámhas iomlán ag Ciarraí ar an imirt agus an freasúra chomh bocht sin. An dea-scéala do Chiarraí ná go raibh Paul Geaney an-mhaith agus é ag tosnú den dara huair i mbliana agus go bhfuil an chuma ar Tony Brosnan go bhfuil a chuid féin á déanamh aige den ról atá tugtha dó sa líne leatosaithe. 16 tosaí a d’imir do Chiarraí sna deich gcluiche a bhí acu go dtí seo i mbliana, ach tá cuma níos seasmhaí ar chúrsaí le cúpla cluiche anuas. Leis an mbuaine sin ba dhóigh leat go dtiocfadh na báidí.

Maigh Eo fágtha ar leathchois ag gortú Durcan

Cé gur údar mór díomá ag lucht peile an chontae a bhí i gcailliúint Mhaigh Eo in aghaidh na Gaillimhe, ní buille tubaisteach d’fhoireann Kevin McStay a bhí i dteacht aniar na nGaillimheach i gcluiche ceannais Chonnacht. Buaileadh buille i bhfad níos measa orthu Dé Sathairn seo caite nuair a bhain drochghortú do Paddy Durcan i dtreo dheireadh an chluiche in aghaidh an Chabháin.

Bhuaigh Maigh Eo an cluiche i gCaisleán an Bharraigh gan mórán dua ach tá an gortú a baineadh do Durcan tar éis an mhaith a bhaint as sin. Deimhníodh Dé Luain go bhfuil an ballnasc croiseach gortuithe ag captaen Mhaigh Eo agus fágann sin nach bhfeicfear é i ngeansaí an chontae an chuid eile den bhliain.

Ó d’éirigh Lee Keegan as an imirt, is é Durcan thar aon imreoir eile a thug ardú croí agus spreagadh do lucht tacaíochta Mhaigh Eo leis na ruathair a dhéanadh sé ón líne leathchúil agus aireoidh na leantóirí agus, níos tábhachtaí, an fhoireann an fuinneamh sin uathu go mór sa chuid eile den fheachtas.

 

Brian Hurley (Corcaigh) agus Cillian Brennan (Clár). Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Ábhar dóchais ag Corcaigh

Is faoi dhraíocht na foirne iomána atá lucht tacaíochta Chorcaí i láthair na huaire ach bhí cúis dóchais chomh maith ag lucht peile an chontae ag an deireadh seachtaine tar éis d’fhoireann John Cleary bua tábhachtach a bhaint amach in Inis.

Ní hé sin an cluiche ba mhó a bhí ann ag an deireadh seachtaine ach ba é an ceann ba thábhachtaí ó tharla na foirne a bheith san iomaíocht don tríú háit i nGrúpa 3. Farasbarr dhá phointe a bhí ag Corcaigh ar chontae an Chláir agus seans láidir ann anois go mbeidh na Corcaígh ag dul ar aghaidh go dtí na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais.

Bhuaigh an Clár an cluiche craoibhe idir na foirne anuraidh ach tá obair mhór déanta ag Corcaigh ó shin chun an fhoireann a chur ar bhealach a leasa. Thángadar slán ó dhrochthús sa tsraith gur fhan slán i Roinn 2 agus cé gur léirigh an taispeántas in aghaidh Chiarraí i gcluiche leathcheannais na Mumhan go bhfuil bearna mhór fós idir iad féin agus fir na Ríochta, níl sí chomh mór is a bhí tráth.

Tá cúpla deis eile anois ag Cleary agus Corcaigh an dul chun cinn sin a léiriú nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Dhún na nGall agus ar Thír Eoghain sa chúpla cluiche atá fós rompu. Seans nach bhfeicfidh muid aon ionradh ar an bpáirc mar atá tarlaithe tar éis buanna na n-iománaithe le cúpla cluiche anuas ach chuirfeadh cúpla taispeántas maith leis an dóchas atá ag lucht peile Chorcaí faoi láthair.

Fág freagra ar 'An ghaoth imithe as seolta Dhoire, easpa cúl Chiarraí agus dóchas i gCorcaigh'