Ba cheart go mbuafadh na Corcaígh agus Carmannaigh

Tá Corcaigh go láidir mar rogha na coitiantachta in aghaidh Uíbh Fháilí agus an stádas sin tuillte acu

Ba cheart go mbuafadh na Corcaígh agus Carmannaigh

Tosnóidh mé amach an Satharn seo mar a rinne mé an tseachtain seo caite le comhghairdeas a rá le pobal na hiomána in Uíbh Fhailí. Is don fhoireann shinsir atá an moladh an uair seo agus Corn Mhic Dhonnacha buaite acu. An dlaoi mhullaigh ar an éacht sin, beidh siad ag imirt i measc na mboc mór do Chorn Liam Mhic Cárthaigh in 2025.

Cheapas go raibh ardchaighdeán ag baint leis an gcluiche craoibhe idir iad féin agus Laois agus go raibh an bua tuillte ag Uíbh Fhailí, cé go raibh sciorta den ádh orthu ag an deireadh nuair a bhronn an réiteoir Colm McDonald poc saor amach i gcoinne ionadaí Laoise, John Lennon agus Lennon ar tí an choimhlint a chothromú. Díreach ina dhiaidh sin, fuair Uíbh Fhailí péire cúilíní a chinntigh an bua dóibh.

Thug an captaen Jason Sampson óráid a bhí macánta agus dáiríre .

Beidh siad ag an mbaile don chéad dúshlán eile níos déanaí inniu sa Tulach Mhór. Beidh Corcaigh go láidir mar rogha na coitiantachta agus an stádas sin tuillte acu. Is dócha go raibh oíche cheiliúrtha ag imreoirí ‘an chontae dhílis’ ach is dóigh freisin nár chuaigh siad thar fóir mar is cinnte go bhfuil an t-uafás allais agus deora silte ó thosnaigh ré nua iománaíochta sa chontae. Níl siad chun iad féin a ligint síos anois .

Tá Corcaigh ag teacht chucu agus ardú meanman faighte acu i gCúige Mumhan. Chonaiceamar an tsuim atá ag leantóirí na hiomána sa dá chluiche deireanach agus slua mór millteach acu ag freastal ar na cluichí. Is ábhar cainte an iománaíócht i ngach cúinne den chontae ag na leantóirí.

Is buntáiste mór é do pheileadóirí Chorcaí, atá in aghaidh Thír Eoghain, go bhfuil an dá chluiche á n-imirt inniu sa láthair chéanna. Bheinn ag súil le bua do Chorcaigh.

Sa chluiche eile inniu beidh Loch Garman ag dul go dtí Port Laoise. Ba cheart go mbuafadh na Carmannaigh an choimhlint seo ach braitheann sé ar chumas na foirne imirt ar feadh seachtó nóiméad faoi ardluas agus a bheith dírithe go hiomlán ar an gcúram. Is minic, dar ndóigh, go ligeann siad na maidí le sruth agus iad chun tosaigh.

B’fhéidir nach mbeidh mórán idir na foirne ag an deireadh ach bheadh ionadh orm mura mbíonn an bua ag Loch Garman.

Comhghairdeas le Cill Chainnigh a thug an taispeántas is fearr a bhí acu i mbliana chun corn an chúige a thabhairt leo den chúigiú huair i ndiaidh a chéile. Bhíodar thar barr ón tús agus iad i bhfad níos fearr ná Baile Átha Cliath. Is minic i ré Cody nach raibh gíog ná míog as na himreoirí ag an mbronnadh agus gur ghlac an captaen leis an gcorn go ciúin agus go béasach gan aon fhuilibiliú in aon chor . A mhalairt a bhí le feiscint Dé Sathairn nuair a bhí lústar fústar go leor le feiceáil ar imreoirí agus lucht bainistíochta. Tá éachtaí déanta ag Derek Lyng ó thosnaigh sé mar bhainisteoir ach níl an duais is mó buaite fós acu. Mar is eol dúinn go léir, i súile leantóirí na gCat, níl ach duais amháin ag teastáil gach bliain.

De réir na ngeallghlacadóirí agus phobal na hiomána, tá gach cosúlacht ann go ndéanfaidh Luimneach gaisce stairiúil agus an duais luachmhar sin a fháil don chúigiú bliain i ndiaidh a chéile.

An Domhnach seo caite, thugadar foláireamh soiléir do chách go bhfuil siad go hiomlán dírithe ar an sprioc sin i mbliana. Agus bunaithe ar fhianaise an taispeántais sin is beag duine a déarfadh nach ndéanfaidh siad an beart.

Bhíodar gan trócaire i gcoinne an Chláir. Bhíodar fíochmhar ón tús. Tá an-chreidiúint ag dul do na himreoirí agus don lucht bainistíochta. Níl aon lagú tagtha ar an dúil sa bhua atá acu.

Tá ceann scríbe ag íor na spéire agus cúig seachtaine le dul sula mbronnfar Corn Liam Mhic Cárthaigh. Fágfaidh dhá contae eile an rás níos déanaí inniu.

An bhfeicfimid aon chomhartha inniu go bhfuil coróin Luimnigh i mbaol? Neosfaidh an aimsir is dócha .

Fág freagra ar 'Ba cheart go mbuafadh na Corcaígh agus Carmannaigh'