‘Dúshlán álainn’ Rachel Holstead, ceannasaí nua Ealaín na Gaeltachta

Tá Rachel Holstead, as Corca Dhuibhne, ceaptha mar phríomhfheidhmeannach nua le Ealaín na Gaeltachta. Labhair sí le Tuairisc faoina saol agus faoina post nua

‘Dúshlán álainn’ Rachel Holstead, ceannasaí nua Ealaín na Gaeltachta

Leanann an cosán atá siúlta ag Rachel Holstead sna healaíona trína saol ar fad, ó bhí sí ina cailín óg ag fás aníos i gCorca Dhuibhne. Múinteoir pianó í a máthair agus bhí an ceol ina chuid lárnach de shaol an teaghlaigh agus í ina páiste. Chomh maith leis an gceol a bhí ina dhlúthchuid den saol sa mbaile, bhí na healaíona fite fuaite i saol an phobail i gCorca Dhuibhne. Níorbh aon rud neamhchoitianta a bhí sna healaíona aici, a deir sí.

“Bhí an t-ádh liom. Ba ghnáthrud an ealaín sa phobal anseo, mar atá in ana-chuid de na Gaeltachtaí. Bhí tuismitheoirí mo chairde ina n-amhránaithe, nó bhíodar ag aisteoireacht i ndrámaí, ag déanamh scannán, ag scríobh leabhar, nó ag péinteáil.

“Ní rud aisteach riamh a bhí san ealaín dúinn, ba ghnáthchuid den saol í. Tuigim anois go mb’fhéidir gur rud éigin eisceachtúil é sin agus tá mé iontach buíoch as. Agus, is dóigh, agus mé i mbun oibre gur bhreá liom go mbeadh an pobal ealaíon ann i gcónaí d’aon duine óg atá ag fás aníos sna Gaeltachtaí.”

Chuaigh sí ar aghaidh go dtí Coláiste na Tríonóide áit a ndearna sí staidéar ar an gceol agus thosaigh sí ag cur suim i gcumadóireacht an cheoil. Ghnóthaigh sí PhD sa gcumadóireacht ceoil ó Ollscoil na Banríona Béal Feirste ina dhiaidh sin. Tá ceol uirlise, gutha agus leictreonach scríofa aici do réimse ceoltóirí éagsúla, ina measc Ceolfhoireann Barócach na hÉireann, Ceolfhoireann Uladh agus Ceolfhoireann Nua-Cheoil an Daingin. Rinne RTÉ coimisiúnú uirthi ceathairéad téadach a chumadh do cheiliúradh 70ú breithlá an fhile Séamus Heaney agus tá píosaí cumtha aici do Lá Chaitlíona agus Ceiliúradh an Bhlascaoid, i measc tograí eile.

Is é an cúlra atá aici sa gceol clasaiceach agus sa gceol traidisiúnta a spreag a suim sa gcumadóireacht ceoil.

“Creidim go láidir nach mbeadh an tsuim sin múscailte ionam mura mbeadh an meascán sin den cheol traidisiúnta agus an ceol clasaiceach agam ag fás aníos. Bhí an t-ádh liom a bheith ag comhoibriú le ceoltóirí iontacha agus b’in an láthair foghlamtha, chomh maith leis an seomra ranga, an deis a bheith ag plé le ceoltóirí den scoth ó gach saghas traidisiún ceoil agus stile.”

Labhraíonn sí ar an gcomhoibriú agus í ag caint ar an gcumadóireacht. Bíonn ceoltóir nó grúpa ceoil ar leith ar intinn aici beagnach i gcónaí agus í ag cumadh ceoil.

“Bheinn ag smaoineamh air mar a bheinn i mo do tháilliúir ag déanamh culaith do dhuine éigin ar leith. Theastódh uait go léireodh sé an rud is áille agus an rud is iontaí sa duine sin. Sin an tslí go mbeinn ag tabhairt faoi. Dhéanfainn iarracht na ceoltóirí a thuiscint agus aithne bheag a chur orthu agus cuimhneamh ansin conas go bhféadfainn na rudaí iontacha fúthu a chur in aithne tríd an gceol. Ba dhúshlán álainn é sin.”

Chaith sí roinnt blianta leis an gComhairle Ealaíon mar chomhairleoir ceoil áit ar chur sí suim níos mó san áisitheoireacht ealaíne.

“Chaith mé cúpla bliain leis an gComhairle Ealaíon, a bhí ana-shuimiúil agus d’fhoghlaim mé ana-chuid uathu. Ba phribhléid i gcónaí é a bheith ag féachaint ar na brionglóidí a bhí ag daoine, a bhí curtha in iúl tríd na hiarratais. Ach ba bheag deis a bhí ann le bheith ag comhrá leis na daoine.”

Thug Ealaín na Gaeltachta an deis di filleadh ar an nGaeltacht agus níos mó deiseanna aici a bheith ag comhrá agus ag comhoibriú leis na healaíontóirí a mbíodh sí ag obair leo. Chaith sí seacht mbliana mar áisitheoir ealaíne i gceantar na Mumhan le hEalaín na Gaeltachta.

“Bhí an deis sin ann a bhí á lorg agam a bheith ag caint le daoine agus mar áisitheoir a bheith ag éisteacht agus tuiscint níos fearr a fháil ar na mianta a bhí ag na healaíontóirí agus na físeanna a bhí acu. Sin é an sprioc a bhíonn ann i gcónaí, go bhfuil tú ag tosú ón áit sin, go bhfuil tú ag iarraidh an tuiscint is fearr a fháil ar an ealaíontóir, nó an grúpa atá os do chomhair amach agus ag iarraidh an chomhairle, nó an chabhair is oiriúnaí dóibh a chur ar fáil.”

Baineann sí an-sásamh as a bheith ag tacú le healaíontóirí agus ag breathnú orthu agus a gceird á forbairt acu.

“Bíonn sé de phribhléid againne a bheith ag obair le healaíontóirí atá ag tosú amach agus uaireanta, b’fhéidir, nach bhfuil an t-uafás muiníne acu fós. Ansin, cíonn tú tar éis roinnt blianta nach bhfuil gá acu teacht chugat ag lorg cabhair ná comhairle is go bhfuil siad ag eitilt.”

Mar phríomhfheidhmeannach nua ar Ealaín na Gaeltachta, feiceann sí tábhacht na hinbhuanaitheachta sa gcomhshaol ealaíne. Molann sí an obair a rinne Micheál Ó Fearraigh, a bhí ina Phríomhfheidhmeannach ar Ealaín na Gaeltachta ó bunaíodh í agus na daoine eile a bhí agus atá anois ann. Is obair leanúnach atá ann, a deir sí, obair ina gcruthaítear timpeallacht inar féidir leis an ealaín bláthú sa nGaeltacht.

“Tá sé d’ádh orainne go bhfuil muid anseo anois agus an obair seo ag bláthú, ach is mar thoradh ar an obair, uaireanta dian, uaireanta gan mórán buíochais, a rinne daoine romhainn ar feadh na mblianta atá an fás seo ann. Is obair leanúnach atá ann mar gur éiceolaíocht ealaíne atá á cruthú.”

Feiceann sí go leor ábhar dóchais do na healaíona sna Gaeltachtaí agus ar bhonn náisiúnta sna blianta amach romhainn. Ceann de na forbairtí móra a luann sí ná an scéim ioncam bunúsach d’ealaíontóirí atá mar scéim phíolótach faoi láthair. Tá dhá mhíle ealaíontóir ag glacadh páirt sa scéim seo ina n-íoctar maoiniú bunúsach seachtainiúil le healaíontóirí agus tá taighde á dhéanamh chun tionchar na infheistíochta a mheas.

“Beidh muid ag déanamh gach ar féidir linn chun tacú leis an scéim sin chun go leathnófar amach air, más féidir. Tá a luach le feiceáil cheana féin mar gheall ar an infheistíocht bhunúsach sin a cheadaíonn don ealaíontóir a bheith ag feidhmiú agus téann an infheistíocht ar ais sa bpobal. Ní linne an scéim ach is cuid den mhórphictiúr é atá ana-thábhachtach.”

Tá an méadú ar an maoiniú atá ar fáil do na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta le deireanas ina ábhar dóchais aici don leanúnachas agus fás sna réimsí sin don ghlúin atá ag fás aníos.

“Tá go leor oibre ar bun againn sna réimsí de na healaíona dúchasacha don óige agus an drámaíocht don óige. Tá obair mhór á déanamh ag mo chomhghleacaithe ó thaobh na gclár sin a fhorbairt, iad a scaipeadh amach ar fud na nGaeltachtaí agus deiseanna nua a fhorbairt don óige. Is obair iontach í sin, tugann sé fuinneamh duit a bheith ag tabhairt faoina leithéid.”

Tá struchtúr tacaíochta i bhfeidhm anois do na healaíona sna Gaeltachtaí thairis mar a bhí fiche bliain ó shin, dar léi. Bíonn toradh na hoibre le feiceáil nuair a bhreathnaíonn tú siar ar na forbairtí ar fad le chéile, a deir sí.

“Bíonn sé deacair uaireanta é a fheiceáil ó lá go lá, nó fiú ó bhliain go bliain, ach nuair a dhéanann tú zúmáil amach is go mbreathnaíonn tú air thar thréimhse, abair saolré na heagraíochta, cíonn tú an claochlú atá tar éis tarlú.”

Fág freagra ar '‘Dúshlán álainn’ Rachel Holstead, ceannasaí nua Ealaín na Gaeltachta'