Cor nó dhó fágtha i scéal na gcraobhacha cúige go fóill

Agus na cluichí deireanacha i mbabhta na ngrúpaí linn, níl ach foireann amháin cinnte d’áit sa chéad bhabhta eile

Cor nó dhó fágtha i scéal na gcraobhacha cúige go fóill

Agus mar a bhí anuraidh tá babhta deireanach thar a bheith tábhachtach iomána againn arís sa dá chúige agus fiúntas ag baint leis na cluichí go léir. Níl ach contae amháin (Tiobraid Árann) as an iomaíocht ar fad agus contae amháin (Corcaigh) nach mbeidh ag imirt agus iad ag feitheamh go foighneach ar thorthaí na gcluichí eile sa chúige.

I gcúige Mumhan an Domhnach seo caite bhí críoch spleodrach leis gcluiche idir an Clár agus Port Láirge. Bronnadh an phoc seasca cúig méadar conspóideach úd (an cinneadh ceart, mar a chonaiceamar ar an teilifís) ar an gClár, scóráil Mark Rodgers agus bhí an bua acu. Thar an seachtó nóiméad bhíodar níos fearr ach bhí an chríoch thar a bheith dian ar na Déise.

Mar sin féin, níl deireadh déanta acusan fós. Beidh siad i bPáirc na nGael i Luimneach amárach.

Dar ndóigh bhí an fhoireann baile saor an tseachtain seo caite agus am acu dianscrúdú a dhéanamh ar an gcluiche a chaill siad cois Laoi. An é go raibh Corcaigh níos fearr ná iad an oíche sin nó an amhlaidh gur thit Luimneach faoi bhun an chaighdeáin thar a bheith ard atá leagtha síos acu dóibh féinig? Caithfear a admháil go raibh Corcaigh thar barr an oíche san agus, ar an iomlán, bhí siad níos fearr. Thugadar dhá chúl mar bhronntanais do Luimneach a tharraing iadsan ar ais sa chluiche, ceann sa chéad leath agus ceann sa dara leath. Ach tá diongbháilteacht na seaimpíní go domhain i gcleas seo Luimnigh.

Tuigeann siad go maith go bhfuil siad sa bhearna bhaoil anois. Má chailleann siad inniu beidh deireadh leo agus deireadh leis an aisling aoibhinn, cúig cinn i ndiaidh a chéile. Agus is maith atá a fhios againn go bhféadfadh aon rud tarlúint sa chúige seo. Ach an dtarlóidh sé sin? Leathshlí isteach san fheachtas sraithe is beag duine a bhí ag tabhairt mórán seans do na Déise.

Ach, ar an iomlán, caithfear a admháil go rabhadar thar a bheith iomaíoch sna cluichí craoibhe go léir agus an mí-ádh orthu nach bhfuil siad cáilithe cheana féin. Ach tá siad fós ann agus cé gur chailleadar in Inis caithfidh go bhfuil an mhuinín láidir sa phainéal agus go dtuigeann siad go bhfuil seans réasúnta fós acu. Is leor comhscór dóibh. Is iomaí cor a bhí againn i scéal na craoibhe sa chúige seo agus b’fhéidir nach bhfuil deireadh leo fós.

Agus céard faoi Thiobraid Árann bocht? An bhfuil aon seans acu amárach aon léaró beag den bhród a tharrtháil? Sa cheathrú dheireanach Dé Domhnaigh seo caite bhíodar gan plean ná fuinneamh ná ceannairí. Bhí an taispeántas chomh hainnis leis an gceann i gcoinne Luimnigh, mura raibh sé níos measa fós. Is deacair cás a dhéanamh dóibh agus an Clár faoina ndéin.

I gCúige Laighean tá cluichí thar a bheith tábhachtach againn freisin. Ní féidir le Ceatharlach ná Aontroim críochnú sna chéad trí áit ach tá duais mhór don fhoireann bhuacach mar fanfaidh siad leis na boic mhóra in 2025 agus beidh an fhoireann a chailleann ag imirt i gcomórtas Mhic Dhonncha. Is leor pointe amháin d’Aontroim. Is deacair a rá cé acu contae a bhuafaidh an cluiche seo.

Tá Cill Chainnigh cinnte go mbeidh siadsan i measc na dtrí cinn ar barr agus tá dhá fhoireann as an Ghaillimh, Loch Garman agus Áth Cliath ar thóir na n-áiteanna eile. Beidh an t-eolas go léir againn roimh a ceathair a chlog amárach.

Rachaidh Áth Cliath go dtí Bóthar na Trá agus iad díomách go leor nár bhuadar i gcoinne Chill Chainnigh seachtain ó shin. Bhí an móiminteam acu agus iad chun tosaigh agus an ceann sprice ag bun na spéire. Ach theip orthu. Ar a laghad bhí comhscór tuillte acu. Tá feabhas ollmhór orthu ó chéad chluichí na sraithe. Is ollmhór an dúshlán atá rompu, as baile, ach bunaithe ar an taispeántas an tseachtain seo caite caithfidh go bhfuil seans acu. Mar is iondúil leis an nGaillimh, is deacair a rá conas a imreoidh siad. Ba cheart go mbuafaidís ach…

I bPáirc Uí Nualláin beidh sé ina chath idir na comharsana agus Loch Garman ar cuairt ach is deacair a rá cé a thiocfaidh amach buacach as an gcluiche seo ach tá sé cinnte go mbeidh ar na Carmannaigh ag iarraidh pointe, ar a laghad, a thógaint as.

Fág freagra ar 'Cor nó dhó fágtha i scéal na gcraobhacha cúige go fóill'