Cic sa tóin do Shinn Féin, ábhar machnaimh do chách

Thug vótálaithe cic sa tóin do Shinn Féin ach tá ábhar dianmhachnaimh i dtorthaí na dtoghchán don chóras polaitiúil uilig 

Cic sa tóin do Shinn Féin, ábhar machnaimh do chách

Deirtear uaireanta gurb ionann polaiteoir cróga agus iarpholaiteoir. Is fusa fadhb achrannach agus a réiteach a phlé go hoscailte nuair nach gá don chainteoir smaoineamh níos mó ar atoghadh.

Sa Bhreatain tá cáil ar an iarphríomh-aire ionaid Michael Heseltine (91) mar dhuine atá lántoilteanach neamhthoil a pháirtí féin agus an Lucht Oibre thall Breatimeacht a phlé a cháineadh go láidir. Ní thugann ceachtar acu aghaidh go macánta ar fhadhbanna na Breataine, a dúirt sé le gairid, toisc go seachnaíonn siad caint ar bith ar fhadhb ar bith a bhaineann le Breatimeacht.

Bhí géarcháineadh den sórt céanna ar phríomhpháirtithe na tíre seo san óráid a thug an t-iarUachtarán Mary Robinson sa Seanad Dé Céadaoin.   Thagair sí don tuairisc a d’eisigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Dé Céadaoin inar dúradh gur dócha nach laghdú 51 faoin gcéad mar atá geallta ag an rialtas ach laghdú 29 faoin gcéad ar astaíocht charbóin an stáit a bhainfear amach faoi 2030. Ní foláir cuimhneamh nach aidhm ná ábhar dóchais é an laghdú seo ach sprioc atá ina cheangal dlí ar an rialtas é a chomhlíonadh, agus na billiúin euro le n-íoc mar fhíneálacha mura gcomhlíonfar é.

Dúirt an t-iarUachtarán go raibh géarghá le cur síos ar shlite ina gcuirfí laghdú níos tapúla ar ár n-astaíochtaí i bhfeidhm in áit airgead a chur amú ar fhíneálacha móra amach anseo. Faraor, a dúirt sí, níor pléadh an rogha in aon chor le linn na bhfeachtas toghcháin.

“Ní raibh fonn ar dhuine ar bith smaoineamh air ná labhairt air,” a dúirt Mary Robinson.

Cé gur mhaígh an t-iarUachtarán nach tuairim pholaitiúil a bhí á nochtadh aici, is léir ó thús go deireadh na hóráide a bunéirim pholaitiúil. Is féidir saol níos folláine, níos glaine, níos sábháilte agus níos cothroime a bhaint amach, ach an bhfuil sé ar chumas na bpolaiteoirí daoine a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar a bhaint amach, agus conas?

D’fhéadfaí brí rótheoranta a bhaint as caint dá leithéid i bhfianaise na dtoghchán. Léiríonn an laghdú ar thacaíocht an Chomhaontais Ghlais (a) nach n-aontaíonn breis agus 95% de na daoine a vótáil lena bpolasaithe (b) gur theip ar na Glasaigh a bpolasaithe a mhíniú ar dhóigh a spreagfadh tacaíocht níos mó.

Gan amhras tá sciar den fhírinne san dá ráiteas thuas, agus rabhadh soiléir tugtha ag céilí rialtais don Chomhaontas Glas go mbeidh siad ag iarraidh droim láimhe a thabhairt dóibh le linn fheachtas an olltoghcháin.

Is tábhachtaí áfach ná an rabhadh sin (gan trácht ar an gcic sa tóin a tugadh do Shinn Féin) dhá rabhadh eile a thug Mary Robinson ina hóráid – ceann acu i ngan fhios di féin, b’fhéidir.

Tá freagracht ar gach páirtí agus ar gach ionadaí tofa aghaidh a thabhairt go macánta ar an an ngéarchéim aeráide. Seachnaítear fadhbanna achrannacha le linn gach feachtas toghcháin gan amhras.  Ní leor nós mar leithscéal áfach, go háirithe i gcás práinne.

Bhí an ceart ag Mary Robinson aird a tharraingt ar sheachantacht agus ar neamhfhreagracht na bpolaiteoirí. Ní chuirfidh tost moill ar athrú aeráide. Ní mhaolóidh cur ar mhéar fhada na mbeartas a theastaíonn an riachtanas.

Sin ráite, léirigh doiléire i gcaint an iarUachtaráin fadhb nach léir a réiteach fós. Is léir gur go mall agus go ródhéanach atá an mórathrú a theastaíonn ar mhodhanna taistil, talmhaíochta, téimh agus tionsclaíochta na tíre á chur i bhfeidhm.

Ní léir áfach conas dlús a chur leis an mórathrú sin ar bhealaí atá praiticiúil agus inacmhainne. Ní léir ach oiread, dá mbeadh na modhanna cuí ar fáil, go bhféadfaí a chur ina luí ar an bpobal gur chóir iad a chur i bhfeidhm gan mhoill.

Is dúshlán é atá cosúil ar bhealach leis an dúshlán a ndearna Jean-Claude Juncker cur síos cáiliúil air tráth a raibh sé ina phríomh-aire i Lucsamburg le linn ghéarchéim airgeadais na mblianta 2008-2012.

‘Is eol dúinn go léir cad is gá a dhéanamh, ach níl a fhios againn conas is féidir a bheith atofa tar éis a dhéanta.’

Maidir le hathrú aeráide áfach, má fhágtar gnáth-chomhréiteach polaitiúil as an áireamh, ní léir gach gníomh a bheidh éifeachtach, indéanta, inchosanta agus in am.

B’fhiú do gach páirtí aird a thabhairt ar an rabhadh a thug Mary Robinson sa Seanad. Ní áirím na Neamhspleáigh – príomhbhuaiteoirí na dtoghchán – toisc go n-oireann sé dá bhformhór fadhbanna móra a sheachaint seachas a réiteach.

Ní réiteoidh cáineadh an Chomhaontais Ghlais idir seo agus lá an olltoghcháin an fhadhb seo. Ní athróidh cluichí polaitíochta an fhírinne ach oiread, ná an fáth gurb amhlaidh atá.

Níl an aeráid ábalta ná toilteanach teacht ar chomhréiteach ar bith le polaiteoirí, ná leis an bpobal a thoghann iad.

Fág freagra ar 'Cic sa tóin do Shinn Féin, ábhar machnaimh do chách'

  • Eoin Ó Murchú

    Ní cheapaiim go n-oireann an teideal don alt. Ní ionsaí nó cáineadh ar Shinn Fein is mó atá ann ach buairt faoin easpa plé faoin aeráid is na polasaithe atá riachtanach.

  • Eoghan Ó Néill

    I ndiaidh an t- Earrach is fliche riamh bheitheá ag ceapadh gur léir do dhaoine go bhfuil athrú ar ár stíl bheatha de dhíth ach mar adeir an t-amhrán ‘ a man hears what he wants to hear and disregards the rest’

  • Pádraig O'hEipicín

    Is peaca mharfach bhóta a chaithim do Sinn Féin.

  • Seán Mag Leannáin

    Is léir gurb é an cic sa tóin a fuair na Glasaigh, seachas an ceann a fuair SF, atá ag déanamh tinnis don údar.