A phort seinnte ag Shefflin i nGaillimh
Ag deireadh a chéad trí bliana le peileadóirí na Gaillimhe, bhí Pádraic Joyce díreach tar éis dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann agus scata imreoirí óga a thabhairt isteach ar an bhfoireann le linn an ama sin. Bhí a thréimhse istigh ag Joyce ag deireadh an tséasúir sin ach is beag duine sa chontae nach raibh ag iarraidh go dtabharfaí cúpla bliain eile dó chun cur leis an dul chun cinn a bhí déanta.
Trí bliana atá anois déanta ag Henry Shefflin le hiománaithe an chontae agus scéal iomlán difriúil atá ann. Tar éis dóibh cliseadh in aghaidh Átha Cliath Dé Domhnaigh, tá Gaillimh anois amuigh as an gcraobh roimh thús an Mheithimh agus tuairim láidir ann nach bhfeicfear fear Chill Chainnigh arís i gceannas ar fhoireann na nGaillimheach.
Nuair a ceapadh é, bhí súil ann go n-éireodh le Shefflin cuid den díograis agus den diongbháilteacht a bhí go smior i bhfoirne Chill Chainnigh nuair a bhí Shefflin ag imirt a spreagadh. Bhí na tréithe sin go hiomlán in easnamh ar Ghaillimh ar an Domhnach agus, i ndáiríre, is deacair a rá cén dea-thionchar a bhí ag Shefflin ar an bhfoireann.
Meastar go raibh sé de cheart ag Shefflin níos mó imreoirí óga a thabhairt isteach agus gan a bheith ag brath chomh mór ar an dream a bhí ann nuair a bhuaigh Gaillimh Corn Mhic Cárthaigh in 2017. Sa chéad trí bliana aige mar bhainisteoir, thug Pádraic Joyce scata imreoirí óga isteach agus é ag fáil réidh le fir a bhí ag imirt don chontae ar feadh na mblianta ach bhí sé níos éasca ag Joyce na himreoirí óga sin a thabhairt isteach agus cuid mhaith acu díreach tar éis Craobh Faoi 20 na hÉireann a bhuachan in 2020.
Bhí an fhoireann a chuaigh chun páirce do na hiománaithe ag an deireadh seachtaine sách maith chun Áth Cliath a bhualadh, fiú agus David Burke curtha den pháirc luath sa choimhlint, ach an fhadhb a bhí ann, agus is í seo an chúis imní is mó atá ag lucht tacaíochta na Gaillimhe le tamall anuas, ná nach léir céard a bhíonn Gaillimh ag iarraidh a dhéanamh leis an sliotar nuair a bhíonn sé ina seilbh.
Bíonn Gaillimh ag brath rómhór ar Conor Whelan chun deiseanna a chruthú dóibh agus cé go bhfuil cuid den locht ar na tosaithe eile, tá sé mar dhualgas ar Shefflin freisin an struchtúr agus an treoir a thabhairt dóibh chun gur féidir leo dul i bhfeidhm ar an imirt. Ba cheart go mbeadh taithí mhaith ag Gaillimh imirt in aghaidh na gaoithe i Staid an Phiarsaigh agus teip iomlán a bhí ann nár éirigh leo ach 1-5 a aimsiú ina coinne sa dara leath ar an Domhnach. Scóráil Áth Cliath a dhá oiread sin, 2-10, in aghaidh na gaoithe sa chéad leath.
Fiú agus iad chun deiridh agus an choimhlint ag druidim i dtreo na críche, níor tháinig aon anam ná splanc san fhoireann baile. Choinnigh siad orthu ag géilleadh don fhreasúra agus is ag cur leis an mbearna idir na foirne a bhí Áth Cliath seachas a mhalairt.
Thug Gaillimh taispeántais mhaithe uathu faoi dhó i gcoinne Luimnigh i gcluichí leathcheannais na hÉireann le cúpla bliain anuas ach ní fhéadfá a rá ach gur theip ar Shefflin mar bhainisteoir na Gaillimhe go dtí seo. Sna trí bliana aige mar bhainisteoir go dtí seo, níor éirigh le Gaillimh Craobh Laighean a bhuachan ná fiú babhtaí leathcheannais na sraithe a bhaint amach agus ábhar iontais a bheadh ann dá mbeadh seisean fiú ag iarraidh tabhairt faoi bhliain eile san iarthar.
Luimneach Amú!
Bhí an bua ag Luimneach ar Phort Láirge le deich bpointe ach bhí bearna i bhfad níos mó idir na foirne ná mar a thug an toradh sin le fios, léiriú ar mháistreacht sheaimpíní na hÉireann. 30 pointe a fuair Luimneach agus chuireadar 19 iarracht amú.
28 pointe ar an meán a scóráil Luimneach sna seacht gcluiche craoibhe a bhí acu anuraidh agus 30 pointe ar an meán a fuair siad i gcraobh 2022. Timpeall 30 pointe an sprioc a bhíonn acu agus beidh siad sásta mar sin gur éirigh leo é sin a bhaint amach, fiú gan aon chúl a fháil.
Agus cé nach raibh a mbainisteoir John Kiely sásta leis an míchruinneas sin, ní raibh sé róphras chun a imreoirí a cháineadh as a gcuid roghanna ach oiread. ‘Bímse i gcónaí ag rá leo, tabhair faoin scór,’ arsa Kiely. Ba léir gur cheap sé gur fimíneacht a bheadh ann tosú ag gearán anois.
Agus cén fáth go ndéanfadh? Is minic ualach mór iarrachtaí amú ag Luimneach. In 2021 scóráil siad 33 pointe in aghaidh Chorcaí agus chuireadar 20 iarracht amú.
Uaireanta is iad na hiarrachtaí amú an praghas a íocann siad ar a ndílseacht dhaingean don teoiric gurb í an fhoireann is mó a thugann iarracht faoi scóráil is mó a fhaigheann scóranna. Bhí tuilleadh cruthúnais air sin againn Dé Domhnaigh.
Ach seans gurb é an rud is mó a thiocfadh idir na foirne agus codladh na hoíche ná go mbíonn laethanta ann freisin nuair a bhíonn an radar nach mór gan smál acu.
Binn béal ina thost?
Ní maith le himreoirí spóirt a bheith i muinín na cinniúna. Bíonn an t-imreoir (agus an bainisteoir) CLG, mar shampla, scanraithe ag scéalta uafáis faoin ngaiscíoch a raibh agallamh dhá leathanach faoi sa pháipéar ar maidin agus a bhí go hainnis sa chluiche mór an tráthnóna sin. Nó ag scéalta faoin imreoir óg bocht ar crochadh mar spreagadh ar bhalla sheomra feistis na gcéilí comhraic cúpla focal fánach a dúirt sé chun éalú ó iriseoir. Sea, seachain a gcuirfeá tú féin i lár an aonaigh roimh chluiche mór an riail a bhíonn ag mórán imreoirí spóirt.
Rud neamhghnách mar sin a bhí san alt le Bruno Fernandes a foilsíodh ar The Players Tribune an lá roimh an FA Cup Final idir Manchester United agus Manchester City.
“Ba mhaith liom cúpla focal ó chroí a rá roimh chluiche ceannais seo Chorn an FA …” arsa captaen United mar thús lena litir chuig lucht leanúna an chlub. Ní hé go ndúirt Fernandes aon ní róchonspóideach ina dhiaidh sin, ach samhlaigh an t-uafás a chuirfeadh a leithéid ar Pháidí Ó Sé nó Jim Gavin nó Brian Cody dá gcloisfí ó bhéal imreora é.
‘Ba mhaith liom cúpla focal ó chroí a rá roimh chluiche ceannais na hÉireann…’
Ach ní hé Fernandes amháin a bhí cainteach roimh chluiche ceannais Chorn an FA. Rinne Erik Ten Hag gáir shlógaidh do Wembley dá óráid deireadh séasúir in Old Trafford agus fios aige, b’fhéidir, gurb é an cluiche ceannais an t-aon seans a bhí aige a phost a shábháil. Ní léir an leor bua gan choinne United ar sheaimpíní na Príomh-Roinne chun Ten Hag a thabhairt slán, ach is cinnte gur lá iontach a bhí ann don bhainisteoir agus dá chaptaen i ndiaidh ceann de na séasúir is measa a bhí ag an gclub riamh.
Bhí an-chluiche ag Fernandes a thug pas álainn do Kobbie Mainoo don dara cúl a scóráil United.
Ar Mainoo, nach bhfuil ach 19 bliain d’aois, a bronnadh gradam laoch na himeartha.
Agus féach go raibh an fear óg faoi agallamh sna nuachtáin go léir agus ar an teilifís roimh an gcluiche! Nuair a cuireadh ceist air cad a cheap sé de dhaoine a bheith ag déanamh comparáid idir é féin agus an sárimreoir ón Ísiltír Clarence Seedorf, bhí freagra simplí ag Mainoo.
‘I’m just Kobbie,’ ar sé go séimh.
Caint stuama, déarfá.
Na tubaistí á gcarnadh ag cúige Laighean
Bliain eile agus briseadh croí eile do chúige Laighean i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh. Tar éis don tóin titim astu i gcluiche ceannais na bliana seo caite, nuair a bhíodar 17 pointe chun cinn ar La Rochelle ag tráth amháin, b’fhéidir nach raibh cailliúint an tSathairn baileach chomh tubaisteach céanna d’imreoirí agus lucht tacaíocht Laighean ach goillfidh an chailliúint in aghaidh Toulouse orthu ar feadh píosa maith mar sin féin.
Rinne na Laighnigh go leor ceart sa chluiche ceannais Dé Sathairn ach nuair a bhí na deiseanna acu scóranna a aimsiú, ní dhearnadar an beart. Is minic ráite é faoin trath seo ach tubaiste a bhí ann do chúige Laighean gur éirigh leo an liathróid a thabhairt thar líne 22m Toulouse 18 uair sa chluiche ach nár éirigh leo ach aon úd amháin a aimsiú.
Thug na Laighnigh faoi na postaí nuair a bhí deis éasca ann an cic pionóis a chur thar an trasnán ach nuair nach raibh siad cinnte de na trí phointe, bheartaigh siad dul sa tóir ar úd. Faraor, bhí a gcuid imeartha i bhfad róscaoilte agus idir sin agus cosaint mhaith na bhFrancach, chlis ar ionsaithe Laighean arís agus arís eile.
Tá ceisteanna le freagairt maidir leis na cinntí gan tabhairt faoi na postaí níos minice, go háirithe ós rud é gurbh é a chruinneas ciceála ceann de na príomhchúiseanna ar roghnaíodh Ross Byrne in áit leithéidí Ciarán Frawley, ach ní bheadh sé ceart an milleán a chur ar dhuine nó beirt nuair a rinneadh an oiread sin botún sa chluiche.
JP
Is breá liom go léir a bheith ag féachaint ar rugar, go háirithe nuair a bhíonn
‘le petit général génial’ ag imirt.
Dupont de chuid Toulouse & na Fraince atá i gceist agam dar ndóigh.
Is mar ‘Dúpon’ nó ‘Dúponh’ is ceart a ainm a rá, ní fhuaimnítear an ‘t’ deiridh. Tuige mar sin nach ndéanann tráchtairí Béarla na hÉireann (Dónal Linehan srl) iarracht dá laghad a ainm a rá i gceart? Ní haon ionadh é sin óir is ‘deh Burkah’ a bhíonn ag Marty Morrissey srl de ghnáth ar ‘Tadhg de Búrca’, Port Láirge.
A Dhia na glóire gile tabhair ar ais na Bráithre Críostaí!
Gearóid
“Bhí an fhoireann a chuaigh chun páirce do na hiománaithe ag an deireadh seachtaine sách maith chun Áth Cliath a bhualadh, fiú agus David Burke curtha den pháirc luath sa choimhlint”.
Seafóid cheart a léiríonn meon ardnósach i leith iománaithe na hArdchathrach. Ráiteas aineolach freisin i bhfianaise an 5 chluiche craoibhe deireanacha a d’imir BÁC agus Gaillimh. 3 cinn buaite ag BÁC, ceann amháin ag Gaillimh agus comhscór amháin.
Kerry Blue
An ceart ar fad ag Gearóid.
Cheapas féin go raibh na Dubs go hiontach fud fad na páirce.
Iad líofa lúfar láidir aiclí agus súil an tseabhaic acu san amas.
Bí ag faire orthu as seo amach, tá gealladh fúthu, deirimse leat é.