‘Heartstopper’ i nGaeilge; scéal casta ‘Eric’ agus gairm IMRAM

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

‘Heartstopper’ i nGaeilge; scéal casta ‘Eric’ agus gairm IMRAM

LEABHAIR

Leagan Gaeilge Heartstopper á sheoladh in An Siopa Leabhar

Beidh an leagan nua Gaeilge den leabhar Heartstopper á sheoladh in An Siopa Leabhar ar an Déardaoin, 27 Meitheamh ag 6pm. Tá fáilte á cur ag na foilsitheoirí Futa Fata roimh chách go dtí an ócáid ina mbeidh an t-aistritheoir Eoin Mc Evoy i láthair agus an leabhar á sheoladh ag James Kavanagh.

Úrscéal grafach mór le rá é an bunleagan de Heartstopper agus é scríofa agus maisithe ag Alice Oseman. Scéal LADTA+ é faoin saol, faoin ngrá agus faoi gach rud idir eatarthu. Tá an scéal bunaithe ar na carachtair Charlie agus Nick, beirt bhuachaillí atá ag freastal ar an scoil chéanna ach ní raibh aon aithne acu ar a chéile go dtí an lá a gcuirtear ina suí in aice lena chéile iad. Réitíonn an bheirt acu go maith lena chéile ón tús agus ní fada go dtiteann Charlie i ngrá lena chara nua. An t-aon fhadhb atá aige ná go bhfuil sé den tuairim nach bhfuil seans dá laghad ann go n-airíonn Nick an chaoi chéanna faoi fhéin.

Is é Heartstopper an chéad leabhar sa tsraith leabhar seo a bhfuil tóir mhór air ar fud an domhain, agus cúig leabhar sa tsraith ar fad. Tá go leor gradam bainte ag an údar/maisitheoir Alice Oseman dá cuid scríbhneoireachta, obair mhaisithe agus scriptscríbhneoireacht. Chomh maith leis na leabhair sa tsraith seo, is í a chruthaigh agus a léirigh an cóiriú teilifíse don tsraith ar Netflix. I measc na ngradam atá buaite ag a cuid leabhar tá an YA Book Prize, Inky Awards, agus an Carnegie Medal.

Teagascóir Gaeilge é Eoin Mc Evoy, a d’aistrigh Heartstopper go Gaeilge, i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis in An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. File, drámadóir, agus aistritheoir é a léirigh agus a bhí ag aisteoireacht sa dráma Grindr, Saghdar, & Cher in éindí le Ciara Ní É agus Sam Ó Fearraigh. Is é Heartstopper an chéad leabhar atá aistrithe aige do Futa Fata. As Uíbh Fhailí ó dhúchas dó agus tá cónaí air anois i mBaile Átha Cliath.

GAIRM d’EALAÍONTÓIRÍ

 

Gairm d’ealaíontóirí eisithe ag IMRAM, féile litríochta Gaeilge

Tá gairm oscailte d’ealaíontóirí agus do léiritheoirí eisithe ag IMRAM, féile litríochta Gaeilge, chun moltaí a chur isteach a bhainfeadh le tionscadail nua litríochta a d’fhéadfadh a bheith mar chuid de chlár na féile sa bhliain 2025.

Dúirt Liam Carson, bunaitheoir agus stiúrthóir IMRAM, go bhfuil guthanna nua á lorg ag IMRAM chun scríbhneoireacht na Gaeilge a chur i lár an tsaoil chultúrtha in Éirinn. Tá fáilte ar leith curtha ag IMRAM roimh mholtaí ó ghrúpaí atá imeallaithe in Éirinn, pobail nua Éireannacha ina measc, Lucht Siúil agus daoine atá faoi mhíchumas.

Ba chóir go mbeadh na tionscadail fréamhaithe i litríocht na Gaeilge agus soláthróidh IMRAM buiséad sa réimse €500 go €5,000 do na hiarratais sin a n-éiríonn leo.

Moltar d’éinne ar spéis leo tionscadal nua a chur faoi bhráid IMRAM iarratas a sheoladh isteach chucu. Is é an t-eolas atá ag teastáil ná cur síos ar an tionscadal, eolas a chur ar fáil faoi na scríbhneoirí agus/nó ealaíontóirí a bheadh páirteach ann (1,000 focal ar a mhéid) chomh maith le meastachán garbh ar bhuiséad. D’fhéadfadh go gceapfaí meantóir don togra má tá gá lena leithéid i dtuairim IMRAM agus an ealaíontóra.

Ní mór na hiarratais a sheoladh chuig eolas@imram.ie roimh 31 Iúil agus é a sheoladh chuig eolas@imram.ie ar nó roimh an 31 Iúil 2024.

An Danmhairg

FÉILTE

 

10/05/2024 REPRO FREE: Photo:Andrew Downes, Xposure Re pro free: Launch of ‘Amuigh 24‘, a one-day Irish language festival in association with Cruinniú na nÓg and Cúla4. Young people from every Gaeltacht in the country will be invited to come together for a day filled with dance, art and music. This event will take place on the 15th of June in Baile na hAbhann, Conamara. Photo:Andrew Downes, xposure

‘Amuigh 24’ – féile nua do dhaoine óga i gConamara

Beidh an fhéile nua aon lae ‘Amuigh 24’ ar bun an deireadh seachtaine seo, ar an Satharn 15 Meitheamh i gConamara. Tá an fhéile á cur ar bun ag Cruinniú na nÓg i gcomhar le Cúla4 agus Fíbín Media ar an 15 Meitheamh, 2024.

Is í an aidhm atá leis an bhféile ná ceiliúradh a dhéanamh ar an gcruthaitheacht, ealaín agus taibhléiriú na n-óg. Cuirfear imeachtaí agus siamsaíocht ar fáil do theaghlaigh agus do dhaoine óga agus iad dírithe ar thrí aoisghrúpa ar leith: 0-5 bliana, 6-12 bliain, agus 13–18 bliain d’aois.

Beidh ceol beo ann ó Jessica McKean, iarrthóir Junior Eurovision, Trad Rave agus Colm Seoighe & na hEasógaí mar aon le ceardlanna agus léirithe beo ó Circus le Croí, Laureate na nÓg, Trish Forde agus Leabhair Pháistí Éireann, drámaíocht, bácáil, ceardaíocht agus neart ócáidí eile i rith an lae.

Aidhm na féile an tsamhlaíocht a neartú, an chruthaitheacht a chothú agus suim sna healaíona a spreagadh sa chéad ghlúin eile.

Beidh an fhéile ar bun ag Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulaigh, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe (H91 T224) ar an 15 Meitheamh ó 11am go dtí 10pm.

Tá tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil anseo.

 

Aimsigh Doire Fhíonáin – féile teaghlaigh deireadh seachtaine

Beidh an fhéile deireadh seachtaine ‘Aimsigh Doire Fhíonáin’ ar siúl an deireadh seachtaine seo ón Aoine 14 Meitheamh go dtí an Domhnach an 16 Meitheamh. Le linn na féile seo léireofar an oidhreacht nádúrtha agus cultúrtha a bhaineann le Páirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin agus le ceantar Chiarraí Theas. Tá an fhéile á heagrú agus á maoiniú ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá na himeachtaí ar fad idir shiúlóidí, chainteanna agus turais saor in aisce.

Is de bhunadh an cheantair áitiúil cuid mhór de na daoine atá i mbun imeachtaí an deireadh seachtaine. I measc imeachtaí na féile, beidh Siúlóidí Mara le Vincent Hyland, Tumadh Foraoise agus Ióga Luí Gréine le Louise Weinzweig agus Ceardlanna Grianghrafadóireachta le Patrick Kavanagh.

Is cuid de Pháirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin anois an chuid is mó den diméin a bhí tráth i seilbh Dhónaill Uí Chonaill. Tá an Pháirc faoi chúram Sheirbhísí Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí. Cuimsíonn sí 120 heicteár (300 acra) ina bhfuil gairdíní iontacha, cósta agus tránna, coillearnach nádúrtha darach agus láithreacha seandálaíochta.

Tá clár na féile ar fáil anseo.

TEILIFÍS

Scéinséir grinn faoi Thadhg an Dá Thaobh de chuid Vítneam

Nuair a chíonn, agus nuair a chloiseann tú, ceol is grafaicí suntais de chuid HBO ag teacht ar scáileán tugann tú aird. Tá a fhios agat go bhféadfadh saothair ar leith, sárshaothair fiú, a bheith chugat. Is cinnte gur saothar ar leith í an mhionsraith seo atá bunaithe ar úrscéal den teideal céanna ó Vient Thanh Nguyen, saothar a chroch leis an duais Pulitzer in 2016.

Deineadh mé a shú isteach ón tús nuair a thug an scríbhneoireacht ar scáileán le fios gur Cogadh Vítneam a thugtar ar an gcogadh sna Stáit Aontaithe ach an Cogadh Meiriceánach a thugtar air in Vítneam. A dtuiscintí agus a ndearcthaí féin ag cách. Faoi mar a dúradh cheana déantar gach aon chogadh a throid faoi dhó; ar pháirc an áir agus i gcuimhne na ndaoine.

Buailimid leis an gCaptaen (ní thugtar aon ainm do phóilín Hoa Xuande) atá mar spiaire i bhfórsa póilíneachta an deiscirt. Tá an Ginearál Trong (Toan Le) ana-cheanúil air ach é iomlán dall ar ghníomhartha an Chaptaein ar son an Viet Cong. Is de chine measctha é an Captaen; ba Fhrancach a athair agus ba de chuid Vítneam a mháthair. Tá sé sáinnithe idir dhá chine, dhá chultúr, dhá theanga agus dhá dhílseacht. “A synthesis of incompatibilities” faoi mar a deir sé féin go seanbhlastúil.

Léigh an léirmheas iomlán le Breandán M. Mac Gearailt anseo.

 

Eric – scéinséir síceolaíoch suite i Nua-Eabhrac na 1980idí

Mionsraith teilifíse nua é Eric, scéinséir síceolaíoch atá le feiceáil ar an tseirbhís sruthaithe Netflix. Suite i Nua-Eabhrac go luath sna 1980idí tráth i stair na cathrach sin ina raibh sí ciaptha ag fadhbanna sóisialta, salachar sráide agus caimiléireacht na n-údarás.

Cuireann an tsraith íomhá i láthair de chlann agus de chathair atá ag titim as a céile. Is é Benedict Cumberbatch atá sa bpríomhpháirt Vincent Anderson, máistirphuipéadóir i lorg Jim Henson, a bhfuil clár teilifíse do pháistí cruthaithe aige atá ina ‘hit’ mór.

Tá Anderson ag streachailt leis an saol ina dhiaidh sin féin. Fear postúil é atá sáite ina chuid oibre, nach bhfuil sásta comhairle a ghlacadh ó éinne eile. Is minic go dtagann uabhar roimh thubaiste, agus tá an tubaiste saothraithe go maith ag Anderson.

Feiceann muid a shaol sa mbaile, áit a bhfuil cúrsaí níos measa arís. Tá sé ag ól go trom, tá sé ag troid lena bhean agus géar ar a aonmhac Edgar. Cruthaíonn Edgar puipéad nua don seó, ach déanann Anderson neamhaird iomláin air. Téann an lasóg sa bharrach nuair a imíonn an buachaill óg ar iarraidh agus ní léir an é gur tógadh é nó gur éalaigh sé ón trodaíocht sa mbaile.

Tá foireann láidir aisteoirí sa tsraith chomh maith le Cumberbatch, ina measc, Gabrielle Mary Antonia Hoffmann i bpáirt na máthar, Cassie Anderson, McKinley Belcher III i bpáirt an bhleachtaire, Michael Ledroit, agus Dan Fogler atá i bpáirt Lennie Wilson, an t-aon chara atá fágtha aige.

Scéal casta a choinníonn an t-amhras ag imeacht agus a chuireann an fhírinne is an t-osréalachas i mullach a chéile.

Fág freagra ar '‘Heartstopper’ i nGaeilge; scéal casta ‘Eric’ agus gairm IMRAM'