Scéinséir grinn faoi Thadhg an Dá Thaobh de chuid Vítneam

Scéinséir grinn faoi spiaire de chuid an Viet Cong atá in The Sympathizer.

Scéinséir grinn faoi Thadhg an Dá Thaobh de chuid Vítneam

Nuair a chíonn, agus nuair a chloiseann tú, ceol is grafaicí suntais de chuid HBO ag teacht ar scáileán tugann tú aird. Tá a fhios agat go bhféadfadh saothair ar leith, sárshaothair fiú, bheith chugat. Is cinnte gur saothar ar leith í an mhionsraith seo atá bunaithe ar úrscéal den teideal céanna ó Vient Thanh Nguyen, saothar a chroch leis an duais Pulitzer in 2016.

Deineadh mé a shú isteach ón tús nuair a thug an scríbhneoireacht ar scáileán le fios gur Cogadh Vítneam a thugtar ar an gcogadh sna Stáit Aontaithe ach an Cogadh Meiriceánach a thugtar air in Vítneam. A dtuiscintí agus a ndearcthaí féin ag cách. Far mar a dúradh sa phíosa scríbhneoireachta céanna déantar gach aon chogadh a throid faoi dhó; ar pháirc an áir agus i gcuimhne na ndaoine.

Buailimid leis an gCaptaen (ní thugtar aon ainm do phóilín Hoa Xuande) atá mar spiaire i bhfórsa póilíneachta an deiscirt. Tá an Ginearál Trong (Toan Le) ana-cheanúil air ach é iomlán dall ar ghníomhartha an Chaptaein ar son an Viet Cong. Is de chine measctha é an Captaen; ba Fhrancach a athair agus ba de chuid Vítneam a mháthair. Tá sé sáinnithe idir dhá chine, dhá chultúr, dhá theanga agus dhá dhílseacht. “A synthesis of incompatibilities” faoi mar a deir sé féin go seanbhlastúil.

Nuair a chímid ar dtús é tá sé i ngéibheann agus an uirlis scéalaíochta ná go bhfuil cuntas scríofa á sholáthar aige dá ghabhálaithe mar aon le cuntas ó bhéal dúinne. Déantar sinn a theilgean siar chuig Geimhreadh na bliana 1975 cúpla mí sular gabhadh Saigon agus gur tháinig deireadh le Cogadh Vítneam. Ní hé sin an chéad bhogadh ama, go deimhin bímid siar, agus ansin siar arís, sula mbogaimid ar aghaidh arís. Tá mearbhall ag baint leis seo ar uairibh agus sinn ag leanúint an Chaptaein ó dheireadh chogadh Vítneam go Meiriceá agus ar ais arís.

Sa chéad dá ghála címid an chogaíocht ag teannadh chun deiridh agus Saigon ag titim. Go deimhin beidh tú ar tinneall sa radharc ina bhfuilid ag iarraidh dul ar eitleán agus buamaí ag titim timpeall orthu. Tá an greann dorcha fite le huafáis agus foréigean na cogaíochta. Tá an Captaen ag iarraidh a mháistrí éagsúla a shásamh. Gean aige orthu ar fad agus bá aige lena ndearcadh, rud a fhágann nach bhfuil an lucht féachana iomlán cinnte cá seasann sé. Baineann Robert Downey Jr. súp as an gcúpla ról éagsúil atá aige: gníomhaire de chuid an CIA, Ollamh agus leagan de Francis Ford Coppola ina measc. Sé siúd a dhéanann na míreanna grinn a sholáthar.

Cé go bhfuil an greann ann in áiteanna níl an tsollúntacht i bhfad uainn riamh. Cur i gcéill agus leithleachas pholasaí eachtrach Mheiriceá, ciníochas, an fhéiniúlacht mheasctha, dílseacht agus easpa dílseachta. Ina lár istigh tá Xuande, éiríonn leis carachtar caithiseach a chur os ár gcomhair. Duine éirimiúil, dea-intinneach atá i ngalar na gcás.

Fág freagra ar 'Scéinséir grinn faoi Thadhg an Dá Thaobh de chuid Vítneam'