Brí agus anam curtha sa chraobh ag Corcaigh 

Ba cheart go dtabharfadh cluichí an deireadh seachtaine seo an spreang atá ag teastáil go dóite ón gcraobh chaide

Brí agus anam curtha sa chraobh ag Corcaigh 

Táimid i ngiorracht laethanta do ghrianstad an tsamhraidh agus fé thráthnóna amárach beidh tuairim i bhfad níos fearr, muna raibh a fhios againn cheana féin (na Dubs, na Dubs na Dubs!), cé leis a bheidh rith an ráis i gcraobh peile na hÉireann i mbliana. Tá daoine ann ná raghaidh i dtaithí go deo ar mhúnla nua na craoibhe agus tá a rian air, tá an chogarnaíl tosnaithe cheana féin fé mhúnlaí nua.

Bhí teacht le chéile Dé Luain agus Dé Máirt na seachtaine seo ag lucht riartha na gcluichí ag CLG agus na rúnaithe contae d’fhonn cúpla malairt rogha a chur faoinár mbráid agus níl aon amhras ná go bhfuil iarrachtaí boga, ciúine tosnaithe chun an bonn a bhaint den mhúnla craoibhe atá i bhfeidhm fé láthair. Comhthreormhar leis sin, tá Jim Gavin agus a choiste ag taighde is ag tómhach, ag póirseáil is ag paidhceáil ina n-iarrachtaí feabhas a chur ar an gcluiche féin. Is deacair sinn a shásamh i ngort na caide ach caithfear gníomh éigin a dhéanamh nuair is léir don uile dhuine go bhfuil an earra fé bhun caighdeáin.

Dála babhta deiridh na ngrúpaí anuraidh, ba cheart go dtabharfadh cluichí an deireadh seachtaine seo an spreang atá ag teastáil go dóite ón gcraobh chaide. Cé go bhfuil scata ag cáiseamh le tamall go dtógann sé oiread cluichí chun ceithre cinn d’fhoirne a chur de dhroim seoil, ní raibh aon fhonn athraithe ar na húdaráis nó gur tháinig titim thubaisteach ar líon na ndaoine a bhíonn ag freastal ar na cluichí céanna. Tá Cumann Lúthchleas Gael géarchúiseach a dhóthain mar eagraíocht chun tomhas agus breith a thabhairt ar threo na gaoithe agus ainneoin dráma bhabhta a trí na ngrúpaí, ní dócha go slánóidh san an chraobh mar atá dos na blianta amach romhainn.

Ba iad Corcaigh a chuir brí agus anam sa chraobh i mbabhta a trí an dtaca seo anuraidh lena mbua trí phointe ar Mhaigh Eo i bPáirc an nGael. Is acu, arís, dar liom, atá an cluiche is spéisiúla an deireadh seachtaine seo. Cé go bhfuil ana-chaint ar an gcluiche idir an Ghaillimh agus Ard Mhacha i bPáirc Markievicz agus ar an gcoimhlint idir Áth Cliath agus Maigh Eo i bPáirc de hÍde amárach, is dóigh liom, dá mbeadh mo rogha ionaid agam an deireadh seachtaine seo gur i bPáirc Uí Chonchúir sa Tulach Mhór tráthnóna a bheadh mo thriall. Is minic muintir Chorcaí ag cáiseamh ná cuirtear a bhfoirne peile agus iomána le chéile ar an gcárta céanna nuair is féidir. Tá san déanta inniu ag lucht riartha na gcluichí agus n’fheadar aoinne cén rian a fhágfaidh sé ar imeachtaí.

Glactar coitianta leis go mba cheart go mbuafadh na hiománaithe sa dara cluiche tráthnóna ach má thagann pobal Chorcaí go tréan taobh thiar dá bpeileadóirí, níl teora leis an méid is féidir leo siúd a bhaint amach chomh maith. Níorbh aon fhás aon oíche a mbua ar Dhún na nGall coicíos ó shin agus má aimsíonn siad a mbuille luath in aghaidh Thír Eoghain tráthnóna, d’fhéadfaidís an bhearna sin idir Roinn 1 agus Roinn 2 na sraithe a chungú ana-thapaidh ar fad.

Bearna coicíse idir cluichí agus sos dá réir an duais mhór don té a chríochnaíonn i mbarra na ngrúpaí an deireadh seachtaine seo. An dtaca seo anuraidh, níor éirigh le oiread is foireann amháin a bhí i mbarra na ngrúpaí tar éis dhá bhabhta críochnú i mbarra agus dul díreach go dtí babhta ceathrú ceannais na craoibhe. Bhí ar Mhaigh Eo, Ros Comáin agus Muineachán imirt as baile sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais de dheasca a dtorthaí i mbabhta a trí agus cé go mbuaigh Muineachán is Maigh Eo, bhí cuma thuirseach orthu an deireadh seachtaine ina dhiaidh arís agus níor tháinig Maigh Eo as. Níl an scéal baileach chomh casta an uair seo, ba dhóigh leat.

Tá Ard Mhacha, Áth Cliath, Corcaigh agus Ciarraí i mbarra tar éis dhá bhabhta agus ráiníonn go bhfuilid go léir ag tabhairt aghaidh ar an bhfoireann atá sa dara háit ina ngrúpaí – Gaillimh, Maigh Eo, Tír Eoghain agus an Lú. Dhéanfadh comhscór an cúram sna cheithre chluiche ach ní dócha gur mar sin a bheidh na foirne féin ag féachaint air.

N’fheadar aoinne cén dearcadh ach an oiread a bheadh ag an gceithre fhoireann i mbun na ngrúpaí, Doire, an Cabhán, an Clár agus an Mhí ach shamhlófá gur in Iúr Chinn Trá ar a 8.30 tráthnóna a bheadh an scéal mór dá mba rud é gur díbirt a bheadh i ndán do Dhoire tar éis a gcluiche ina aghaidh na hIarmhí.

Gan dabht, d’fhéadfadh Doire an taoide a chasadh arís le bua i bPáirc Esler ach is geall le maidin is oíche, dubh is geal, an Doire a bhí le feiscint san earrach againn agus an ceann atá os ár gcomhair i dtús an tsamhraidh inniu. Tar éis a thuigtear gach beart agus cloisfear a thuilleadh faoin gclaochló i nDoire. B’fhéidir go mbuafaidís ar an Iarmhí ach tá an bád pollta agus seans gur gearr uathu a suncáil.

Fág freagra ar 'Brí agus anam curtha sa chraobh ag Corcaigh '