An Ghaeltacht ag iarraidh críoch shona a chur le 2017

Cé go bhfuil bliain fhada curtha díobh ag fir Chorca Dhuibhne, tá deis acu Roinn 1 den tsraith a bhuachan den dara huair riamh tráthnóna agus iad ag imirt Crócaigh Chill Airne

An Ghaeltacht ag iarraidh críoch shona a chur le 2017

Fear na Gaeltachta, Óigí Ó Sé. Pictiúr: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín

Crócaigh Chill Airne v An Ghaeltacht, Bóthar an Lobhaoisigh, 2.00i.n.

Cé go bhfuil aimsir na Nollag tagtha, tá cluichí CLG fós le n-imirt agus ceann eile ann tráthnóna i gCiarraí – An Ghaeltacht in aghaidh Chrócaigh Chill Airne i gcluiche ceannais Roinn 1 na sraithe.

Tá bliain fhada curtha díobh ag an dá fhoireann. Ó bhí siad páirteach i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann ag tús na bliana, tá na Crócaigh ar an mbóthar ó mhí Eanáir seo caite. Cé nár thosaigh cluichí fhir na Gaeltachta chomh luath céanna, d’imir siad a gcéad chluiche sraithe mí an Mhárta agus idir Chomórtas Peile na Gaeltachta, chomórtais Chiarraí Thiar agus chraobhacha Chiarraí agus na Mumhan, is beag deis a bhí acu scíth a ligean ó shin.

Seans gurbh fhearr leis na himreoirí ar an dá fhoireann díriú ar cheiliúradh na Nollag ná ar chluiche eile ,ach ní rud beag é Roinn 1 den tsraith a bhuachan, go háirithe don Ghaeltacht.

Níl an comórtas buaite acusan ach aon uair amháin, thiar sa bhliain 2007, nuair a bhuadar ar Cheirín-Uí Rathaille sa chluiche ceannais. Léiriú eile fós a bheadh ann ar an dul chun cinn atá déanta ag cumann Chorca Dhuibhne dá mbeadh siad in ann na Crócaigh, seaimpíní Chiarraí agus na hÉireann faoi láthair, a shárú.

Nuair a chas na foirne seo ar a chéile sa tsraith san Aibreán, bhí siad ar comhscór agus gan ach deich nóiméad fágtha ach a bhuíochas le sárimirt Dháithí Casey d’éirigh le fir Chill Airne sé phointe as a chéile a aimsiú as sin go deireadh an chluiche.

Tá sárthaispeántais tugtha ag Tomás agus Pádraig Óg Ó Sé i bhfeachtas na Gaeltachta i gCiarraí agus sa chúige ach ní bheidh fáil orthu tráthnóna toisc iad a bheith thar sáile agus beidh Ciarán Ó Coileáin ar iarraidh chomh maith.

Agus iad ag triall ar chluiche leathcheannais na hÉireann i mí Eanáir, is cinnte go mbeidh an Ghaeltacht ag díriú níos mó ar an gcluiche sin in aghaidh an Mhaí ach bheadh dinnéar na Nollag níos blasta fós dá n-éireodh leo corn eile a bhuachan acu boic mhóra na peile sa Ríocht a chloí.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht ag iarraidh críoch shona a chur le 2017'