AJ Mac Láimh abú!
‘Up Cuas!’ agus ‘Ó thuaidh!’ na gártha molta is mó a shamhlaítear le Gaeltacht Chorca Dhuibhne, ach tá ceann eile acu i ndiaidh gaiscí a gcumann peile i mbliana.
Más é ‘Chun Cogaidh’ nó ‘To War’ le Cormac Begley port agus rosc catha nua na nDuibhneach, is é ‘An Ghaeltacht abú, baby!’ an liú áthais du jour ó dheas.
AJ Mac Láimh, buachaill beag sna naíonáin mhóra is cúis le scaipeadh ‘An Ghaeltacht abú, baby!’. Mac AJ le PJ Mac Láimh, captaen na foirne a bhuaigh craobh idirmheánach na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite.
Ag deireadh a óráide ar chéimeanna Ardán Uí Ógáin, thug PJ an micreafón do AJ agus bhéic an firín beag in ard a ghutha, ‘An Ghaeltacht Abú, Baby!’.
Níorbh é an chéad uair aige é. Rinne AJ an cleas céanna i ndiaidh don Ghaeltacht cluiche ceannais na Mumhan a bhuachan i Ráth Caola in iarthar Luimnigh ag deireadh na bliana seo caite.
A bhuíochas do AJ, tá mana nua anois ag muintir na Gaeltachta, mana a bhí le cloisteáil go minic ar fud Bhaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite agus i dtábhairní Chorca Dhuibhne ó shin.
Ba mhilis an bua é an Domhnach seo caite gan dabht agus an mana nua le feiceáil fiú ar chistí le seachtain anuas. Ní fada go mbeidh sé le feiceáil ar phóstaer speisialta atá deartha ag Tuairisc mar cheiliúradh.
View this post on Instagram
An t-amhránaí Róisín O tite isteach le foireann na Gaeltachta
Tháinig an t-amhránaí Róisín O ar an gceiliúradh ar theacht abhaile fhoireann Chumann Caide na Gaeltachta curaidh Chraobh Idirmheánach Peile na hÉireann i rith na seachtaine.
As Baile Átha Cliath ó dhúchas í, d’eisigh Róisín O an t-albam is deireanaí léi, Courageous, sa mbliain 2022. Is iníon í leis an amhránaí Mary Black agus is é Danny O’Reilly, ó The Coronas, a deartháir.
Chuir sí físeán gairid a tógadh Tigh Bheaglaoich i mBaile na nGall suas ar a cuntas Instagram ar an Máirt an tráthnóna a tháinig an fhoireann abhaile.
Bhí sé ina dhamhsa agus ina cheol agus an pobal uile tagtha le chéile ag ceiliúradh na seaimpíní. Deirtear le Dialann Tuairisc gur rug Róisín O barr bua ar gach duine eile le leagan spleodrach d’amhrán le Florence + The Machine, ‘The Dog Days are Over’.
***
Mia Farrow ag dul i muinín na Gaeilge
Ráiteas i nGaeilge a bhí ag an aisteoir cáiliúil Mia Farrow mar fhocal dóchais dá 224,000 leantóir ar an ardán BlueSky an tseachtain seo.
Dé Sathairn seo caite phostáil Farrow “I keep having to remind myself that: ní mhaireann aon drochlá go deo (no bad day lasts forever)”.
Leagan eile den seanfhocal ‘ní mhaireann aon ní ach seal’, a bhí ann, is dóigh.
Mhol go leor daoine sna tráchtanna a dearcadh.
Baineann go leor de phostálacha Farrow le cúrsaí reatha i Meiriceá agus í ag easaontú le polasaithe an Uachtaráin Trump maidir le cúrsaí inimirce agus ceisteanna eile. Tá go leor tacaíochta léirithe ag Farrow do mhuintir Minnesota ó tharla eachtra inar chaith gníomhaire de chuid ICE Renee Good, saoránach Meiriceánach, ar an 7 Eanáir.
Is iníon í Mia Farrow leis an aisteoir Éireannach cáiliúil Maureen O’Sullivan, a bhain cáil amach ar dtús ina ról mar ‘Jane Parker’ sna scannáin Tarzan a déanadh sna 1930idí agus tús na 1940idí.
Rugadh O’Sullivan i Mainistir na Búille i gcontae Ros Comáin agus fuair sí a seans ar Hollywood nuair a bhí an scannán Song O’ My Heart á dhéanamh ag Fox Film Corporation in Éirinn. D’éirigh léi páirt a fháil sa scannán, ina raibh an t-amhránaí teanóir Frank McCormack ann freisin, agus thug sí aghaidh ar Hollywood ina dhiaidh sin.
Tá a cáil féin gnóthaithe ag Mia Farrow, a rugadh sa mbliain 1945, mar aisteoir I scannáin amhail Rosemary’s Baby.
Labhraíonn sí go minic ar an nasc atá aici le hÉirinn agus is déshaoranach Meiriceánach agus Éireannach í. Is cosúil go raibh caint éigin aici ar bhogadh go hÉirinn nuair a atoghadh Donald Trump mar uachtarán anuraidh.
I mí Lúnasa na bliana seo caite, scríobh Farrow trácht ar chuntas Instagram Rosie O’Donnell, a bhog go hÉirinn anuraidh, inar dúirt sí go raibh a pas Éireannach faighte aici.
***
KH
Comhghairdeachas leo. ‘Ní bhíonn in aon rud ach seal’ a múineadh dúinne ar scoil.