AN GHAEILGE SAN AE: ag aistriú anonn chun na Bruiséile…

Samhlaíonn údar Chonaire Mór agus Thuatha Dé Danann comhrá faoina jab nua mar aistritheoir Gaeilge sa Bhruiséil

AN GHAEILGE SAN AE: ag aistriú anonn chun na Bruiséile…

Is ina shuí cois tinteáin in óstán an Mhuilinn i mBaile Mhúirne a bhí mé nuair a tharla tuairisceoir Tuairisc.ie an doras isteach. Is amhlaidh a bhí mé ag freastal ar Fhéile na Laoch i gCúil Aodha i measc laochra go leor eile, idir mhuintir an cheantair agus chuairteoirí ón iasacht agus ó cheithre chearda na hÉireann, Uachtarán na hÉireann, an tUasal Micheál D. Ó hUigínn ina measc.

‘Shíl muid gur sa Bhruiséil a bhí tú!’ arsa Tuairisc.ie

‘Is ann atá ag obair anois,’ arsa mise.

Bhain sé bolgam as a chupán caife.

‘Leis an gCoimisiún,’ arsa sé. ‘An ólfá cupán?’

Agus ordaíodh dúinn.

‘Ar mhiste leat dá gcuirfinn cúpla ceist ort, a Dhiarmuid?’ arsa Tuairisc.ie nuair a bhí an chéad bhiadán cainte déanta. 

‘Ceisteanna éasca, ab ea?’

Leath aoibh an gháire orainn beirt. Lean Tuairisc.ie air.

‘Ar maith an rud togha na nGaeilgeoirí a bheith ag fágáil na tíre agus ag tabhairt aghaidh ar an iasacht?’

‘Togha na nGaeilgeoirí?’ arsa mise. ‘Na daoine atá ag fágáil na tíre le dhul ag obair sa mBruiséil, is iad togha na n-aistritheoirí iad, nó togha na n-ábhar aistritheoirí, daoine cumasacha, daoine a bhfuil éirim aigne agus acmhainn oibre iontu, daoine pointeáilte a bhíonn ag plé le mionréimse faoi leith de scríobh na teanga: an reachtaíocht. Togha na nGaeilgeoirí, sin rud eile. Tá a leithéid ann fós. Thiar i gcroí na Sean-Ghaeltachta, Múscraí san áireamh. Ceist ar bith eile?’

‘Tá.’

‘Abair leat.’

‘Cén fáth is mó a bhfágfadh duine a thír féin le tabhairt faoi shaol nua ar an Mór-Roinn?’

‘Eachtra!’

‘Eachtra?’

‘Nach ndeachaigh Naomh Breandán go Meiriceá? Cuid de mhianach an oileáin fágáil an oileáin. Is furasta filleadh. Is fusa a dhul ón mBruiséil go Gaillimh anois, ná ó Bhaile Átha Cliath go hÁth Luain tríocha bliain ó shin. Níl sé leath chomh fada ó bhaile le Melbourne ná Vancouver. Agus níl jabanna Gaeilge le fáil i gceachtar den dá áit sin.

‘Agus céard atá sa mBruiséil agus sa mBeilg a mheallfadh duine chun cónaí ann?’

‘Sin ceist a bhí orm féin. Tá an t-airgead go maith. Is gearr le dhá thuarastal é. Tá na daoine go hálainn san áit a mbíonn muid ag obair. Bíonn amhráin agus scéalta ann ag am tae. Ach tá rudaí eile ann thíos ar an mbaile. Sin é a chuir iontas ormsa. Bhí dhá bhliain déag caite agam san Eoraip sula ndeachaigh mé chuig an mBruiséil.’

‘Bhí tú sa nGearmáin, nach raibh?’

‘Bhí mé trí bliana sa bPolainn, ceithre bliana sa nGearmáin, agus cúig bliana sa mBriotáin.’

‘Agus cén t-iontas mór atá sa mBruiséil mar sin?’

‘An éagsúlacht, déarfainn. An éagsúlacht teangacha. An éagsúlacht bialanna. An éagsúlacht beorach! Ach rud mór eile, is príomhchathair í seo a bhfuil na daoine ina gcónaí i lár na cathrach ann. Ní fíor sin faoi phríomhchathracha eile. Bíonn an cíos ró-ard iontu.’

‘Bíonn torann ann san oíche mar sin is dóigh!’

‘Bhí torann san áit seo aréir!’ arsa mise.

‘Céard eile atá sa mBruiséil?’ arsa Tuairisc.ie.

‘Tá an tSean-Eoraip ann.’

‘An tSean-Eoraip?’

‘Sea. Buamáladh an Ghearmáin aimsir an Dara Cogadh Domhanda. Níor fágadh cloch os cionn cloiche ann. Buamáladh cuid mhaith den Pholainn. Buamáladh Londain féin.  Ach níor buamáladh an Bhruiséil. Ná Brugges. Ná Gent. Ná na seanbhailte sin ar fad. Tá siad mar a bhí siad sa 16ú haois déag. Sa 17ú haois déag. San 18ú haois déag. Is í an Bhruiséil an áit is fearr le haghaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh, mar is ann is fearr atá léargas ar stair na hEorpa, stair na hailtireachta, stair an dá chreideamh – Caitliceach agus Protastúnach.’

‘Is léir go dtaitníonn an áit leat!’

‘Áit mhaith.’

Is gearr ina dhiaidh sin gur scaip an comhluadar. Beidh ‘Féile na Laoch’ ann sa mbliain 2025 arís is dóigh. Faoin am sin, beidh méadú mór ar líon na n-aistritheoirí Gaeilge sa mBruiséil, agus beidh an Ghaeilge ar aon stádas le teangacha an Aontais Eorpaigh idir bheag agus mhór.

– Tá comórtas ag EPSO faoi láthair le tuilleadh aistritheoirí a cheapadh. Dé Máirt seo chugainn, an 4 Meán Fómhair an sprioc.   

Fág freagra ar 'AN GHAEILGE SAN AE: ag aistriú anonn chun na Bruiséile…'

  • Pádraig O Muircheartaigh

    Tá ana mheas agam ar Dhiarmuid agus is scóláire Gaeilge den ardchaighdeán é ach tá locht amháin agam ar imircigh mar sin.Mar an gcéanna leis na banaltraí dochtúirí sagairt srl.Fagann siad a dTír féinigh agus téann siad thar lear ar thóir an phota óir.Tá an cead sin acu ach an bhfuil sé ceart?Ní dóigh liom go bhfuil,Tá dualgas orthu fanacht sa bhaile agus cabhrú le sochaí mhuinteartha bhisiúil a thógáil agus i dtaobh na nGaeilgeoirí de an Ghaeilge a chur chun cinn

  • AnRógaire

    Ní fheicim aon bhuntáiste don ghaeilge ná do phobal na gaeilge sna postanna ar an mhóroinn. Ní cabhair ar bith é do chur chun cinn na teanga sa bhaile, áit a mbíonn leatrom á dhéanamh ar phobal a labartha gach lá dá saol.

  • Mánus

    Ní fhaighim locht ar bith ar na Gaeil óga fuinniúla atá ag obair ar son na hÉireann agus na hEorpa mar aistritheoirí sa Bhruiséil. Is as ciste láir an AE a íoctar na haistritheoirí sin ar aon nós.
    Seans go mbeidh Gaeltacht uirbeach sa Bhruiséil amach anseo. Níl le déanamh ach go gceannódh grúpa des na Gaeil sa Bhruiséil blocarasán.
    Píosa beag soir an bóthar bhíodh Gaeltacht bhisiúil sna coláistí Éireannacha i Leuven. Murach an Ghaeltacht sin a bhí lán le scríbhneoirí agus aistritheoirí den scoth ní bheadh Annálacha na gCeithre Máistrí (ar deineadh coimisiniú urthu i Leuven) againn agus go leor eile mar é.