An Ghaeilge ‘as dáta’ i ré na teicneolaíochta agus baol ann go dtabharfaidh daoine óga cúl léi

Agus í ag labhairt i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúirt duine d’údair Phlean Digiteach Don Ghaeilge an Rialtais gur fhág easpa maoinithe agus easpa suime go raibh an Ghaeilge chun deiridh ar go leor teangacha Eorpacha eile i dtaobh na teicneolaíochta

An Ghaeilge ‘as dáta’ i ré na teicneolaíochta agus baol ann go dtabharfaidh daoine óga cúl léi

Tá ráite ag duine d’údair Phlean Digiteach don Ghaeilge an Rialtais go bhfuil sé deacair a chreidiúint nach bhfuil fotheidealú uathoibríoch agus áiseanna teicneolaíochta eile ar fáil don Ghaeilge sa lá atá inniu ann.

Agus í ag labhairt i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúirt an Dr Teresa Lynn gur fhág easpa maoinithe agus easpa suime go raibh an Ghaeilge chun deiridh ar go leor teangacha Eorpacha eile i dtaobh na teicneolaíochta agus gur fhág sin an teanga i mbaol.

“Samhlaigh seo, níl fotheidealú uathoibríoch againn don Ghaeilge in 2023. Níor cruthaíodh go fóill é, níl córas againn. Ba cheart go mbeadh sé sin ar fáil dúinn,” a dúirt an Dr Lynn.

“Ní dóibh siúd a bhfuil máchail éisteachta orthu agus atá ag féachaint ar an teilifís amháin é. Bhainfeá úsáid as dá mbeadh tú ag iarraidh breathnú ar rud éigin ar do fón agus tú ar an mbus. Tá muid in ann é a dhéanamh don bhFraincis, tá muid in ann é a dhéanamh don Ghearmáinis ach fós níl fotheidealú uathoibríoch againn don Ghaeilge.”

Dúirt an Dr Lynn, comhairleoir ag ADAPT, ionad teicneolaíochta in DCU, go raibh an Ghaeilge “as dáta” i ré seo na teicneolaíochta agus gur fadhb mhór a bhí ann nach raibh daoine in ann úsáid a bhaint as an teanga agus an teicneolaíocht is déanaí á húsáid acu. Ní raibh ort ach breathnú ar an seomra ranga chun léargas a fháil ar an bhfadhb, ar sí.

“Samhlaigh daltaí ag dul isteach sa rang Fraincise nó sa rang Gearmáinise agus na haipeanna is déanaí acu chun cuidiú leo. Téann siad isteach sa rang Gaeilge agus tá páipéar agus peann acu agus na seanleabhair. Tá sé as dáta ón nóiméad a théann na páistí isteach…agus déarfaidh siad leo féin, ‘cén fáth go bhfuilim ag foghlaim na teanga seanaimseartha seo’,” a dúirt sí.

Dúirt an Dr Lynn go raibh cláir don fhoghlaim ríomhchuidithe teanga (FRT) ar cheann de na huirlisí a d’fhéadfadh a bheith an-chabhrach i dtaobh mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge. Dúirt sí go raibh neart samplaí i dtíortha eile de chláir FRT a bhféadfaí úsáid a bhaint astu in Éirinn ach nár cuireadh an maoiniú ar fáil riamh chun a leithéid d’obair a dhéanamh.

“Tá iliomad bealaí go bhféadfadh muid úsáid a bhaint as an teicneolaíocht chun tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí, trí chláir an-simplí, dá mbeadh an infheistíocht déanta sa taighde. Mar is taighde san Intleacht Shaorga atá i gceist. Ní leor duine a bhfuil beagán cur amach acu ar chódú in Java nó Python agus a bhfuil an Ghaeilge acu.”

Dúirt an Dr Lynn gur theastaigh togra fadtéarmach ar mhórscála chun dul chun cinn a dhéanamh agus gur theastaigh maoiniú suntasach ón Rialtas. Dá mbeadh an maoiniú sin ar fáil, ba cheart, a dúirt sí, tús áite a thabhairt d’fhorbairt córas FRT, córas aistriúcháin agus fotheidealú uathoibríoch.

“Bhí comhráití againn le Roinn na Gaeltachta maidir le céard a d’fhéadfaí a dhéanamh [i dtaobh maoinithe] ach bhí sé seo ag an íosleibhéal,” a dúirt sí.

Gheall an Roinn go ndéanfaí infheistíocht €1 milliún i mbliana sa Phlean Digiteach don Ghaeilge, a raibh an Dr Lynn ina comhúdar air, agus a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.

Dúirt an Dr Lynn go raibh sé deacair a rá céard go díreach a chosnódh sé chun na spriocanna a luaigh sí a bhaint amach ach go mbeadh roinnt mhaith milliún i gceist.

“D’fhéadfá buiséad €10 milliún a bheith agat thar thréimhse cúpla bliain nó €20 milliún thar chúig bliana,” a dúirt an Dr Lynn.

Dúirt sí go raibh an tAontas Eorpach sásta maoiniú suntasach a chur ar fáil do thíortha ar fud na hEorpa chun uirlisí teicneolaíochta a fhorbairt do theangacha ach go mbeadh ar gach Rialtas cómhaoiniú a chur ar fáil.

Mheas an Dr Lynn freisin go bhféadfaí tuilleadh brú a chur ar na comhlachtaí teicneolaíochta móra atá lonnaithe in Éirinn tacaíocht a thabhairt don obair forbartha atá le déanamh maidir leis an nGaeilge.

“Tá comhlachtaí teicneolaíochta móra anseo in Éirinn, agus tairbhe go leor ann dóibh, agus ba cheart go mbeadh freagracht shóisialta chorparáideach orthu rud éigin a thabhairt ar ais do phobal na hÉireann,” a dúirt sí.

“Measaim go bhféadfadh muid níos mó brú a chur orthu i dtaobh na freagrachta sóisialta corparáidí sin chun níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge nó oibriú le Roinn na Gaeltachta nó le Fondúireacht Eolaíochta Éireann.”

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ‘as dáta’ i ré na teicneolaíochta agus baol ann go dtabharfaidh daoine óga cúl léi'