Deirtear sa mhiotaseolaíocht gur chuir áilleacht Helen na Traí na mílte bád chun seoil. An gcuirfidh botúin Robert Troy bád an rialtais go tóin poill?
Caithfidh gur cheap an rialtas go raibh ag éirí go maith leis, na chéad trí seachtaine de mhí Lúnasa, nuair a théann an Dáil ar saoire agus nuair a theastaíonn seachrán airde ón bpobal, ní raibh aon scannal nó conspóid rialtais ag cur as do Mhicheál Martin ná a chomhghleacaithe. B’fhéidir gur lig lucht na polaitíochta na maidí le sruth, ach ansin, go tobann, tháinig Robert Troy, Aire Stáit díograiseach ciúin de chuid Fhianna Fáil aniar aduaidh orainn ar fad.
Tuairiscíodh i dtosach báire gur chuir Troy cuntas míchruinn faoina chuid réadmhaoine pearsanta ar Chlár Leasanna na gComhaltaí.
Fuarthas níos mó eolais amach de réir a chéile. Fuarthas amach mar shampla gur ceannaíodh ó Chomhairle Contae tithe áirithe, agus ansin gur díoladh leis an gComhairle chéanna iad tamall ina dhiaidh sin, i ndiaidh an-chuid infheistíochta, ach ar phraghas níos airde leis.
Ansin, d’admhaigh Troy nach raibh cuid de na tithe a bhí leagtha ar cíos aige cláraithe mar ba chóir leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe. Cuireadh ina leith nach raibh cúrsaí riaracháin i gceart aige d’fhoirgneamh amháin a bhí ina sheilbh. Bhí an scéal ag bailiú nirt agus aird an phobail dírithe go hiomlán ar Robert Troy agus a chuid tithe.
Bheartaigh Robert Troy dul ar an News at One ag tús na seachtaine le ceisteanna a fhreagairt; agallamh a raibh a shaol polaitíochta ag brath air.
Níor éirigh leis lucht a cháinte a cheansú – admhaíodh nár léadh foirmeacha an chuntais i gceart, gabhadh leithscéal leis an bpobal agus deimhníodh go raibh aon áras déag, idir thithe agus árasáin, aige agus naoi gcinn díobh curtha ar cíos aige. Cuireadh iontas ar an bpobal, agus ar pholaiteoirí.
Agus mé ag labhairt le polaiteoir amháin i bhFianna Fáil, dúradh liom: “Níor thuig mé go raibh an oiread sin tithe aige. Bhí a fhios agam go raibh Robert cúramach lena chuid airgid, ach ní chomh cúramach sin.” Bhí na cosa nite ag Troy: chuir sé ráiteas amach oíche Dé Céadaoin le cur in iúl go raibh sé ag éirí as a chúraimí mar Aire Stáit.
Níor chuir an fógra iontas orm, ach bhain an ráiteas féin siar asam beagán.
Rinne Robert Troy cosaint láidir ar a ghairm mar thiarna talún, á rá go ndeachaigh sé díreach ag obair ón meánscoil agus gur éirigh leis a chéad teach a cheannach agus é 20 bliain d’aois. Cé go bhfuil portfolio tithíochta an-mhór aige, mhaígh sé gur thuig sé na deacrachtaí a bhíonn ag daoine de bharr na géarchéime tithíochta, Ní ghlacfadh sé, a dúirt sé, le haon cháineadh as an rath atá air féin ag ceannach, ag díol agus ag leagan tithe ar cíos. Caithfimid na tiarnaí talún a thabhairt linn, a dúirt an t-iarAire Stáit, más linn na fadhbanna tithíochta atá ag an tír a réiteach.
Agus sin á léamh agam, rith sé liom go gcuirfeadh a leithéid de ráiteas olc agus alltacht ar an-chuid daoine atá ar comhaois liom féin, nach bhfuil ag éirí leo airgead a chur i dtaisce le go mbeidís in ann teach a cheannach, atá ag íoc cíos ollmhór ionas go mbeidh siad in ann fanacht sna cathracha móra in bhfuil an chuid is mó den fhostaíocht, nó atá tar éis cinneadh a ghlacadh imeacht go háit ina bhfuil praghas níos réasúnta ar theach.
Nó go deimhin, na daoine nach bhfuil nó nach mbeidh sé riamh d’acmhainn acu teach a cheannach. Nó go deimhin na mic léinn ollscoile atá ag fanacht i scuainí fada taobh amuigh de phrochóga tí, gan deis acu seomra ann a fháil – cé go bhfuil siad ar fad ag obair go crua, mar atá an tAire Stáit Troy. Is í sin an fhadhb atá ag go leor daoine, cé go bhfuil post maith acu, cé go bhfuil oideachas orthu, cé go bhfuil an toil acu, is ag snámh in aghaidh easa atá siad le linn na géarchéime tithíochta seo.
An líomhain is tromchúisí a d’fhéadfaí a chur i leith an rialtais ná nach dtuigeann siad na daoine atá ar an ngannchuid nó thar a ngátar. Tá frustrachas ar go leor, go háirithe daoine óga, mar go gceapann siad nach bhfuil éinne ag troid ar a son.
Thuigfeá don tuairimíocht sin tar éis ráiteas Robert Troy a léamh. Agus tuairiscí go bhfuil botúin ó thaobh clárú tithíochta déanta freisin ag polaiteoirí an fhreasúra, caithfear an cheist a chur – an bhfuil na freagraí acusan ach oiread?
Mol an óige agus tiocfaidh sí. Léirigh dímheas uirthi, agus imeoidh sí….
Billings/Billie --- Dónall Mór
*******************************************************************************
http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
*******************************************************************************
A Eoin,
Bíonn an fhírinne searbh agus is alt agus anailís den scoth a bhfuil scríofa agat.
Go díreach an rud a tharla ná gur bhris ‘Robert Troy’ an ‘t-Aonú Aitheanta Déag’ (óna Na Deich n-Aithne) gabhadh é. Amach anseo tiocfaidh tuileadh eolais i dtaobh Teachtaí Dála eile – na creatúir bochta.
Nuair atá géirchéim thithíochta, costas maireachtála ag méadú, cúrsaí sláinte ar mire, dearcadh an Stáit i dtaobh na Gaeilge ar mire fosta, reifreann i dtaobh Aontú na Tíre seo le teacht, bíonn neart ann leis an dallamulllóg a chur ar dhaoine agus dul ar aghaidh le ‘drochchaighdeáin sa saol poiblí’ nó caimiléireacht.
Ach ar an droch-uair ní féidir córas caipitilíoch riar ar chúrsaí soisialta agus ag an am chéanna geilleagair a mhaireann ar bhrabús agus láimhseáil boilsithe a chur chun tosaigh.
Is mise le dóchas mór ( mar dhea)
Dónall Mac Billings mór
Mac na Reablóide teanga agus Polaitíochta
An Ghaeltacht/Jailteacht,
Príosún Phort Laoise
Ardán 1,
Bloc E
http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
*********************************************************************************
Mícheál Ó Ruairc
Fiú agus ‘An Té Speisialta’ José Mourhino ina sheasamh taobh leis tá sé soiléir óna dhreach go bhfuil an cluiche caillte ag Roibeárd Ó Traoi.
JP
Tuilleadh soiléirithe uait le do chaointoil faoi na ‘botúin’ atá déanta ag cuid den bhfreasúra maidir le clárú réadmhaoine??