An gcuirfear Éire ar fad amach as an Aontas Custam?

Tá am fós againn tús áite a thabhairt d’fhíorleas na tíre seo seachas don dílseacht a léiríonn muid gan cheist don Aontas Eorpach

An gcuirfear Éire ar fad amach as an Aontas Custam?

Cé a chreidfeadh é? Ardoifigeach i gCoimisiún na hEorpa ag moladh gur chóir Éire a chur amach as an Aontas Custam ar mhaithe le teorainn chrua in Éirinn féin a sheachaint?

Bhuel, níl an scéal seo baileach cruinn, mar ní raibh an t-oifigeach anaithnid ach ag rá go mbeidh rogha dheacair romhainn i gcás an Bhreatimeachta gan mhargadh.

An rogha sin ná go gcuirfeadh muid bacanna ar an teorainn in Éirinn nó go gcuirfeadh an tAontas Eorpach bacanna idir Éirinn ar fad agus an chuid eile den Aontas.

Ní mór, ar ndóigh, a bheith cúramach faoi scéal ar bith nach bhfuil ainm leis. B’fhéidir nach bhfuil san ardoifigeach seo ach carachtar as samhlaíocht tráchtaire éigin. Mar sin féin, creidimse an scéal, toisc go bhfuil loighic agus ciall ag baint leis, agus toisc gur dóichí gur mar sin a bheidh an scéal againn.

Fiú mura ndearna aon oifigeach an ráiteas sin, tá sé fós fíor.

Ón tús, bhí mé féin orthu siúd a thuig gur dóichí nach dtabharfadh rialtas na Breataine teorainn chrua isteach, ach go mbeadh an tAontas Eorpach deimhin de go gcaithfí cosaint a dhéanamh ar an lánpháirtíocht ar bunprionsabal é de chuid an Aontais.

Is é sin le rá go mbeadh an tAontas ag éileamh baic ar aon earraí a thabharfaí isteach san Aontas ón mBreatain toisc nach mbeadh an tír sin faoi rialacha trádála an Aontais feasta.

Tá an rialtas abhus ag fógairt i gcónaí nach bhfuil siad ag déanamh aon ullmhúchán do theorainn chrua in Éirinn, agus go polaitiúil tá an ceart ar fad acu sin a rá. Ach i gcás an Bhreatimeachta gan mhargadh cén chaoi a gcosnódh an tAontas prionsabal bunúsach  sin na lánpháirtíochta gan rialacha trádála a chur i bhfeidhm?

Agus mura mbeidh Rialtas na hÉireann in ann, nó sásta, na rialacha sin a chur i bhfeidhm ar an teorainn in Éirinn, ní bheidh aon rogha eile ann ach iad a chur i bhfeidhm áit éigin eile – ar chalafoirt mar Cherbourg is Le Havre sa bhFrainc nó i Rotterdam san Ísiltír.

Níl a fhios agam an mórán d’údar faoisimh a thabharfaidh sé dúinn an milleán a chur ar na Sasanaigh,  ach i gcás an Bhreatimeachta gan mhargadh is beag tionchar a bheidh againn féin ar an scéal. Bheadh sé níos éasca dá mba iad na Sasanaigh a chuirfeadh baic ar an teorainn ach tuige a gcuirfidís?

Tá an rialtas, agus páirtithe an fhreasúra, mar Shinn Féin, ag fógairt gan stad go gcaithfidh muid seasamh leis an gcúlstad, ach is cuid den Chomhaontú Imeachta é an cúlstad is mura mbeidh aon mhargadh ann ní bheidh aon chúlstad ann ach an oiread.

Ós amhlaidh an cás, nach bhfuil sé beagáinín truamhéalach nach bhfuil na húdaráis sásta aon phlé a dhéanamh faoin bhféidearthacht sin? Níl haon scéal é seo, a deir siad, toisc nach dteastaíonn uathu féin aghaidh a thabhairt air.

Ach an cóir dúinn a bheith chomh buartha sin ar aon chuma faoin moladh?

Go polaitiúil tá sé tábhachtach nach mbeidh teorainn chrua sa tír seo arís, ach nach fadhb shiombalach níos mó ná fadhb dháiríre é go mbeadh seiceálacha custam is eile idir Éirinn agus an Mhór-Roinn?

Ag deireadh thiar níl muid páirteach i gComhaontú Schengen a cheadaíonn saorghluaiseacht san Aontas gan aon phasanna. D’fhan muid as ar mhaithe leis an gcomhaontú saorthaistil a choinneáil leis an mBreatain – agus deacrachtaí faoin teorainn go mór inár n-aigne againn.

I gcás Breatimeacht gan mhargadh, agus is ar éigean gur féidir é sin a sheachaint anois, cuirfear tús díreach ina dhiaidh le babhta nua idirbheartaíochta chun na socruithe iar-imeachta a phlé.

An gcreideann aon duine go mbeidh lucht gnó na Gearmáine tuisceanach faoi thábhacht an chúlstad dúinne sa gcás sin?

Agus nuair a thosaíonn ballstáit mhuirí ag plé socruithe iascaireachta leis an mBreatain, agus tá sé ráite cheana ag an gCoimisiún go mbeidh cead acu sin a dhéanamh, an gcreideann éinne nach mbeidh chuile bhallstát ar mhaithe lena leas féin?

Ar ndóigh tá faitíos an domhain ar an rialtas faoi rud ar bith a dhéanfadh ‘difriúil’ muid ón gcuid eile den Aontas Eorpach, díreach mar atá faitíos neamhchiallmhar ar an DUP faoi rud ar bith a dhéanfadh na Sé Chontae ‘difriúil’ ón gcuid eile den ‘Ríocht Aontaithe’, ach amháin ar ndóigh, nuair a fheileann sé sin dóibh.

Agus má bhíonn an rialtas sa tír seo ag iarraidh cur i gcoinne seiceálacha custaim idir Éirinn agus an Eoraip, beidh orthu an teorainn chrua a thabhairt isteach iad féin!

Nó, d’fhéadfaidís leas a bhaint as an scéal, dul i mbun idirbheartaíochta iad féin leis an mBreatain maidir leis na socruithe ar an oileán seo agus tús áite a thabhairt d’fhíorleas na tíre seo seachas don dílseacht dhaingean a léiríonn muid don Aontas.

Fág freagra ar 'An gcuirfear Éire ar fad amach as an Aontas Custam?'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    An alt de chuid an DUP é seo?