An gcreideann an pobal Sinn Féin, nó an athrú ar mhaithe le hathrú atá uathu?

An é go bhfuil muintir na tíre chomh bréan sin den rialtas atá againn gur mhaith leo na polaiteoirí a athrú, fiú mura dtagann aon athrú ar chúrsaí dá bharr? 

An gcreideann an pobal Sinn Féin, nó an athrú ar mhaithe le hathrú atá uathu?

“Tá sé in am don athrú” an sluán a bhí le feiceáil ar fud an RDS ag an deireadh seachtaine, áit a raibh Ard-Fheis Shinn Féin ar siúl.

Bhailigh os cionn 2,000 duine le chéile chun éisteacht le Mary Lou McDonald, agus í ag cur síos ar a fís don tír dá mbeadh Sinn Féin sa rialtas – ó thuaidh nó ó dheas, nó ar an dá thaobh den teorainn.

Agus í ag caint linn agus leis an slua, cuireadh an bhéim ar an athrú – mar a a thuairiscigh Miriam Lord san Irish Times, luadh “an t-athrú” 18 uair le linn a hóráide. Ach céard is brí leis seo? Céard atá i gceist ag Sinn Féin nuair a labhraíonn siad faoin athrú? An gcuirfeadh an pobal fáilte roimh athrú ó bhonn?

Ina hóráid, chuir Mary Lou McDonald béim ar an gcineál athraithe atá uaithi agus óna páirtí. Cuireadh béim ar chúrsaí tithíochta, agus ar an ngéarghá atá le tithíocht nua a sholáthar agus a chur ar fáil. Tuigeann Sinn Féin go maith gur ansin atá an laige is soiléire ag an rialtas – méadú (eile) tagtha ar líon na ndaoine atá ag lorg tithíochta sa Stát, agus é admhaithe ag an Aire Tithíochta nach bhfeabhsóidh an scéal an geimhreadh seo – fiú agus cosc ar dhíshealbhú tionóntaí i bhfeidhm.

Tá an fhadhb á cur ar an méar fhada seachas á leigheas.  Níor tháinig aon athrú ollmhór dá bharr ar thorthaí pobalbhreithe a foilsíodh ag an deireadh seachtaine – dea-scéal do Shinn Féin. Is é Sinn Féin an páirtí is mó tacaíocht sa Stát i gcónaí, agus ráta tacaíochta 34% aige.

Mura dtagann athrú air sin, beidh Sinn Féin ar an bpáirtí is mó sa gcéad Dáil eile, agus gach seans go mbeidh Mary Lou McDonald ar an gcéad Taoiseach eile.

Thugas féin suntas do thoradh amháin, toisc go measaim go dtugann sé léargas éagsúil dúinn ar thuairimí an phobail. Díol spéise nuair a cuireadh ceist ar na daoine sa bpobalbhreith ar chreid siad go mbeadh Sinn Féin in ann athrú suntasach a chur i bhfeidhm i dtaobh cúrsaí tithíochta, go ndúirt 58% nár chreid siad go bhféadfaidís a leithéid a dhéanamh. An bhfuil an pobal chomh héadóchasach sin faoi chúrsaí tithíochta go dteastaíonn athrú de shaghas éigin uathu, fiú má chreideann siad go mbeidh muid fós ag snámh in aghaidh easa? An é go bhfuil muintir na tíre chomh bréan sin den rialtas atá againn gur mhaith leo na polaiteoirí a athrú, fiú mura dtagann aon athrú ar chúrsaí dá bharr?

Tá athrú eile le sonrú i Sinn Féin ar na mallaibh. Athrú inmheánach atá i gceist anseo – agus athrú atá ag teacht ar an bpáirtí de réir a chéile. ‘Tiocfaidh ár Latte’ atá scríofa anois ar chupáin Shinn Féin, seachas ‘Tiocfaidh ár Lá’. Nuair a chríochnaigh Cathy Power, gníomhaí de chuid an pháirtí, a hóráid le frása cáiliúil sin an IRA, níor bhuail Mary Lou bos ar an ardán. Tá smacht maith ag Mary Lou ar íomhá a páirtí, agus caithfear a chur in iúl don phobal go bhfuil Sinn Féin – agus a pholaiteoirí – sách aibí le bheith sa rialtas.

Is dóigh liom go bhfeicfidh muid i bhfad níos mó de sin sna míonna atá amach romhainn. Nuair a dúradh go raibh sé “in am don athrú”, ní ar an tír ná ar an rialtas amháin a bhí siad ag caint.

Fág freagra ar 'An gcreideann an pobal Sinn Féin, nó an athrú ar mhaithe le hathrú atá uathu?'

  • Antóin

    Ó ‘tiocfaidh ár lá” go ‘tiocfaidh ár latte”. Go leor ráite.