An Garda agus an gadaí –  deartháireacha in adharca a chéile in Broken Law

Cuibheasach gan a bheith maíteach atá an chéad fhadscannán ó Paddy Slattery.

An Garda agus an gadaí –  deartháireacha in adharca a chéile in Broken Law

Broken Law
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Paddy Slattery
Cliar: Tristan Heanue, Graham Earley, John Connors, Gemma-Leah Devereux, Ally Ní Chiaráin, Ryan Lincoln

Garda é Dave Connolly (Heanue) atá ag treabhadh leis ina phost. Tá árasán ar cíos aige agus é ag iarraidh pinginí a chnuasach le tabhairt faoi thigh a cheannach. Níl an dul chun cinn á dhéanamh aige ina ghairm ba mhian  leis. Níl a shaol pearsanta thar mholadh beirte ach an oiread.

Lá de na laethanta agus é féin is a chomhghleacaí ar dualgas lena gceamara dualgais. Stopann sé cairt agus labhraíonn sé leis an tiománaí go béasach. Tagann conach ar an mbean agus sa deireadh déanann sí breab a thairiscint. Ar feadh soicind táimid in amhras go nglacfaidh sé léi. Ní dhéanann. É á chur abhaile orainn, más go ciotach féin é, gur fear macánta dúthrachtach é.

  hamhlaidh atá lena dheartháir Joe (Early) agus i dtosach an tsaothair seo címid é á scaoileadh saor ón bpríosún agus ag dul ar an drabhlás lena chomrádaithe gan mhaith, Wallace (Connors) and Pete (Ryan Lincoln). Tráchtaireacht shóisialta de shaghas acu is iad ag cur síos ar easpa deiseanna do dhaoine a bhfuil taifead coiriúil acu. Tuigtear dúinn go leanfaidh an fáinne fí Joe. I ndeireadh na hoíche agus fuil sróine leis tar éis bruíne buaileann an bheirt deartháireacha le chéile in athuair.

Vae linn ansin.

Seo an chéad fhadscannán ón stiúrthóir/scríbhneoir Paddy Slattery agus bhí sé ar taispeáint ag Féile Scannánaíochta na Gaillimhe le déanaí. Déanann sé léiriú ar na heachtraí a bhaineann don bheirt seo thar thréimhse cúpla lá. Cuirtear an lasair sa bharrach nuair a dhéantar Dave a shú isteach i ndomhan coiriúlachta a dhearthár. Le casadh a chur sa scéal tá uisce fé thalamh maidir le hathair na beirte; Garda a maraíodh is é i mbun oibre agus atá sa Táin, dá réir.

Tá cúpla radharc deas idir an bheirt. Is léir go bhfuil teannas eatarthu ach go bhfuil gean acu ar a chéile ag an am céanna. Iad ag argóint faoi cheol Damien Dempsey agus ag dul siar bóithrín na smaointe. Ní haon drochdhuine é Joe agus ní haon iontas go bhfuil Dave ag iarraidh a bheith dílis dó.  Tá sé ag iarraidh cloí lena phrionsabail ag an am céanna, áfach.

Le casadh eile arís a chur sa scéal déantar an t-oibrí bainc Amia (Devereux) a tharraingt isteach i gcúraimí na beirte agus cuirtear gaol rómánsúil sa tsiúl idir í agus Dave. Tugann an triúr acu taispeántais ábalta cé nach dtugann an scríbhinn ná an scéal a ndúshlán. Sé carachtar Connors an bithiúnach agus tá teacht i láthair brúidiúil, bagrach, agus greannmhar ar uairibh, aige.

Eachtraíocht, teannas agus roinnt foréigin. Comhtharlúintí gan dealramh, radharcanna liobarnacha, cúpla casadh beag gan choinne agus críoch shásúil.

Cuibheasach gan a bheith maíteach atá an saothar seo ina iomláine.

 

Fág freagra ar 'An Garda agus an gadaí –  deartháireacha in adharca a chéile in Broken Law'