An Gaeilgeoir ar éirigh lena chapall sa Grand National, ach nár chualathas ar RnaG é….

An scéal a d’éalaigh thairis is mó a mbíonn aiféala ar an iriseoir ina thaobh

An Gaeilgeoir ar éirigh lena chapall sa Grand National, ach nár chualathas ar RnaG é….

Imperial Call agus Rough Quest (ar dheis) agus an Gold Cup in 1996. Pictiúr: Tom Honan/INPHO

Is minic an t-iascaire ag caoineadh an bhric a scaoileadh den duán. Is iad na scéalta a d’éalaigh tharstu is mó a mbíonn aiféala ag iriseoirí ina dtaobh agus i mo chás féin baineann an eachtra le Grand National na bliana 1996 a ritheadh in Aintree agus a bhuaigh capall darbh ainm Rough Quest a bhí faoi thraenáil ag fear a raibh Terry Casey mar ainm air.

Bhí imeachtaí eile spórt ar bun ar an Sathairn 30 Márta 1996 – scóráil Niall Quinn cúl a thuill comhscór do Manchester City a thuill pointe dóibh agus iad ag streachailt in aghaidh an dícháilithe i gcomórtas a raibh an Phríomhroinn baiste air le ceithre bliana agus a raibh Manchester United agus Newcastle gob ar ghob ina bharr. Scóráil Ally McCoist trí chúl do Rangers a raibh tús ocht bpointe acu ar Celtic i bPriomhroinn na hAlban.

Bhí fanacht bliana eile orainn sula raibh an rugbaí gairmiúil baileach fódaithe agus dá bharr ba í an imirt i Sraith na hÉireann na himeachtaí ba thábhachtaí sa spórt sin an lá údaí – an tSionainn agus Garraí Eoghain i gcoimhlint lena chéile ar bharr Roinn 1.

Bhí súil á coinneáil ar na himeachtaí sin ar fad ar an gclár Spórt an tSathairn a bhí Seán Bán Breathnach a chur i láthair as Stiúideo 1 i gCasla agus a raibh cúram a léirithe orm féin.

Ós rud é go bhfuil fíorchion aige ar an dornálaíocht, chaith Seán tamall freisin i dtús an chláir ag plé ócáid mhór dornálaíochta na hoíche sin i mBaile Cliath ina mbeadh Wayne McCullough ag iarraidh greim a choinneáil ar chraobh WBC coileachmheáchan an Domhain.

D’éirigh leis cé go mba ar éigean é. Go deimhin mheas duine de na moltóirí go mba é a chéile comhraic, an Meicsiceach Luis Bueno, a bhí chun cinn nuair a chríochnaigh an troid.

Ach ba é an Martell Grand National ócáid mhór an lae agus níos mó suime ná riamh sa rás i gConamara ós rud é go raibh capall le Micheál Mac Fhlannchadha as an Spidéal ar cheann de na cinn a raibh seans maith á thabhairt dó.

10/1 an praghas a bhí as ‘Life of a Lord’ agus ní raibh ach ceithre chapall eile a raibh corrlach níos ísle ná sin á lua leo ar chláracha na ngeallghlacadóirí.

Ní raibh ar chumas Mhichíl Mhic Fhlannchadha féin dul go Learpholl ach sa gcás go ndéanfadh sé aon ghaisce bhí socrú déanta againn leis glaoch teileafóin a dhéanamh air san óstán a bhí aige i sráidbhaile an Spidéil.

Is ar an mbaile sin freisin a rugadh agus a tógadh an traenálaí Michael Mouse Morris agus tráthúil go leor ba chapall a bhí sé siúd a thraenáil, ‘Three Brownies’, a bhí chun cinn ar feadh na ceithre mhíle ba thúisce – cumas a mharcaigh Paul Carberry ag gríosú an chapaill Éireannaigh ba lú a raibh dóchas as.

Agus leathmhíle fós fanta san iomaíocht thosaigh capall Carberry ag tuirsiú. Choinnigh Charlie Swan ‘Life of a Lord’ ar a bhionda ar feadh staid nó dhó eile ach ba léir go raibh siadsan freisin spíonta.

Ar feadh an ama sin ar fad bhí rogha na coitiantachta, ‘Rough Quest’, folaithe ag a mharcach féin Mick Fitzgerald ar a gcúl siúd. Sna cúpla céad slat deireanacha ba idir iad agus each darbh ainm ‘Encore de Peu’ a bhí an rás. Ag an gcuid sin de dheireadh an chúrsa ar a dtugtar ‘The Elbow’ chuaigh ‘Rough Quest’ chun cinn, dhruid a mharcach isteach i dtreo an ráille é agus d’fhán chun cinn gur thrasnaigh an líne.

An uair sin féin, bhí air féin agus ar an marcach eile cuairt a thabhairt ar sheomra na maor sular fógraíodh an toradh go hoifigiúil.

Rinne ‘Life of a Lord’ go maith críochnú sa seachtú háit ach thiar i gCasla bhí an ghaoth bainte as seolta an léiritheora agus an Fhir Bháin – ceann d’agallaimh mhóra na bliana imithe le sruth.

Ba ag an bpointe sin díreach a scairt an fón sa stiúideo – “glaoch do Mhártan as Dún na nGall” a dúradh.

“An bhfuil a fhios agat go bhfuil togha na Gaeilge ag Terry Casey, traenálaí an chapaill a bhfuil an Grand National díreach buaite aige ?” a deir an té a bhí ar an taobh eile den ghlaoch, fear a mbeadh iontaoibh agat as thar aon duine eile.

“Ar na Dúnaibh a tógadh é, tá teach ósta agus óstán ag beirt dearthár leis ann i gcónaí agus tabharfaidh mé uimhir na beirte duit go bhfeicfidh tú an féidir greim a fháil ar Terry.”

Ní mór a lua ag an bpointe seo go mba ina bhfíorthús a bhí an t-idirlíon agus an teileafón póca sa mbliain 1996 agus ba ghnáthuimhir talún do stábla Terry in Lamboune a fuair mé ón deartháir ar labhair mé leis.

Nuair a ghlaoigh mé ar an áit sin ní raibh aon bharúil acu cén lá as sin go ceann seachtaine a bhfillfeadh sé as Aintree ní áirím cá raibh sé ar ala na huaire.

Nuair a fuair mé uimhir don ráschúrsa, gáire a rinneadh fúm agus is maith a thuigfeá sin. “Bheadh seans níos éasca agat labhairt leis an mBanríon,” an freagra a fuair mé.

Bhí an scéal ina bheatha arís lá arna mhárach agus sheansáil mé an stábla arís. An uair seo bhí an Cathasach, an capall, an marcach agus gach a raibh sa stábla, cé is moite den bhean a d’fhreagair an fón, thíos i dteach tábhairne in Lambourne a bhfuil an ‘George’ air agus an entourage ar fad tar éis a dhul ar pharáid timpeall an bhaile rásaíochta is mó le rá sa mBreatain.

Uimhir eile agus bhí mo mhéaracha caite ag glaoch ar ‘Tigh Sheoirse’ agus gan aon duine ag freagairt.

Nuair a labhair mé leis an stábla arís níos deireanaí sa tseachtain bhíodar imithe ar thuras den chineál céanna chuig Dorking, Surrey áit a raibh cónaí ar an úinéir Andrew Wates.

An rud a théann i bhfad, téann sé i bhfuaire agus b’in mar a bhí le mo scéal.

Sna Dúnaibh ceart go leor a rugadh Terry Casey agus ba Ghaeilgeoir líofa é. Bhí tóir thar cuimse aige ar na capaill agus ní raibh sé ach 15 bliain d’aois nuair a chuaigh sé mar phrintíseach marcaigh go Currach Chill Dara. D’oibrigh sé freisin d’athair an mharcaigh Richard Dunwoody, d’Archie Watson agus do na traenálaithe Eric Burrows agus Frank Gilman i Sasana. Nuair a d’éirigh sé as an marcaíocht d’oibrigh sé mar chúntóir do Paddy Mullins – athair Willie.

Chuaigh sé i mbun traenála é féin ar an gCurrach i 1983 agus ina dhiaidh sin thug sé Sasana air féin. Ar na rásaí móra a bhuaigh a chuid capall bhí an National Hunt Chase in Cheltenham, (áit ar chríochnaigh ‘Rough Quest’ sa dara háit sa gCorn Óir), an Racing Post Chase in Kempton agus an Whitbred Trophy in Aintree.

Ní mba é an t-achar sin a bhí idir an bua a thuill clú agus cáil do Terry Casey ar an 30 Aibreán 1996 agus teacht an teileafóin phóca. B’in a thug an deis dom scaitheamh ina dhiaidh sin a dhul chun cainte leis. Faraor b’in an tseachtain chéanna ar tosaíodh ag cur cóir leighis air don ailse a d’fhág gur bhásaigh sé in 2001.

Gheall sé dom nuair a thiocfadh Grand National na bliana sin go mbeadh níos mó fuinnimh ann agus go ndéanfadh sé dreas comhrá le RnaG agus fáilte.

Nuair a tháinig an t-am chuala mé go mba chun donais a bhí sé gaibhte, trócaire air, agus d’fhág mé ar a shuaimhneas é.

Fág freagra ar 'An Gaeilgeoir ar éirigh lena chapall sa Grand National, ach nár chualathas ar RnaG é….'