An Fhrainc céim chun cinn ar na fathaigh eile atá cloíte ag Maracó

Tá trí cinn de na deich bhfoireann is fearr ar domhan sáraithe ag Maracó chun na babhtaí leathcheannais a bhaint amach ach seaimpíní an domhain atá rompu anocht

An Fhrainc céim chun cinn ar na fathaigh eile atá cloíte ag Maracó


7.00in

Tá gaisce stairiúil déanta ag imreoirí Mharacó cheana féin sa Chatar agus iad ar an gcéad fhoireann riamh ón Afraic a bhain na babhtaí leathcheannais amach ag Corn an Domhain. Beidh siad ag súil le gaisce iontach eile a dhéanamh inniu –seaimpíní an domhain in 2018 a chloí chun áit a fháil sa chluiche ceannais.

Bhí foireann Walid Regragui iontach go dtí seo sa chomórtas agus trí cinn de na deich bhfoireann is fearr ar domhan, de réir rangú FIFA, cloíte acu – An Bheilg (an dara háit), an Spáinn (an seachtú háit) agus an Phortaingéil (an naoú háit).

Cé go bhfuil imreoirí maithe acu i measc na dtosaithe, fear Chelsea, Hakim Ziyech go háirithe, is í an obair chosanta ag Maracó is cúis leis an dul chun cinn atá déanta ag an bhfoireann.

Níl ach cúl amháin géillte acu go dtí seo – cúl tuathail in aghaidh Cheanada – agus is ar éigean gur chruthaigh an Spáinn nó an Phortaingéil aon deiseanna maithe sna cluichí a d’imir siad in aghaidh Mharacó sna babhtaí díbeartha.

Beidh an cluiche is deacra fós ag cosantóirí Mharacó anocht, áfach, agus tá cúpla cúis leis sin.

Ar an gcéad dul síos, tá tosaithe na Fraince céim nó dhó chun cinn ar thosaithe na bhfoirne eile a d’imir i gcoinne Mharacó go dtí seo. Ní dhearna Kylian Mbappé mórán in aghaidh Shasana Dé Sathairn seo caite ach níl aon amhras ann faoina chumas agus ní bhíonn uaidh ach leathsheans chun deis a chruthú. Ar an gcliathán eile, tá Ousmane Dembelé ag imirt níos fearr don Fhrainc ná mar a d’imir sé dóibh riamh go dtí seo agus léirigh Antoine Griezmann agus Olivier Giroud a gcumas leis an gcúl cinniúnach siúd in aghaidh Shasana – pas iontach ó Griezmann agus críoch shnasta ó Giroud, cé gur bhuail an liathróid Harry Maguire ar a bealach isteach.

Fadhb eile atá ag Maracó anocht ná na gortuithe atá ag cur as d’imreoirí áirithe. Ní bheidh teacht acu anocht ar Walid Cheddira, a cuireadh den pháirc in aghaidh na Portaingéile. Ionadaí a bhí ansin, áfach, agus is mó de chailliúint iad an triúr cosantóirí – Nayef Aguerd, Noussair Mazraoui agus Romain Saiss. Níor imir Aguerd ná Mazraoui ar chor ar bith in aghaidh na Portaingéile agus bhí ar Saiss an pháirc a fhágáil sa chluiche sin.

Lena gceart a thabhairt dóibh siúd a tháinig isteach in áit an triúir, is beag deis a chruthaigh an Phortaingéil ach is cinnte go mbeadh Regragui, a rugadh sa Fhrainc mar a tharlaíonn sé, níos sásta dá mbeadh an triúr ar fáil. Is é Saiss captaen na foirne agus bhí sé ar dhuine de na cosantóirí is fearr sa chomórtas go dtí seo.

D’fhéadfadh go mbeadh a chuid deacrachtaí féin ag Didier Deschamps. Fógraíodh nár thraenáil Aurélien Tchouaméni ná Dayot Upamecano leis na himreoirí eile Dé Luain ach, mar sin féin, meastar go mbeidh siad tagtha chucu féin do chluiche na hoíche anocht.

Tá cúl amháin géillte i chuile chluiche go dtí seo ag an bhFrainc agus dá n-éireodh le Maracó dul chun cinn, bheadh sé deacair ag na Francaigh teacht ar ais. Tá foireann seo Les Bleus sách láidir chun sin a dhéanamh, áfach, agus sách láidir le deireadh a chur le haistear iontach Mharacó.

Fág freagra ar 'An Fhrainc céim chun cinn ar na fathaigh eile atá cloíte ag Maracó'