‘An fhírinne léanmhar’ – os cionn 850 cás nua den Covid-19 fógartha in Éirinn

Os cionn 850 cás nua den choróinvíreas a dheimhnigh na húdaráis sláinte inniu, 429 cás ó dheas den teorainn agus 424 cás ó thuaidh di

‘An fhírinne léanmhar’ – os cionn 850 cás nua den Covid-19 fógartha in Éirinn

Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Dúirt Aire Sláinte an Tuaiscirt Robin Swann go léiríonn figiúirí Covid-19 an lae inniu “an fhírinne léanmhar” agus gur mó imní atá anois air faoi scaipeadh an ghalair ná a bhí ag aon am ó ceapadh é.

Os cionn 850 cás nua den choróinvíreas a deimhníodh in Éirinn inniu, 429 cás ó dheas den teorainn agus 424 cás ó thuaidh di.

Bhásaigh duine amháin eile de bharr an víris ó thuaidh den teorainn agus deimhníodh 424 cás nua den Covid-19, an líon is mó cásanna in aon lá amháin go dtí seo.

“Táimid ag crosbhóthar,” a dúirt Swann. “Mura n-athraímid béasa agus dearcadh, beidh níos mó daoine á gcur in ospidéil ná mar a bhí i dtús na paindéime.”

Dúirt sé nach raibh “bealach ar bith” nach gcaithfeadh feidhmeannas Stormont srianta nua a thabhairt isteach.

Dhéanfaí cinneadh amárach an dtabharfaí na srianta nua sin isteach ar fud an Tuaiscirt nó i gceantair áirithe, a dúirt Swann.

1,950 cás nua den ghalar a fógraíodh ó thuaidh le seachtain anuas.

Bhain 60 den 429 cás ó dheas le Corcaigh agus bhain 31 cás le Dún na nGall. 28 cás a bhí i nGaillimh agus bhí naoi gcás i gcontae na Mí.

189 den 429 cás a bhain le Baile Átha Cliath.

Dúirt an Dr Philip Nolan ó NPHET tráthnóna go raibh “an-chontúirt” ag baint le cás Bhaile Átha Cliath i gcónaí agus go raibh ardú ag teacht ar líon na gcásanna ar fud an stáit.

Dúirt Nolan gur lú an dóchas a bhí aige faoi chúrsaí ná mar a bhí an tseachtain seo caite.

De réir na bhfigiúirí is déanaí 130 duine a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 20 acusan sna haonaid dianchúraim.

Bhain 73% de na cásanna sna haonaid dianchúraim an mhí seo agus an mhí seo caite le daoine faoi bhun 65 bliain d’aois agus bhí 57% de na daoine a cuireadh san ospidéal faoi 65. Ceathrar a cuireadh in ICU le lá anuas.

12,500 tástáil don ghalar atá á ndéanamh ar an meán in aghaidh an lae faoi láthair agus bíonn an galar ar 2.8% de na daoine a ndéantar tástáil orthu.
Meastar gur idir 1.2 agus 1.4 atá ráta atáirgthe an ghalair faoi láthair.

Maidir le cásanna eile an lae inniu, 18 cás a bhí i gCill Dara, 15 cás a bhí i gCill Mhantáin, 15 cás eile a bhí i gcontae an Chláir, 12 cás a bhí i Luimneach, ocht gcás a bhí i gcontae Lú, seacht gcás a bhí i gcontae an Cabháin, seacht gcás a bhí i Longfort, sé chás a bhí i Laois, cúig chás a bhí in Uíbh Fhailí agus cúig chás a bhí san Iarmhí. Bhain an 14 cás eile le hocht gcontae éagsúil.

47,848 cás den Covid-19 atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 36,155 cás ó dheas den teorainn agus 11,693 cás ó thuaidh di.

2,383 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,804 duine ó dheas agus 579 ó thuaidh.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Dr Ronan Glynn, inniu go gcaithfeadh “feabhas suntasach teacht ar chúrsaí” i mBaile Átha Cliath sula bhféadfaí aon srianta a mhaolú ann. Rinne sé a chuid cainte os comhair Choiste Speisialta Covid-19 an Oireachtais.

Dúirt an Dr Glynn nach mbeadh tionchar na srianta a cuireadh i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath le feiceáil go dtí inné, inniu agus amárach. Ní scaoilfí na srianta mura mbeadh “feabhas suntasach” ar chúrsaí sna laethanta beaga seo romhainn.

Dúirt an Dr Glynn go raibh an chuma air go bhfuil scaipeadh an ghalair maolaithe de bheagán i mBaile Átha Cliath ach gurb é líon na gcásanna sna trí nó ceithre lá seo chugainn a bheadh cinniúnach.

An 18 Meán Fómhair a cuireadh Baile Átha Cliath go dtí Leibhéal a 3 agus srianta breise i bhfeidhm ar feadh trí seachtaine go dtí an 9 Deireadh Fómhair, seachtain ón Aoine bheag seo.

Cuireadh ceist ar an Dr Glynn an bhféadfaí srianta breise a chur i bhfeidhm i gcathair gan an contae a chur faoi na srianta céanna, ach dúirt Glynn go raibh fadhb aige leis sin mar phlean.

“Tá go leor sonraí againn anois a thagann le barúil a bhí againn le fada, is é sin nach le muintir a sráidbhaile, a mbaile mór ná fiú a gcathair féin a bhíonn a saol sóisialta ná a gcuid caidreamh ag daoine.

“Ní iontu a bhíonn siad ina gcónaí, ag obair, ag spraoi ná ag imirt. Bíonn daoine ag bogadh thart ina gcontae féin go rialta. Ar ndóigh chomh fada agus a bhaineann sé le Corcaigh nó aon chontae eile, breathnóimid ar na sonraí faoi leith i ngach cás agus feicfimid ansin an gá tabhairt faoi chur chuige níos caolchúisí.”

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee inniu go ndúirt Coimisinéir an Gharda Síochána léi nach bhfuil aon acmhainní breise ag teastáil ó na Gardaí chun srianta Covid-19 a chur i bhfeidhm.

Bhí daoine go leor ag éileamh gur chóir an t-arm a thabhairt amach le cuidiú leis an Gardaí de bharr na sluaite daoine óga a bhí ag pléaráca i gcathair na Gaillimhe oíche Dé Luain. Dúirt an tAire nach bhféadfadh an t-arm tada a dhéanamh seachas ‘daoine a scanrú’ mar nach bhfuil aon údarás acusan na srianta a chur i bhfeidhm.

 

Fág freagra ar '‘An fhírinne léanmhar’ – os cionn 850 cás nua den Covid-19 fógartha in Éirinn'