An féidir le scéal an tíoránaigh léargas a thabhairt ar scéal an íobartaigh? Tá iarracht déanta ag Scorsese…

Saothar snasta é Killers of the Flower Moon ach an dtugann sé a cheart do scéal truamhéalach an Osage?

An féidir le scéal an tíoránaigh léargas a thabhairt ar scéal an íobartaigh? Tá iarracht déanta ag Scorsese…

Killers of the Flower Moon
Stiúrthóir: Martin Scorsese
Cliar: Leonardo DiCaprio, Lily Gladstone, Jesse Plemons, Robert De Niro, Brendan Fraser

I dtosach na bhfichidí bhí an treibh Osaka in Oklahoma Mheiriceá ar an dream ba shaibhre in aghaidh an duine ar domhan. Dhein siad a saibhreas nuair a fuarthas ola ar a gcuid tailte agus ag tosach an tsaothair seo taispeántar iad gléasta go péacógach, cairteacha is tithe breátha acu agus daoine geala ag tindeáil orthu. Ní fada go gcuirtear ciníochas, doicheall, saint agus cúbláil an duine ghil abhaile orainn.

“Caomhnóirí” geala ag an-chuid de mhuintir Osage mar go bhfuilid “neamhinniúil” ar aire a thabhairt dá gcúraimí féin. I rith an ama tá piocadh leanúnach á dhéanamh ar phócaí na mbundúchasach. Is ansin a  thosnaítear ag cur daoine de bhunadh Osage de dhroim seoil ar shlite aite, mistéireacha. Ní dhéanann na húdaráis, ó dhochtúirí go lucht dlí, aon iniúchadh le dealramh, fiú ar bhásanna a bhfuil cuma shoiléir an dúnmharaithe orthu.

“The Reign of Terror” a bhaist an Osage ar an tréimhse agus ar deireadh thiar b’éigean don FBI, a bhí ag teacht in inmhe ag an am, tabhairt faoin gcúram.

Úsáideann an saothar seo, atá bunaithe ar an leabhar mór-ráchairte den teideal céanna le David Grann, an caidreamh idir Mollie Kyle (Gladstone) agus Ernest Burkhart (DiCaprio) mar mhodh le hiniúchadh a dhéanamh ar an tréimhse bhrúidiúil cheilte seo. Phós an t-iarshaighdiúir an bhean Osage i 1917 agus cuireann an saothar seo abhaile orthu go raibh grá mór acu dá chéile. Is nia é Ernest leis an rainseoir deisbhéalach, sleamhain William K. Hale (De Niro). Is í saint Hale a sheolann Ernest ar bhóthar a aimhleasa.

Mar is dual don draoi Scorsese cuireann sé saothar snasta, cuidsúlach, dea-dhéanta os ár gcomhair. Tá scóip agus uaillmhian ag baint leis mar scannán agus cuirtear saol na tréimshe ina steillbheatha os ár gcomhair.

An rud is mó a  bhaineann barrthuisle as an saothar, dar liom, ná go bhfuiltear ag iarraidh scéal na héagóra a insint ó thaobh an duine a dhein an éagóir.

Sé Ernest ceann feadhna an scannáin agus tá DiCaprio le feiscint i ngach radharc agus é timpeallaithe ag carachtair bhána eile. Ní nach ionadh mar sin go dtaibhsítear dom go ndéantar iarracht leanúnach bá a chothú don charachtar. Fágann sin go bhfuil muintir Osage in áit na leathphingine in insint a scéil thragóidigh féin. Ba cheart a léamh, a dtaithí agus a dtuiscintí siúd a bheith i lár an aonaigh. D’fhéadfaí a mhaíomh nár chabhraigh sé nach raibh guth láidir ag bundúchasaigh sa mheitheal léirithe, ach sin scéal eile.

Is aisteoir iontach é DiCaprio a bhfuil taispeántais bhreátha tugtha uaidh aige i gcaitheamh na mblianta agus tugann sé faoin ról seo le flosc ach cuireann sé carachtar os ár gcomhair gur deacair léamh air; é sleamhain ach amaideach, grámhar ach cruálach. Nílim soiléir riamh faoi cad is cúis le gníomhartha cruálacha, amaideacha Ernest.

Sí Mollie/Gladstone croí an scannáin agus tá sí ar fheabhas ar fad. Is mór an trua nach bhfuil níos mó béim uirthi siúd, a muintir agus a treibh. Déantar iarrachtaí fánacha léargas a thabhairt ar chultúr na treibhe ach níl ann ach sin. Ní dóigh liom gur féidir le scéal an tíoránaigh léargas a thabhairt ar scéal an íobartaigh.

Fág freagra ar 'An féidir le scéal an tíoránaigh léargas a thabhairt ar scéal an íobartaigh? Tá iarracht déanta ag Scorsese…'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Bhí de phribhléidi againne beirt an scannán seo a fheiceáil i bPort Ruigh le gairid 7 thaithin sé go mór linn – scéal uafásach gan dabht ar bith. Ach an féidir an cheist a chur: an mbeadh siad in ann é a dhèanamh níos giorra? :-)