An féidir duine a aimsiú a chuirfidh an Trumpachas i bhfeidhm, seachas Donald Trump?

Má roghnaíonn an páirtí Poblachtánach i Stáit Aontaithe Mheiriceá an duine ceart níor chóir go mbeadh aon deacracht acu an ceann is fearr a fháil ar Biden

An féidir duine a aimsiú a chuirfidh an Trumpachas i bhfeidhm, seachas Donald Trump?

Chonaic muid Joe Biden á chur féin i láthair mar iarrthóir toghchánaíochta le linn a chuairte  anseo an tseachtain seo caite. Ar an taobh eile de chúrsaí polaitíochta na Stát Aontaithe tá dlús á chur leis na hiarrachtaí iarrthóir a roghnú don pháirtí Poblachtánach. Faoi láthair is é Ron DeSantis, gobharnóir Florida a bhíodh mar  rogha na coitiantachta. An tsuáilce is mó atá ag DeSantis go bhfuil go leor cosúlachtaí idir é féin agus an t-iaruachtarán Trump – sin an duáilce is mó atá aige freisin agus é ag iarraidh an ceann is fearr a fháil sa gcoimhlint.

Cén chaoi a gcuireann tú iarrthóir chun cinn a mbeidh polasaithe Donald Trump aige gan Donald Trump féin a bheith mar iarrthóir? Sin an dúshlán atá roimh an bpáirtí Poblachtánach sna míonna seo romhainn. Má roghnaíonn siad an duine ceart níor chóir go mbeadh aon deacracht acu an ceann is fearr a fháil ar Biden – i ndeireadh an lae níl ach thart ar 30% ag iarraidh go dtoghfaí eisean in athuair agus ní féidir a shéanadh go bhfuil sé ag dul in aois.

Níl sé fógartha fós ag DeSantis go bhfuil sé ar thóir ainmniúchán na bPoblachtánach cé go nglactar leis go mbeidh. Tá sé faoi ionsaí ag feachtas Trump cheana féin agus fógraí á gcraoladh ag fonóid faoi. Is léir go gcítear do Trump gur bagairt é gobharnóir Florida dá chuid iarrachtaí an dara téarma sa Teach Bán a bhaint amach. Saghas cogadh bréige a bhíonn sna míonna roimh thús oifigiúil phróiseas réamhthoghchánaíochta na bpáirtithe in aon toghchán sna Stáit Aontaithe. Bíonn an tráchtaireacht bunaithe ar phobalbhreitheanna, ar bhailiú airgid agus ar an méid a bhíonn á chur i láthair ag na feachtais seachas ar aon phlé ná anailís ar na hiarrthóirí.

Nuair a cúisíodh Donald Trump níos túisce an mhí seo tháinig borradh faoina chuid tacaíochta i measc an phobail agus i measc bhaill den pháirtí Phoblachtánaigh. Tá súil go mbeidh toradh sna seachtainí agus sna míonna seo romhainn ar chuid de na fiosrúcháin eile atá ar bun faoi thoghchán 2020 agus círéibeacha an 6 Eanáir 2021. Ag brath ar an toradh a bheidh ar na fiosrúcháin sin d’fhéadfadh borradh eile teacht faoi thacaíocht Trump.

An cheist mar sin atá le freagairt ag ceannairí an Pháirtí Phoblachtánaigh. An féidir duine a aimsiú a chuirfidh an Trumpachas i bhfeidhm? Gan Donald Trump féin a bheith i gceist? An é DeSantis an té sin? Nó an bhfuil rogha eile ann?

Fág freagra ar 'An féidir duine a aimsiú a chuirfidh an Trumpachas i bhfeidhm, seachas Donald Trump?'